Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Medtronic le 85 post nua a chruthú i nGaillimh

20 BEALTAINE 2026, 16:54

X Facebook

Tá an comhlacht déantúsaíochta feistí leighis Medtronic le 85 post nua a chruthú in ionad an chomhlachta sa Pháirc Mhór i gcathair na Gaillimhe.

Is i mol nua forbartha bogearraí a chruthófar na poist nua.

Tá sé i gceist bogearraí a fhorbairt lena nascadh le feistí croí le dúil cúram iarobráide othar a fheabhsú.

Ach rath a bheith ar an togra beidh fáil aon am den lá ag dochtúirí ar mhionfhaisnéis faoin mbiseach nó faoin meath atá ag teacht ar a gcuid othar agus beidh siad in ann gníomhú dá réir ar an bpointe más gá.

"Cúram leanúnach nasctha" atáthar a thabhairt ar a bhfuil á shamhlú.

Tá Medtronic ag earcú daoine le haghaidh an togra cheana féin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ