Tá an tAire Gnóthaí Eachtracha Helen McEntee ag éileamh ar Iosrael gníomhaithe ar son na Palaistíne as an tír seo a scaoileadh saor.
Thóg fórsaí míleata na céadta gníomhaithe as tíortha éagsúla, dháréag as Éirinn ina measc, in uiscí idirnáisúnta in oirthear na Meánmhara inné agus arú inné.
Bhí na gníomhaithe ar bháid a chuimsigh loingeas cabhrach daonnúla a bhí ar a bealach go Gaza.
Tá an Dr Margaret Connolly, deirfiúr leis an Uacharán Catherine Connolly, ar dhuine den dream atá faoi choinneáil ag na hIosraelaigh.
I bhfíseán atá á chraobhscaoileadh ar na meáin shóisialta, tá roinnt de na gníomhaithe le feiceáil bailithe le chéile ar ché, ar a nglúine, agus a lámha ceangailte taobh thiar díobh.
Tá an t-aire i rialtas Iosrael Itamar Ben-Gvir le feiceáil ag siúl ina measc, ag fógairt orthu agus á rá gur cheart iad a choinnneáil i bpríosún go ceann i bhfad.
Is cosúil gur i gcalafort Aisdeod atá na gníomhaithe faoi choinneáil.
I ráiteas, dúirt Helen McEntee gur chuir an físeán alltacht agus uafás uirthi agus dúirt nach rabhthas ag caitheamh leis na géibheannaigh le dínit ná le meas mar ba chóir.
Cháin príomh-aire Iosrael Benjamin Netanyahu iompar Ben-Gvir agus thug le fios gur ordaigh sé na gníomhaithe a dhíbirt as Iosrael.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


