Tá saoránaigh de chuid na hÉireann atá faoi choinneáil go mídhleathach ag Iosrael le díbirt as an tír sin inniu, dar le dlíodóir atá ag obair ar a son.
Thóg fórsaí míleata Iosrael na céadta gníomhaithe as tíortha éagsúla, cúig dhuine dhéag as Éirinn ina measc, in uiscí idirnáisúnta in oirthear na Meánmhara i dtús na seachtaine.
Tá an Dr Margaret Connolly, deirfiúr leis an Uacharán Catherine Connolly, ar dhuine den dream atá faoi choinneáil ag na hIosraelaigh.
Bhí na gníomhaithe ar leathchéad bád, loingeas cabhrach daonnúla, a bhí ar a mbealach go Gaza.
Dúirt an dlídóir Suhad Bishara, atá lonnaithe in Iosrael, go raibh na gníomhaithe á dtabhairt go hAerfort Ramon i ndeisceart Iosrael ar maidin inniu agus á gcur ar eitleáin chun na Tuirce.
Thug sí cuairt ar chuid de na géibheannaigh i gcalafort Aisdeod inné agus thug sí le fios go raibh cuid acu i bpian, an-phian, tar éis do lucht a gcoinneála foréigean a imirt orthu.
Foréigean eagraithe a bhí ann agus tugadh triúr ar a laghad chun an ospidéil dá bharr, dar léi.
Thug Suhad Bishara le fios chomh maith go ndúirt na géibheannaigh léi gur náiríodh iad agus go ndearnadh ciapadh gnéasach ar chuid acu.
Tá rialtas Iosrael cáinte go láidir Rialtas na hÉireann faoi na gníomhaithe a thógáil go mídhleathach ar an gcéad dul síos agus faoi dhrochíde a thabhairt dóibh freisin.
Dúirt Tánaiste Simon Harris inniu go raibh iompar na nIosraelach "déistineach" agus "táir" agus nach bhféadfaí é a ligean leo.
Ní leor cáineadh, ní mór gníomhú, arsa sé, ar tagairt é sin, is cosúil, don chaint ar chodanna den chomhaontú trádála idir an tAontas Eorpach agus Iosrael a chur ar fionraí.
I bhfíseán a postáladh ar na meáin shóisialta, tá roinnt de na gníomhaithe le feiceáil bailithe le chéile ar an gcé in Aisdeod, iad ar a nglúine agus a lámha ceangailte laistiar díobh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


