Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Scéal thar a bheith coscrach bás fir i bpríosún Phort Laoise'

21 BEALTAINE 2026, 09:10

Príosún Lár na Tíre i bPort Laoise
X Facebook

Is scéal thar a bheith coscrach é na cúinsí a bhain le bás fir i bPríosún Lár na Tíre i bPort Laoise cúig bliana ó shin agus ar foilsíodh tuarascáil faoi inné, a dúirt urlabhraí ó Iontaobhas na hÉireann um Athchóiriú an Chórais Choiriúil.

Bhain frithghníomhú ailléirgeach don fhear 59 bliain d'aois nuair a chaith sé cógas antaibheathach ach ní rabhthas in ann teacht i gcabhair air mar nach rabhthas in ann teacht ar eochair dhoras a chillín, a deirtear sa tuarascáil ó Oifig an Chigire Príosún.

Bhí altra taobh amuigh i gcaitheamh an ama ag breathnú ar an bhfear trí fhuinneog an dorais agus ag labhairt leis.

Ní raibh an fear é féin in ann labhairt ar ais, áfach, ó bhí a scornach ata mar gheall ar an bhfrithghníomhú ailléirgeach.

Mar sin féin, scríobh sé nóta ag míniú a cháis agus chuir sé leis an bhfuinneog é.

Tháinig oifigigh príosúin ar eochair an dorais ceathrú uaire ina dhiaidh sin ach bhí an fear gan mheabhair gan arann faoin am sin.

Cuireadh cóireáil leighis air ar an mball ach fuair sé bás go gairid ina dhiaidh sin.

Deirtear sa tuarascáil gur mór an náire an scéal agus moltar athruithe móra a chur i bhfeidhm lena chinntiú nach dtarlódh a leithéid d'uafás arís.

Thug Seirbhís Phríosúin na hÉireann le fios go raibh na rialacha maidir le heochracha i bPríosún Lár na Tíre nuashonraithe acu agus go mbreathnóidís ar na rialacha i bpríosúin eile i bhfianaise na tuarascála.

Is ar an 2 Lúnasa 2021 a bhásaigh an fear agus dúirt an tIontaobhas um Athchóiriú an Chórais Choiriúil nár mhór a choinneáil i gcuimhne go raibh a theaghlach ag fanacht cúig bliana le freagraí a fháil ó na húdaráis faoinar bhain dó go baileach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ