Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Sos comhraic i bhfeidhm in Oleshky san Úcráin

31 DEIREADH FÓMHAR 2026, 11:54

Oleshky faoi shíochán más go sealadach é
X Facebook

Tá na céadta á n-aslonnú ó thráthnóna as baile Oleshky san Úcráin.

Tá sos comhraic i bhfeidhm ansin go Domhnach, ar an mbaile seo i réigiún Kherson lámh le habhainn an Dnepro.

Tá an baile faoi cheannas na Rúise ón am geall leis ar thug sí ionradh faoin Úcráin i bhFeabhra 2022.

Den chéad uair le beagnach 5 bliana cuireadh cabhair dhaonnachta, idir bhia agus leigheas ar fáil don bhaile inniu.

Tá comhoibriú ann a gcreidfeá idir an Rúis agus an Úcráin chuige seo.

Suas le 2,000 duine atá fós ag cur fúthu ann, ach tá rogha tugtha dóibh anois, aslonnú agus a n-aghaidh a thabhairt chun na Rúise nó chun na hÚcráine, sin nó fanacht ann.

Is í bean chéile an Uachtaráin Trump, Melanie a rinne a cion féin leis an sos comhraic seo a chinntiú, agus tháinig brú freisin ón bPápa Leo XIV.

Faraor, seachas sos comhraic Oleshky níl aon loiceadh sa chogaíocht; deir na Rúisigh gur chuir siad anuas suas le 1,000 drón ón Úcráin aréir, deir na hÚcránaigh gur lean na Rúisigh le hionsaithe diúracáin agus dróin thar oíche.