Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Bás fir ag Ionad IPAS i gCo.Chiarraí á fhiosrú

31 DEIREADH FÓMHAR 2026, 15:58

Bearaicí Bhaile an Mhuilinn, áit a bhfuil an t-ionad IPAS anois
X Facebook

Tá fiosrúchán coiriúil ar bun ag Gardaí i gContae Chiarraí maidir le bás fir i dTrá Lí go moch ar maidin.

Gortaíodh duine eile san eachtra a tharla ag Ionad Lóistín d'Iarratasóirí Tearmainn (IPAS) timpeall ar a 5 a.m.

Thart ar 5.20 a cuireadh seirbhísí éigeandala ar an eolas maidir le heachtra thromchúiseach ag sean-bheairicí Bhaile an Mhuilinn.

Ó 2024 tá lóistín á chur ar fáil d'iarratasoiri idirnáisiúnta ar thearmann san iarbheairic airm seo, áit ann do suas le 50 fear singil ar fad.

Nuair a shroich gardaí an láthair tháinig siad ar fhear amháin gortaithe go dona.

Creidtear gurbh amhlaidh a sádh é.

Bhásaigh an fear sin go gairid ina dhiaidh sin de bharr a chuid gortaithe.

Thángthas ar an dara fear freisin ag an ionad.

Bhí seisean, fear sna daicheadaí gortaithe freisin, cé nach raibh a chás chomh tromchúiseach leis an gcéad fhear.

Tugadh eisean chuig Ospidéal Ollscoil Chiarrai i dTrá Lí ach deirtear nach bhfuil sé in aon bhaol báis.

Gabhadh fear eile, idir 45-50 bliain ar an láthair.

Tugadh eisean chuig stáisiun gardaí sa chontae, tá sé á cheistiú faoi Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil.

Is feidir é a cheistiú ar feadh 4 huaire fichid.

Tá na gardai cruógach ag lathair an ionsaithe ó mhaidin , scrúdaithe dlíeolaíocha agus teicniúla ar bun acu agus iad ag iarraidh ar fhinnéithe teacht chun cinn freisin.

Tá oifigeach sinsearach ceaptha acu freisin le dul i mbun an fhiosrúcháin.

Tá Paiteolaí an Stáit le scrúdú iarbháis a chur ar an gcorp níos deireanaí.