Tá Ryanair ag breithniú stad a chur le ardú pá agus cur go mór le úsaid intleacht shaorga as seo go ceann bliana le ghabháil i ngleic le 15% de laghdú atá tagtha ar a mbrabach leathbhliana de bharr an ardú mór atá tagtha ar chostas breosla.
Deir an príomhfheidhmeannach Michael O'Leary go gcreideann siad "go leanfaidh an costas ardaithe breosla ar feadh cuid mhaith de 2027" muna mbíonn deireadh go luath leis an gcogadh atá fós ar siúl ag Meiriceá agus Iosrael ar an Iaráin.

Thit brabach Ryanair go €2.15 billiún (£1.79 billiún) san 6 mhí ó Mhárta go Meán an Fhómhair le hais na bliana roimhe sin.
Sin fiú agus a dteacht isteach tar éis ardú 3% go €10.08 billiún (£8.41 billiún), a bhuíochas d'ardú 6% ar líon iomlán a gcuid paisinéirí ó 119 milliún go 125.8 milliún.
Is iad fós an aerlíne is mó san Eoraip ó thaobh líon paisinéirí.

Mar a sheasann cúrsaí tá tuairim is 80% den bhreosla atá Ryanair a dhó ceannaithe roimh ré acu ar phraghas i bhfad níos ísle ná an costas ar an margadh faoi láthair ach beidh an buntáiste sin ag maolú faoi dheireadh na bliana airgeadais, mí an Mhárta.
Ina dhiaidh sin beidh an chuideachta ag íoc €2 bhilliún (£1.7 billiún) sa mbreis in aghaidh na bliana measann siad ar bhreosla ó Mhárta 2027 go Márta 2028.
Deir siad go mbeidh "ardú suntasach" ar phraghas ticéid aerthaistil dá bharr, ach fiú leis an ardú sin measann siad nach leor é leis an gcostas breise a sheasamh.
Deir an bhainistíocht dá bharr go bhfuil siad chun costas eile a ghearradh, ag díriú a deir siad ar chonarthaí a lucht oibre le "pá a reo go sealadach" agus le líon na foirne ar bord eitilte a laghdú.
Tá sé i gceist ag Ryanair freisin "úsáid intleacht shaorga a mhéadú le táirgiúlacht cúltaca riaracháin a mhéadú" agus luaigh Michael O'Leary chomh maith go bhfuil siad i mbun idirbheartaíochta le aerfoirt le costais a ghearradh tuilleadh.


