Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Gan aon aighneacht anois i gcoinne Chuarbhóthar na Gaillimhe

02 SAMHAIN 2026, 13:03

Tá €1 billiún de mhaoiniú luaite le Cuarbhóthar na Gaillimhe a thógáil
X Facebook

Níl aon aighneacht fágtha anois in aghaidh thógáil Chuarbhóthar na Gaillimhe agus an t-aon duine a bhí fós ag cur ina choinne tar éis an aighneacht a bhí déanta aige san Ardchúirt ag ceistiú cuid den bhealach a tharraingt siar.

Fágann sin go bhfuil na haighneachtaí ar fad anois a bhí déanta ag lorg athbhreithniú breithiúnach ar an gcead a bhí tugtha ag an gCoimisiún Pleanála an bóthar a thógáil caite i dtraipisí.

Mí an Aibreáin a cheadaigh an Coimisiún an cuarbhóthar bunaithe ar eolas sa mbreis a bhí éilithe acu ó Chomhairle na Cathrach agus ó Chomhairle an Chontae.

Tá sé beartaithe an bóthar nua a thógáil ó mhótarbhealach an M6 ar chiumhais thoir na cathrach siar trasna na Coiribe taobh thiar de shráidbhaile Bhearna i gConamara.

Deireadh le Aighneachtaí

Bhí athbhreithniú lorgtha ag triúr úinéirí tithe ach tarraingníodh siar iad sin de bharr idirbheartaíochta leis an dá chomhairle áitiúil agus le Bonneagar Iompair Éireann le cúpla seachtain.

Inniu tá sé deimhnithe go bhfuil an dúshlán a bhí á thabhairt ag Shane Foran - a bhíonn i mbun feachtais ar chúrsaí iompar gníomhach - tarraingthe siar chomh maith agus socrú déanta faoin imní a bhí airsan faoin na hiarmhairtí a bheadh ag an togra ar mhionbhóithre in aice leis an bhforbairt nua.

Bhí imní ar Shane Foran faoin gcontúirt a bheadh ann do dhaoine sa bpobal atá ar lagchuidiú nuair a bheadh borradh mór ar an trácht ar bhóthar Áth Cinn, bóthar Bhaile an Mhóinín agus bóthar Leitrí.

Tá sé sásta anois a deir sé go mbeidh "áiseanna siúil agus rothaíochta ar ardchaighdéan" ar na bóithre sin.

Bóthar casta

Tá sé beagnach 20 bliain ó tosaíodh ag iarraidh an 18km de chuarbhóthar timpeall ar chathair na Gailimhe a chur chun cinn ar mhaithe leis an tachtadh tráchta sa gcathair a mhaolú.

Cé gur ceadaíodh an bealach 2022 cuireadh ar neamhní arís é nuair a fritheadh amach nach raibh a mbreithiúnas tugtha ag an gCoimisún Pleanála agus Plean Gnímh Aeráide an Rialtais curtha san áireamh acu.

Chuir an dá chomhairle áitiúil sonraí agus anailís leasaithe faoi bhráid an Choimisiúin agus rialaigh siadsan 6 mhí ó shin go bhféadfaí tabhairt faoin tógáil.

Bonneagar Cinniúnach

Tá €1 billiún de mhaoiniú luaite le Cuarbhóthar na Gaillimhe a thógáil i dtréimhse 3 bliana táthar ag súil.

Tá aicmiú ar leith déanta ag an Rialtas gur "Bonneagar Cinniúnach" é an cuarbhóthar le súil deifir a chur faoi.

Tá sé i gceist píosa 12.5km de mhótarbhealach a chur leis an M6 agus ansin 5.5km de bhóthar aon-bhealaigh a thógáil go dtí agus siar thar Bhearna.

Tá a leithéid ag teastáil go géar ó phobal na cathrach agus ó mhuintir an Iarthair i gcoitinne a deir an dream atá i mbun stocaireachta le fada ar a shon.

Deir daoine atá ina aghaidh go mbeidh méadú mór ar charbón san atmasféar de bharr thógáil agus úsáid leanúnach an bhóthair nua agus tá siad cáinteach nach bhfuil níos mó déanta i nGaillimh leis an gcóras iompar poiblí a fhorbairt.