Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

Dualgais an Aire O'Donovan aistrithe 'go sealadach'

02 SAMHAIN 2026, 15:01

Tá an tAire O'Donovan ag teacht aige féin ó thaom tinnis an mhí seo caite
X Facebook

Tá sé socraithe ag an Taoiseach Micheál Martin agus ag an Tánaiste agus ceannaire ar Fhine Gael Simon Harris go nglacfaidh an tAire Fiontair Peter Burke le cúraimí an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt fad is atá a chomhghleacaí an tAire Patrick O’Donovan ag teacht chuige féin ó tháinig tinneas air an mhí seo caite.

Minister for Enterprise Peter Burke in Strasbourg
An tAire Peter Burke

Le linn na tréimhse sin beidh an tAire O’Donovan fós mar Aire ach gan cúraimí air.

I ráiteas inniu ghabh an tAire O’Donovan buíochas leo siúd ar fad a bhí i dteagmháil leis agus é faoi chóir leighis.

Thug an tacaíocht atá faighte aige féin agus ag a mhuintir "ardú croí" dó a dúirt sé.

Simon Harris and PAtrick O'Donovan

Ghabh sé buíochas ar leith leis an Tánaiste "as an tacaíocht leanúnach" atá tugtha aige dó féin agus dá chuid oibre agus deir sé go bhfuil sé "ag súil le filleadh ar an obair sin go luath."

Ghabh sé buíochas chomh maith leis an Aire Peter Burke as glacadh lena chuid cúraimí ar bhonn sealadach sa Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag ár gComhfhreagraí Polaitíochta Donncha Ó Murchú ar RTÉ a hAon ag 5.40 agus ar TG4 ag a 7

' />