Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Dréacht-shocrú tráchtála bia déanta ag an AE agus an Bhreatain

03 SAMHAIN 2026, 11:11

Spéis ar leith i dTuaisceart Éireann san dréacht-shocrú tráchtála bia atá aontaithe ag an AE agus an Bhreatain
X Facebook

Tá an tAontas Eorpach agus an Bhreatain tar éis a theacht ar dhréacht-shocrú nua faoin tráchtáil i mbia agus earraí eile talmhaíochta.

Má fheidhmítear an socrú nua atá molta tiocfaidh sé in áit na socruithe atá faoi láthair i bhfeidhm de bharr na Breatimeachta, faoina bhfuil earraí á n-onnmhairiú as an mBreatain chun an Aontais Eorpaigh faoi réimeas casta agus costasach seiceáil custaim agus seiceáil tréadliachta.

Bheadh tábhacht ar leith leis i dTuaisceart Éireann mar go maolódh sé tionchar na "teorann mara" ar Muir Éireann atá i bhfeidhm ó d'fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach.

Bheadh tionchar aige go deimhin ar an tráchtáil bia agus talmhaíochta ar oileán na hÉireann ina iomláine atá buailte go mór ag Brexit.

Is í Éirinn an t-allmhaireoir is mó do bhia agus deoch de chuid na Breataine.

Tá an BBC ag tuairisciú go bhfuil dréacht-shocrú déanta ag an gCoimisiún Eorpach le Rialtas na Breataine faoi shocruithe sláintíochta agus fíteashláintíochta a d'fhágfadh go gcuirfeadh an tAE go leataobh na srianta atá i bhfeidhm acu de bharr Brexit ar bhia agus deoch as an mBreatain má ghlacann Rialtas na Breataine le caighdeáin agus rialacháin na Bruiséile ar tháirgeadh bia.

Dhiúltaigh an Rialtas a bhí faoi stiúir Boris Johnson agus an Páirtí Caomhach leis an "gcomhréiteach síorathraitheach" céanna le linn na gcomhráití idir Londain agus an Bhruiséil tar éis na vótála ar son na Breatimeachta.

Táthar ag tuairisciú anois go bhfuil an dréacht-shocrú á phlé ag ionadaithe rialtais de chuid bhallstáit an AE sa mBruiséil inniu sula mbeidh cruinniú amárach ag na hIonadaithe Buana.

Tá cruinniú mullaigh le bheith ag an AE agus an Bhreatain faoi cheann coicíse ag a gceaptar a mbeidh an dreácht-shocrú nua agus nithe eile á síniú le Conradh an Bhrexit a leasú.

Níl Saoirse Gluaiseachta á cheadú an athuair - Burnham

Idir an dá linn tá an PríomhAire Andy Burnham, Páirtí an Lucht Oibre, ag séanadh go bhfuil rún aige Saoirse Gluaiseachta idir an Bhreatain agus an tAE a thabhairt ar ais.

Andy Burnham holds a wine coloured folder outside 10 Downing Street

Ach deir sé go bhfuil "comhrá ionraic" de dhíth faoin gcaoi a bhfuil deireadh tagtha leis "an imirce shealadach" anall as an Eoraip agus "buanú fad-téarmach níos mó daoine" tar éis tarlú de bharr Brexit.