Tá ceardchumainn agus ionadaithe Rialtais ag tabhairt faoi chruinnithe astu féin inniu le comhlacht neamhspleách le súil réiteach a fháil ar an aighneas faoi phá san earnáil phoiblí.
Táthar ag tabhairt faoin bpróiseas tar éis do na ceardchumainn diúltú do thairiscint an Rialtais go n-íocfaí 7.75% d'ardú leis an lucht oibre as seo go ceann dhá bhliain go leith.
Bhí sé i gceist 1.75% de mhéadú a bheith ann i mbliana, le n-íoc ó mhí Iúil seo caite nuair a chuaigh an comhaontú pá is deireanaí i léig.
Bhí sé beartaithe ansin sraith arduithe a íoc i 2027 agus 2028 a chuirfeadh 6% sa mbreis i bpócaí na foirne.
Tuairiscítear gur 11-12% d'ardú atá óna ceardchumainn.
Inniu tá Grúpa Ceaptha ag an Rialtas ag tabhairt faoi idirghabháil leis an dá thaobh, faoi stiúir Chathaoirleach an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre Kevin Foley, Grúpa a cuireadh sa tsiúl ar dtús le creatlach a réiteach a chuideodh le cainteanna an mhí seo caite.
Ó theip ar na cainteanna Dé hAoine tá sé i gceist ag na ceardchumainn a ghabháil amach arís ar stailc seachtain ó Déardaoin, mar a rinne siad lár na míosa seo caite, mar nach bhfuil "tairiscint iontaofa" déanta ag an Rialtas.
Tiocfaidh an stailc 24 uair a chloig an 12ú Samhain - slógadh san ardchathair agus léirsithe beaga go náisiúnta - salach ar chruinniú mór de chinnirí na hEorpa atá le bheith i mBaile Átha Cliath mar chuid d'uachtarántacht na hÉireann ar an AE.

Tá an Tánaiste agus an tAire Airgeadais Simon Harris tar éis a rá go ngoilleann an stailc atá ar na bacáin níos mó air mar gheall ar na hiarmhairtí a bheidh aige ar sheirbhísí don phobal ná an tionchar a bheidh aige ar chúrsaí AE.
Dúirt an Tánaiste gur "mór a mheas" ar an meitheal san earnáil phoiblí agus dúirt sé go nglacann sé leis "go bhfuil brú ollmhór orthusan agus ar oibrithe san earnáil phríobháideach" ach d'ímpigh sé ar chách "an 9 lá faoisimh atá ann" go dtarlóidh an stailc a chaitheamh go fiúntach ag iarraidh a theacht ar réiteach.
Deir Marie Sherlock - Teachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre - go bhfuil an chluas bhodhar tugtha ag an Rialtas don lucht oibre agus d'iarr sí ar an Taoiseach Micheál Martin "cinnireacht a léiriú leis an stailc a sheachaint".
"Náire don náisiún a bheas ann" a deir an TD i mBÁC Láir "má bhíonn ar lucht oibre tabhairt faoi stailc an lá is mó d'uachtarántacht na tíre ar an Eoraip".


