Tá na céadta tar éis freastal ar shochraid Chiara Mageean a cailleadh Dé Domhnaigh gan í ach 34.
Bhí garda onóra di ag imreoirí ón gcumann áitiúil iománaíochta agus peile áit ar thug Ciara ar dtús faoin iomaíocht le foireann camógaíochta Phort an Pheire.

Bhí a gcuid aides-de-camp seolta ann ag an Uachtarán agus ag an Taoiseach agus bhí CéadAire an Tuaiscirt Michelle O'Neill freisin ann.
I measc na mórphearsain ó shaol an spóirt bhí lúthchleasaithe Oilimpeacha de chuid na hÉireann agus Uachtarán CLG Jarlath Burns agus a corp á thabhairt as teach a muintire tráthnóna an cúpla céad slat chomh fada le Séipéal Naomh Pádraig ina baile dúchais Port an Pheire i gCo an Dúin.

Sheas na múrtha taobh amuigh le linn na sochraide, ag ar dhúradh gur "loinnir sa dorchadas" a bhí inti agus gur "scaip sí sonas sa saol".
Bhí Ciara Mageean ag Cluichí Oilimpeacha Rio 2016 agus Tóiceo 2020 agus shaothraigh sí iliomad curiarrachtaí náisiúnta san 800m, an 1500m agus an Míle.
Rith sí ar son Thuaisceart Éireann freisin ag Cluichí an Chomhlathais agus shaothraigh sí bonn airgid i mBirmingham i 2022.

Bhuaigh sí bonn an óir san 1,500m sa Róimh i 2024, an dara duine riamh as Éirinn i ndiaidh Sonia O'Sullivan Craobh na hEorpa a bhaint amach.
An bhliain dár gcionn a thug sí le fios go raibh ailse ag staid a ceathair ina putóg.

An mhí seo caite a phós sí a páirtí fad-téarmach Thomas Moran ag searmanas i gCo Lú.
"Grá a saoil" a thug an tAth Martin Kelly inniu ar a fear céile agus labhair sé freisin faoi mhórtas an pharóiste as a gcailín éachtach.

Thagair an tAth Kelly do chomhrá a bhí aige le Ciara agus í ag saothrú an bháis in Oispís Marie Curie i mBéal Feirste tráth ar fhiafraigh sí dhó cén chaoi le glacadh leis an méid a bhí ag tarlú.
Labhair siad faoi ghrá Tommy di a dúirt sé, faoin ngean a bhí uirthi i ngar is i ngéin, agus gurbh é grásta Dé uirthi an grá ollmhór sin.
"Ní mhúchtar na loinnir is gile, mar maireann a gcroíúlacht iontu siúd atá fágtha".


