Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Dúnmharú bhean as Luimneach á fhiosrú ag an PSNI

03 SAMHAIN 2026, 16:50

Níor facthas Carrie Mullane (Noonan) ón 10ú Deireadh Fómhair
X Facebook

Tá bleachtairí de chuid phóilíní Thuaisceart Éireann anois i mbun fiosrú faoi dhúnmharú a deir siad agus iad tar éis fear a ghabháil faoi Carrie Mullane (Noonan), bean 39 bliain d'aois as Luimneach atá gan tásc gan tuairisc ó facthas go deireadh í in Inis Ceithleann i gCo Fhear Manach an 10ú lá de Deireadh Fómhair.

Deir an Ceannfort i mBleachtairí an PSNI Richard Thornton "nach dual di in aon chor" a bheith chomh fada gan teagmháil a dhéanamh leis an dream is gaire di, daoine atá tré na chéile le imní fúithi a deir sé.

"Is iondúil a deir muintir agus cairde Charrie linn go mbíonn sí i dteagmháil beagnach go laethúil leo agus tá siad an-bhuartha gur tharla rud éigin di tar éis di a theacht go Tuaisceart Éireann" a deir an Bleachtaire Thornton.

Ar bhus a tháinig Carrie Mullane go hInis Ceithleann Dé Sathairn an 10ú Deireadh Fómhair, i gcuideachta fhear a bhfuil aithne aici air, agus as stáisiún na mbusanna ar Bhóthar Wellington chuaigh an bheirt acu i dtacsaí chuig seoladh i bPáirc Trasna.

Ní heol céard a tharla di ó shin.

"Tá sé ráite linn" a deir an Bleachtaire "go mb'fhéidir go ndeachaigh sí go Doire/Londonderry an lá dár gcionn, an 11ú, ach níl aon fhianaise chuige sin aimsithe fós againn".

Chuir na Gardaí scéala ag an PSNI faoi Carrie Mullane a bheith ar iarraidh an 29ú Deireadh Fómhair.

Cuireadh aicmiú "ard-riosca" lena bheith ar iarraidh agus chuaigh na Gardaí agus na póilíní ó Thuaidh i mbun tréan-chuardach.

Bunaithe ar a gcuid fiosruithe creideann an PSNI gur fhulaing sí foréigean agus go mb'fhéidir go bhfuil sí maraithe.

Ar an mbonn sin tá fear 35 bliain d'aois gafa inniu acu a deir siad agus dúnmharú curtha ina leith.

"Tuigeann muid gur tubaisteach an scéala é seo do na daoine atá mór le Carrie" a deir an Bleachtaire Thornton "agus tá beirt oifigeach idirchaidreamh do theaghlaigh seolta ó Dheas go Luimneach againn le cuidiú leo agus le tacú leo sna laethannta crua atá rompu".