Tá ceannas glactha ag na Daonlathaigh ar Thithe na Comhdhála i dtoghcháin lár-téarma an lae inné.
Ciallaíonn seo go mbeidh cumhacht ag an pháirtí Daonlathach reachtaíocht a stopadh, mór-fhiosruithe a thionscnamh maidir le rialtas Donald Trump agus bac a chur ar cheapacháin shinsearacha sa rialtas agus sna cúirteanna.
Léirigh buanna móra na nDaonlathaigh i dTeach na dTeachtaí agus sa Seanad araon an fhearg atá ar an phobal leis an Uachtarán Trump faoin chostas ard maireachtála, faoina chuid taraifí ar thíortha iasachta agus faoina chogadh ar an Iaráin, rud atá ag cur go mór le costas breosla agus le míshástacht an phobail le réimeas Trump.
Is geall le reifreann ar an Uachtarán reatha iad na toghcháin lár-téarma sna Stáit Aontaithe. Le roinnt seachtainí shíl Donald Trump leas a bhaint as a sheasamh nuair a bhí sé i bun stocaireachta ar fud na tíre. Dúirt sé lena lucht tacaíochta ag slógaidh toghcháin "ligigí oraibh féin go bhfuil m'ainm ar a pháipéar vótála."
Ach cé gur nós le Donald Trump torthaí toghcháin a cheistiú nuair a chailleann sé, dúirt sé leis an New York Times go raibh sé "sásta gan aon amhras" glacadh leis na torthaí.
"Ceapaim go ndearna na Daonlaithaigh jab maith, sin í an fhírinne," a dúirt sé le Fox News. "Throid siad go crua."
Ach rinne sé iarracht é féin é féin a dhealú ó droch thoradh a pháirtí féin nuair a dúirt sé nach buille ina aghaidh féin a bhí sa vóta.
D'admhaigh sé nár chabhraigh an cogadh ar an Iaráin lena chailleadh, cé gur chosain sé an feachtas míleata, agus mhol sé gur cheart don dá pháirtí teacht ar aontú ar cheist na hinimirce - ceann de cheisteanna móra a Uachtaránachta.
Rinne na Daonlathaigh dul cun cinn mór san sna ceantair is saibhre agus sna ceantair is boichte - in áiteanna a bhfuil céim ollscoile ag daoine ach freisin in áiteanna nach bhfuil céim ag mórán.
Rinne an páirtí dul chun cinn chomh maith i gceantair láidre Easpáinneacha - ina measc stát Texas a vótáil ar shon Donald Trump i 2024.
Fuair na Daonlathaigh an bua i Stáit a bhí i seilbh na bPoblachtánach le fada - i South Carolina, North Carolina, Iowa, Kansas, Ohio, Texas agus i Maine.
Is í an Daonlathach Deb Haaland an chéad duine de bhundhúchasaigh Mheiriceá a toghadh ariamh ina gobharnóir sna Stáit Aontaithe. Fuair sise an ceann is fearr ar Gregg Hull, Poblachtánach i New Mexico.
I Kansas toghadh an chéad Daonlathach chuig an Seanad ó 1932 nuair a bhuaigh an ministéir Modhach Adam Hamilton an suíochán sa stát coimeádach.
I Texas, ceann de na Stáit is Poblachtánaí i Meiriceá, fuair an t-iarrthóir Daonlathach James Talarico an ceann is fearr ar an "bhfathach" Poblachtánach Ken Paxton i dtogchán an tSeanaid agus fuair an Daonlathach Gina Hinojosa an bua ar Greg Abbott i rás an ghobharnóra sa Stát sin, post a bhí ag Poblachtánaigh le blianta fada. Is í Gina Hinojosa an chéad Easpáinneach a toghadh ina gobharnór sa stát dearg.
Oíche stairiúil a bhí ann ag Moslamaigh chomh maith, nuair a toghadh an chéad duine den chreideamh Mhoslamach i Seanad na Stát Aontaithe i stát Michigan. Fuair an Dr. Abdul El-Sayed an ceann is fearr ar an Phoblachtánach Mike Rogers i bhfeachtas a bhí binbeach. Dhírigh feachtas na bPoblachtánach ar chreideamh an Dr. El-Sayed agus ar a chúlra Arabach.
I Stát Maine, fuair an lománaí crann Troy Jackson an bua ar an Seanadóir fadbhunaithe Poblachtánach Susan Collins.


