Tá cuntas amháin ar a laghad ag 80% dóibh siúd sa tír seo a bhíonn i mbun cearrbhachais agus tá níos mó ná cuntas amháin ag a bhformhór, de réir taighde nua ón Institiúid Taighde Eacnamaíoch agus Sóisialta.
Is é an tÚdarás Rialála Cearrbhachais a choimisiúnaigh an taighde a rinneadh i suirbhé ar líne i measc 1,000 duine a chuir geall uair amháin ar a laghad le bliain anuas.
Léirigh taighde a rinne an Institiúid roimhe seo go bhfuil fadhb chearrbhachais ag duine as gach 30 duine fásta in Éirinn.
Dúirt 44% dóibh siúd a bhí páirteach sa taighde gur chuir siad gill ar líne agus ar an láthair.
Is le geall a chur ar chapaill, ar chluichí spóirt nó le crannchur a imirt a d'oscail formhór na ndaoine cuntas ar líne.
"Tá breis is leath na ndaoine a bhfuil cunas ar líne acu, ag cur gill tríd níos mó ná cuntas amháin, go minic ag an am chéanna ar ardáin éagsúla," a dúirt Anne Marie Caulfield, príomhfheidhmeannach an Údaráis Rialála Cearrbhachais.
Léiríonn an taighde chomh maith go dtéann 4 as 10 duine a osclaíonn cuntas ar líne le geall a chur ar rásaí capall nó imeachtaí spóirt, ar aghaidh chuig cineálacha eile cearrbhachais macasamhail cluichí casino, scríobchártaí agus inneallacha cearrbhachais.
Tugann an taighde seo léargas ar an gcosán a leanann daoine agus a chuireann níos doimhne i gcontúirt iad. Ardaíonn sé ceisteanna faoi thuiscint daoine ar a bhfuil i ndán dóibh nuair a osclaíonn siad cuntas ar líne, a dúirt Pete Lunn, ceannasaí aonad taighde iompair na hInstitiúide.


