Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Tarrtháil na gConnaught Rangers ar Ord Rialta tugtha chun cuimhne

04 SAMHAIN 2026, 18:53

Baill de ord rialta na mBeinidicteach ag an ócáid chuimhneacháin faoi na Connaught Rangers i Mainistir na Coille Móire inniu
X Facebook

Tugadh an ceangal idir Ord Rialta na mBeinidicteach i Mainistir na Coille Móire i gCo na Gaillimhe agus reisimint na gConnaught Rangers chun cuimhne inniu le taispeántas faoi na saighdiúirí a throid sa reisimint.

Tháinig reisimintí coisithe as Éirinn i gcabhair ar mhná rialta ord na mBeinidicteach i gcathair Ypres sa Bheilg nuair a bhí siad ag iarraidh éalú ó léirscrios na cogaíochta le linn an Chéad Chogaidh Domhanda i 1914 tráth ar ionsaíodh Mainistir an oird sa chathair sin.

Deir Barbara Lee ó Iontaobhas na Coille Móire go ndearna na mná rialta a mbealach go hÉirinn agus tar éis blianta i Loch Garman gur tháinig siad chomh fada le Mainistir na Coille Móire i gCo na Gaillimhe i 1920.

Barbara Lee Kylemore Trust
Rinne Barbara Lee ó Iontaobhas na Coille Móire cur síos ar thuras na mban rialta as Ypres na Beilge le cabhair na gConnaught Rangers i 1914

Stair na gConnaught Rangers

Reisimint de chuid Arm na Breataine a ba iad na Connaught Rangers a bhí lonnaithe i mbeairicí na Rinne Móire i nGaillimh ó 1793. Ba as iarthar na hÉireann formhór shaighdiúirí na reisiminte agus bhí cáil i bhfad is i ngar orthu mar gur throid siad i mbeagnach gach mórchogadh de chuid Impireacht na Breataine.

I dtaispeantas nua atá curtha le chéile ag Cumann na gConnaught Rangers, déantar cur síos ar an bpáirt a bhí ag an reisimint sna cogaí éagsúla – ina measc Cogadh Chrimé i 1854, Éirí Amach na hIndia i 1857, Cogadh na mBórach i 1899 agus an Chéad Chogadh Domhanda i 1914.

Deir Cathaoirleach Chumann na gConnaught Rangers, PJ Maloney gur throid na Rangers in aghaidh na Fraince i gCogadh na Leithinse in 1808 chomh maith.

PJ Maloney Connaught Rangers Association
PJ Maloney, Cathaoirleach Chumann na gConnaught Rangers

Deir sé nuair a bhí an reisimint ar dualgas san India gur chuala siad faoin uafás sa mbaile leis na Dúchrónaigh le linn Chogadh na Saoirse agus gur dhiúltaigh siad dhul i mbun dualgais.

Rinne na saighdiúirí ceannairc in aghaidh airm na Breataine i gcathair Jalandhar sa India de bharr iompar na nDúchrónach agus cuireadh ceann feadhna an ghrúpa ceannairceach James Daly chun báis i 1920 da bharr.

Beidh pictiúrí agus eolas atá bailithe ag Cumann na gConnaught Rangers faoin stair a bhaineann leis an reisimint áirithe seo ar taispeántas anois ag Mainistir na Coille Móire i gCo na Gaillimhe go ceannn trí seachtainí.

Beidh tuilleadh faoin scéal seo ar Nuacht TG4 ar a 7 a chlog.