Cuireadh pleananna do stailc san earnáil phoiblí amárach ar fionraí tar éis do cheardchumainn teacht ar chomhaontú pá nua leis an Rialtas.
Tháinig deireadh leis na cainteanna ag an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC) thart ar 3.30 r.n.
Tá sé séanta ag an Aire Caiteachais Phoiblí, Jack Chambers, gur ghéill an Rialtas do na ceardchumainn maidir le comhaontú pá nua san earnáil phoiblí chun stailc náisiúnta eile a sheachaint – stailc a bheadh ar amárach nuair a bheadh breis agus 50 ceannaire stáit bailithe le chéile in Éirinn.
Cuireadh pleananna do stailc san earnáil phoiblí ar ceal tar éis do cheardchumainn teacht ar chomhaontú pá nua leis an Rialtas.
Nuair a fiafraíodh den Aire an raibh an Rialtas tar éis géilleadh do na ceardchumainn, dúirt sé go raibh an comhaontú "inbhuanaithe agus inacmhainne"
"Is comhaontú cothrom, cóir agus inchreidte é seo do sheirbhísigh phoiblí ar fud na tíre; tugtar tús áite ann go háirithe dóibh siúd ar pá íseal, chun cabhrú leo leis an gcostas maireachtála," a dúirt an Jack Chambers.
"Táim ag tnúth leis an gcomhaontú seo a fheiceáil á chur faoi bhráid chomhaltaí na gceardchumann ar fud na tíre sna seachtainí amach romhainn do vóta" a dúirt sé.
Déanfaidh na ceardchumainn machnamh anois ar mholadh dá gcomhaltaí, roimh vóta na ball ar an gcomhaontú.
Dúirt Kevin Callinan, Cathaoirleach Choiste na Seirbhísí Poiblí de chuid ICTU agus Ard-Rúnaí Fórsa, nach raibh sé ag súil le bua mór sa bhallóid.
Ag labhairt dó le tuairisceoirí lasmuigh den Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC), dúirt an tUasal Callinan nach raibh sé éasca teach tar chomhshocrú.
"Tá dul chun cinn déanta againn, ach táimid i dtréimhse éiginnteachta. Ceann de na gnéithe tábhachtacha den chomhaontú ná go bhfuil clásal athbhreithnithe ann, i gcás go dtiocfadh ardú tobann ar an mboilsciú arís.
"Próiseas an-deacair a bhí anseo. Ceapaim go mbeidh gá le níos mó ná tairiscint pá amháin chun an muinín atá ag státseirbhísigh sa Rialtas a athbhunú," a dúirt sé.
Faoin bplean beidh ardú pá de 10.75% thar thréimhse dhá bhliain agus naoi mí. Mairfidh an comhaontú go dtí mí an Mhárta 2029.


