Tá bata agus bóthar tugtha ag Manchester United do bhainisteoir na foirne, Michael Carrick.
Tuairiscíodh go forleathan le tamall anois go raibh Manchester United chun deireadh a chur le conradh Carrick agus an tús is measa ón mbliain 1986 curtha ag Man U leis an séasúr imeartha faoi stiúir Carrick, rud a d'fhág na Red Devils sa zón dícháilithe.
Tá sé tuartha go forleathan gur Mauricio Pochetinno na hAirgintíne atá i gceannas ar fhoireann náisiúnta sacair na Stát Aontaithe faoi láthair a thiocfaidh i gcomharbacht ar Carrick anois.
Bronnadh conradh dhá bhliain ar Mhichael Carrick i Mí na Bealtaine, ach níl ach cluiche amháin as 10 gcluiche príomhroinne buaite ag Manchester United faoi stiúir Carrick ó shin.
Dá bharr, tá cinneadh oifigiúil déanta ag an gclub anois, slán a fhágáil ag Michael Carrick atá 45 bliain d'aois.


