Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

Ceannairí i mBÁC don ócáid taidhleoireachta is mó riamh sa tír

12 SAMHAIN 2026, 18:48

Ceannairí i mBÁC don ócáid taidhleoireachta is mó riamh sa tír
X Facebook

Bhailigh 50 ceannaire stáit agus rialtais le chéile i mBaile Átha Cliath inniu don ócáid taidhleoireachta is mó riamh i stair an stáit.

Tháinig na ceannairí le chéile in Ionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath don 9ú gcruinniú mullaigh de Chomhphobal Polaitiúil na hEorpa.

Martin opens EPC meeting

Chuir An Taoiseach fáilte roimh na gceannairí ar maidin agus iad ag teacht chomh fada leis an Ionad Comhdhála i lár na cathrach.

ursula von der leyen and micheal martin at the epc meeting in dublin

I measc na gCeannairí a bhí i láthair, bhí Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky.

micheal Martin (R) welcomes President of Ukraine Volodymyr Zelensky

Ar maidin, dúirt An Taoiseach gur am corrach agus tréimhse an-deacair atá ann faoi láthair don Eoraip agus don domhan mór.

Thug sé le fios go bhfuiltear ag féachaint ar pháirtnéireacht a chruthú leis an Úcráin i dtaca le dróin.

Taoiseach Micheál Martin welcomes President of Ukraine Volodymyr Zelensky

Dúirt sé gur córas a bheadh ann chun tacú leis an Úcráin agus go bhfreastalódh an socrú ar riachtanais na hÉireann maidir leis an dteicneolaíocht úr seo atá ag teacht chun cinn.

Mhaígh An Taoiseach go bhfanfaidh Éire neodrach ó thaobh cúrsaí míleata de sna blianta atá le teacht.

Taoiseach Micheal Martin speaking to the media

Dúirt an Taoiseach gur mhaith leis Eoraip sábháilte, saor ó chogadh a fheiceáil agus go bhfuil súil aige go gcabhróidh an teacht le chéile i bpríomhchathair na tíre, chun caidrimh a neartú.

Ina aitheasc tosaigh, dúirt An Taoiseach go bhféadfadh an tAontas Eorpach teacht ar chomhaontú chun níos mó ná duine amháin a roghnú a labhródh ar son na hEorpa, le linn aon chainteanna síochána a bheadh ann leis an Rúis.

Dúirt Uachtarán na hÚcráine go bhfuil gá a chinntiú go mbeidh an Eoraip páirteach ar bhonn rialta sa idirbheartaíocht chun deireadh a chur le cogadh na Rúise san Úcráin.

Volodymyr Zelensky during the European Political Community summit in dublin

D'iarr Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron go leagfar amach fís shoiléir agus aontaithe maidir cad atá ag teastáil maidir leis an gcogadh san Úcráin.

Taoiseach Micheal Martin (R) greets France's President Emmanuel Macron upon their arrival at the ninth meeting of the European Political Community (EPC), in Dublin on November 12, 2026 (Photo by Paul Faith / AFP)

Bhí feachtas slándála ollmhór ar bun sa phríomhchathair mar gheall ar an gcruinniú mullaigh, an feachtas slándála agus sábháilteachta is mó riamh agus 5,000 Garda ar dualgas san ardchathair.

Members of the Garda Armed Support Unit outside the National Gallery in Dublin

Tráthnóna, bhí daoine i mbun agóidíochta ar son na Palaistíne, i lár chathair Bhaile Átha Cliath.

Palestine protest group, Grafton Street

Ghabh na Gardaí beirt ag agóid a bhí ar bun ar shráid Westmoreland.

Chuir na Gardaí stop leis an lucht agóidíochta dul níos faide.

Idir an dá linn, tá toscairí na Stát Aontaithe, Steve Witkoff agus Jared Kushner le bualadh le hUachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenky i mBaile Átha Cliath, níos déanaí anocht.

In this pool photograph Vladimir Putin meets with US envoys -Jared Kushner and Steve Witkoff

Tá na toscairí ag eitilt ó Mhoscó go Baile Átha Cliath, áit a raibh cainteanna acu le hUachtarán na Rúise, Vladimir Putin maidir le deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin.

Dúirt Jared Kushner go raibh cruinniú suntasach acu le hUachtarán na Rúise.

' />