Tá duine amháin ar a laghad tar éis bháis in eachtra lámhaigh i Washington DC.
Tuairiscítear gur lámhachadh ceathrar eile san eachtra chomh maith.
Tharla an eachtra lámhaigh timpeall ar a hocht a chlog ar maidin ag ionad aclaíochta i gcroílár Washington, tuairim is dhá chiliméadar ón Teach Bán.
Tuigtear go ndeachaigh fear agus gunna ina sheilbh aige isteach in ionad aclaíochta i gceantar Logan Circle agus thosaigh sé ag scaoileadh piléir.
Tuigtear go bhfuil drochbhail ar dhuine de na daoine a gortaíodh.
Tá sé deimhnithe ag na póilíní anois go bhfuil an té a thug faoin ionsaí marbh.


