Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Cead pleanála diúltaithe do fheirm ghaoithe i nDún na nGall

12 SAMHAIN 2026, 17:31

Cead pleanála diúltaithe do fheirm ghaoithe i nDún na nGall agus imní faoi shábháilteacht iolar sa cheantar
X Facebook

Ta fáilte curtha ag Cumann Cosanta na Grafadh, i gContae Dhún na nGall, roimh chinneadh atá déanta ag an gCoimisiún Pleanála, cead a dhiúltú d'fheirm ghaoithe ocht dtuirbín sa cheantar sin.

I measc na gcúiseanna a thug an Coimisiún, dúradh go ndéanfadh an fhorbairt damáiste do ghnáthóga an iolair fíréan agus an iolair mara.

A white-tailed eagle catches a fish

I ndiaidh diúltú ó Chomhairle Contae Dhún na nGall i 2021, sheas An Coimisiún Pleanála leis an gcinneadh i 2023.

Ach i ndiaidh don Ardchúirt an t-iarratas a chur ar ais faoina bhráid, seo an dara diúltú ón gCoimisiún.

Bhí an comhlacht Cuilfeach Teoranta ag iarraidh feirm ghaoithe 8 dtuirbín agus gréasán leictreachais faoi thalamh a thógáil ar An Ghrafaidh sna Cruacha Gorma.

I 2021 dhiúltaigh Comhairle Contae Dhún na nGall don fhorbairt agus sheas An Bord Pleanála leis an gcinneadh sin i 2023.

D'iarr an comhlacht tuairim na hArdchúirte agus chuir siadsan an scéal ar ais go dtí an Bord.

Inniu dhiúltaigh an Coimisiún Pleanala don iarratas, de bhrí a dúirt siad, go gcuirfeadh an fhorbairt isteach go mór ar cheantar ardscéimhe.

Dúirt siad go raibh neadacha ag an iolar mara agus ag an iolar fíréan sa cheantar agus go raibh an baol ann go mbuailfeadh an t-iolar mara isteach sna tuirbíní agus go gcaillfeadh an t-iolar fíréan a cuid gnáthógaí.

A white-tailed eagle catches a fish

Ní fios go fóill an ndéanfaidh an comhlacht iarratas eile.