Tá na Gardaí ag fiosrú bás fir a dtángthas ar a chorp gcathair Bhaile Átha Cliath ar maidin.
Fuarthas an corp thart ar 10.30 in aice le Leacht Wellington i bPáirc an Fhionnuisce.
Tá an láthair caomhnaithe.
Tá fios curtha ar Phaiteolaí an Stáit chomh fada leis an láthair.
Creideann na Gardaí go mb'fhéidir go raibh an fear gan dídean agus go raibh sé ag codladh amuigh faoin aer.
Tá marcanna áirithe ar an gcorp a d'fhéadfadh a thabhairt le fios go dtáinig an té a maraíodh faoi ionsaí agus gur fhulaing sé gortaithe de bharr scine.
Tá fiosrúcháin ag leanacht ar aghaidh.
Tá Gardaí ag cuardach an cheantair timpeall ar Leacht Wellington.


