Tá Eleanor Donaldson, bean chéile iar-cheannaire an DUP, Jeffrey Donaldson curtha ar chlár na gciontóirí gnéis.
Rialaíodh i gCúirt Chorónach an Iúir ar maidin go bhfanfadh a hainm ar an taifead ansin ar feadh 5 bliana.
Gearradh ordú maoirseachta agus cóireála trí bliana ar Eleanor Donaldson freisin faoin reachtaíocht sláinte meabhrach.
I mí an Mheithimh, ciontaíodh Jeffrey Donaldson as cailín scoile a éigniú agus sraith cionta gnéis eile ina coinne féin agus i gcoinne chailín eile.
Rialaigh an chúirt cheana go raibh Eleanor Donaldson, atá 60 bliain d'aois, rannpháirteach freisin i dtaca leis na cionta sin.
'Triail ar na fíricí' atá i gceist i gcás Eleanor Donaldson, ní gá di gnáth-thriail a sheasamh de bharr imní faoina sláinte mheabhrach.
Ionadaíocht dhlíthiúil a sheas di sa chúirt inniu mar nach raibh sí féin i láthair.
Ag deireadh an cháis áfach míníodh cinneadh na cúirte di ar nasc físe.
Faoin ordú maoirseachta agus cóireála, beidh sí faoi mhaoirseacht oibrí sóisialta atá ag obair le Foireann Sláinte Meabhrach Pobail Craigavon.
De réir théarmaí an ordaithe, caithfidh sí freastal ar choinní agus glacadh le cóir léighis.
Tá Eleanor Donaldson le hachomharc a dhéanamh i gcoinne bhreithiúnais an ghiúiré.
I mí an Mheithimh, chinn giúiré i gCúirt Chorónach an Iúir go raibh Jeffrey Donaldson ciontach as 18 cion bainteach le hionsaithe gnéis, lena n-áirítear cúis amháin éignithe.
Tharla na cionta idir 1985 agus 2008.
Gearradh pianbhreith 15 bliana sa phríosún air an mhí seo caite as na coireanna sin.
Tá Jeffrey Donaldson i mbun achomharc freisin.


