Tá an tAire Gnóthaí Eachtracha ag cur i leith an Fhreasúra go bhfuil saighdiúirí na hÉireann atá ar duagas sa Liobáin á gcur i gcontúirt ag an "mbréag" a deir sí go mbeadh fórsaí na tíre seo ag cur airm de chuid Hezbullah ó mhaith dá mbeadh baint acu le misean de chuid an AE.
Ar a bealach isteach ag cruinniú de chuid Airí an AE sa mBruiséal a dúirt an tAire Helen McEntee gur "ráitis bhréagacha, agus ráitis chontúirteacha, atá déanta ag an bhFreasúra a thugann le fios go mbeadh Fórsaí Cosanta na hÉireann ag obair le Fórsaí Armtha na Liobáine nó go deimhin le Fórsaí Cosanta Iosrael.
"Tá sé sin go hiomlán míchruinn agus bréagach agus is eol dom ó bheith ag labhairt leis na Fórsaí Cosanta go bhféadfadh a leithéid ár gcuid saighdiúirí sa Liobáin a chur i gcontúirt".
Dúirt an tAire McEntee go mbaineann misean an AE sa Liobáin - a haontaíodh an mhí seo caite - le "oiliúint agus tacaíocht a chur ar fáil d'Fhórsaí na Liobáine go mbeidh siad in ann feidhmiú go héifeachtach sa Liobáin ina iomláine".
Baineann an "tacaíocht" a dúirt an tAire le "cibear-chúrsaí agus le cúrsaí go leor eile. Níl aon bhaint ag an misean le airm Hezbullah a chur ó mhaith. Baineann sé le oiliúint agus tacaíocht a chur ar fáil mar atá curtha ar fáil againn do mhórchuid fórsaí póilíneachta go domhanda".
Dúirt an tAire "nach bhfuil an Glas Triarach i gceist leis an misean seo faoi Chomhbheartas Cosanta an AE".
Dá mbeadh sé i gceist a ghabháil thar sin a dúirt sí "bheadh ar an Rialtas é sin a dhearbhú".
Ag trácht ar an reachtaíocht atá idir lámha aici faoi láthair dúirt an tAire go bhfuil sé beartaithe "an Glas Triarach a leasú le go mbeidh muid in ann leanacht orainn i mbun misean ar son na síochána, ní hé amháin sa Liobáin, ach in áiteacha eile ar fud na cruinne".
Brú á chur ar an AE slite fóirithinte go Gaza a oscailt
Thug an tAire McEntee le fios freisin go bhfuil sí le moladh d'Airí eile an AE brú a chur ar Iosrael slite fóirithinte go Gaza a oscailt.
Dúirt sí gur "de dhéantús an duine" í an ghéarchéim faoi láthair agus go bhfuil na céadta míle puball agus soláthairtí eile - maoinithe ag ballstáit an AE - fágtha dímhaoin mar gheall a dúirt sí "ar an idirdhealú gan chúis atá ag Iosrael faoi ábhar dé-úsaide".
Dúirt an tAire McEntee freisin gur "forghabháil" atá ar bun ag Arm Iosrael i ndeisceart na Liobáine tar éis di a bheith ar cuairt le mí anuas ar Champa na Seamróige - bunáit Arm na hÉireann thall ann - agus dúirt sí chomh maith go bhfágfadh an cinneadh atá déanta ag na Náisiúin Aontaithe tarraingt amach as an réigiún an pobal idirnáisiúnta dall feasta ar an méid atá ar siúl ann ag Arm Iosrael.


