Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Príosún saoil gearrtha ar Riad Bouchaker faoi ionsaí ar ghasúir

16 SAMHAIN 2026, 12:06

Riad Bouchaker sa gCúirt
X Facebook

Tá príosún saoil gearrtha ar fhear as iarracht a dhéanamh triúr gasúr a dhúnmharú in ionsaí le scian 3 bliana ó shin ar Chearnóg Parnell i mBaile Átha Cliath.

Ghearr an Breitheamh Tony Hunt an pionós air as beirt pháiste agus déagóir agus oibrí cúram leanaí a shá san ionsaí an 23ú mí na Samhna 2023.

Tarraingníodh círéib an oíche chéanna san ardchathair de bharr an ionsaithe.

Dúirt an Breitheamh Hunt nár facthas a leithéid riamh cheana - ionsaí tobann, fíochmhar, leanúnach le uirlis mharfach ar ghasúir agus ar chúramóir - agus go raibh sé de dhualgas air pionós dá réir a ghearradh.

Picture of ambulances at a scene
Láthair an ionsaithe mí na Samhna 2023

Tá fianaise cloiste roimh seo sa gcás faoin gcailín beag 5 bhliana d'aois is measa a gortaíodh san ionsaí, atá fágtha le máchail tomhchúiseach dá hinchinn a bheidh uirthi go deo mar gheall gur sháigh Riad Bouchaker ina croí í.

52 atá Riad Bouchaker. As an Ailgéir ó dhúchas é ach tá sé ina chónaí sa tír seo le 25 bliain agus tá saorántacht de chuid na hÉireann aige.

Tugadh fianaise sa gcúirt go raibh litir faighte aige ag diúltú íocaíocht leasa shóisialaigh dó agus gurbh é sin a spreag é le scian cistine 36cm a thabhairt leis agus a ghabháil go Cearnóg Parnell áit ar lorg sé treoireacha a thabharfadh chuig an scoil áitiúil é.

D'fhan sé go raibh grúpa de 13 gasúr idir 5 agus 6 bliana d'aois ina seasamh i scuaine os comhair na scoile, ag fanacht le tabhairt faoi thréimhse iarscoile.

Bhí an t-oibrí cúram leanaí Leanne Flynn ag tabhairt aire dóibh agus í ag cuidiú le buachaillín a sheaicéad a dhúnadh nuair a chonaic sí Riad Bouchaker ag déanamh ar na gasúir agus "ag sá dhuine de na cailíní beaga go fiánta".

Thug na Gardaí fianaise go raibh sé beartaithe ag Riad Bouchaker gasúir a mharú an lá siúd, agus go bhféadfadh duine ar bith, nó níos mó ná duine amháin, den trí dhuine dhéag a bhí sa líne os comhair na scoile a bheith maraithe aige.

Níor mhair an t-ionsaí ach 15 soicind sular éirigh le daoine a bhí in aice láimhe fear na scine a cheansú, ach bhí iarmhairtí tubaisteacha aige.

Sa gcroí a sáthadh an páiste ba mhó a bhí thíos leis agus d'fhulaing sí an gortú inchinne ceal ocsaigine.

Choinnigh lucht otharchairr agus meitheal dóiteáin agus dochtúirí ó ospidéal in aice láimhe ina beatha í ach beidh cúram 24 uair a chloig sa ló uaithi an chuid eile dá saol.

Chuir Leanne Flynn í féin idir fear na scine agus na gasúir agus sáthadh sa taobh í agus í ag iomrascáil leis.

Sáthadh freisin í sna scamhóga agus sa mbolg agus b'éigean an liathán a bhaint aisti lena beatha a shábháil.

Chaith sí mí san ospidéal agus deir dochtúirí go mbeidh tionchar fad-téarmach ag an ionsaí ar a sláinte.

Ina theannta sin sáthadh cailín beag eile 6 bliana d'aois sa gcloigeann agus sáthadh buachaill beag sa muineál, iarracht a dúirt na Gardaí a scórnach a ghearradh.