Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Atriail roimh Lindsay Clancy faoina clann a mharú

16 SAMHAIN 2026, 16:32

Lindsay Clancy ar a triail faoi dhúnmharú a cuid gasúir
X Facebook

Tá Lindsay Clancy le cur ar a triail an athuair i Meiriceá mí an Mhárta seo chugainn faoi mharú a cuid gasúir.

Tá breitheamh sna Stáit Aontaithe tar éis rialú go dtosóidh an atriail an 29ú Márta tar éis don ghiúiré sa gcéad triail teipeadh a theacht ar bhreithiúnas ar na cúisimh gur dhúnmharaigh sí an triúr leanbh ina teach cónaithe i 2023, cás a spreag díospóireacht faoi chliseadh meabhairshláinte i mná tar éis ghasúr a thabhairt ar an saol.

D'fhógair an Breitheamh William Sullivan i Plymouth i Massachusetts mí-thriail an 4ú mí Mheán an Fhómhair, tar éis do dhuine amháin den dáréag an giúiré a choinneáil ó theacht ar bhreithiúnas d'aon ghuth.

Bhí argóint déanta ag dlíodóir Lindsay Clancy go raibh sí ina cíor thuafail intinne nuair a mharaigh sí a clann de bharr síocóis iar-bhreithe.

Níor ghlac an Breitheamh Sullivan le iarratas an dlíodóra an cás a chaitheamh i dtraipisí ar fad ar an mbonn gur sárú ar a cearta faoin mbunreacht a bheadh in atriail.

Tá 3 chúis faoi dhúnmharú curtha i leith Lindsay Clancy (36) faoi bhás a hiníne Cora a bhí 5, a mic Dawson a bhí 3 agus a mic Callan a bhí 8 mí d'aois.

Dá gciontófaí ar na cúisimh sin í bheadh príosún saoil, gan pharúl, roimpi.

Glacadh leis ag an triail gur thacht sí na gasúir le bandaí aclaíochta an 24ú mí Eanáir 2023 in íoslann an tí i mbruachbhaile Duxbury i mBoston.

Ina dhiaidh, ghearr sí í féin le scian agus chaith sí amach as fuinneog thuas-staighre í féin in iarracht lámh a chur ina bás féin.

Dá bharr tá sí fágtha gan lúth na gcos.

Rinne a dlíodóir argóint gur cheart breithiúnas a thabhairt ina haghaidh go raibh sí neamhchiontach ar bhonn gealtachta, breithiúnas ar a dtugtar 'easpa freagracht choiriúil' i Massachusetts.

Tá cuid de na daoine a bhí ar an ngiúiré tar éis labhairt ar an teilifís ó shin go raibh siad ar fad, cé is moite de dhuine amháin acu, ar aon intinn faoi bhreithiúnas a thabhairt go raibh an bhean neamhchiontach ar bhonn gealtachta.

Dá nglacfaí leis an mbreithiúnas sin bheadh Lindsay Clancy le cur faoi choinneáil in ospidéal síciatrach, ag brath ar athbhreithniú rialta cúirte.