Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Rabhadh doininne fógartha do 8 gcontae

16 SAMHAIN 2026, 18:26

Báisteach throm agus gála gaoithe geallta
X Facebook

Tá 3 rabhadh éagsúla buí - idir fholáireamh báistí agus fholáireamh gaoithe - fógartha in 8 gcontae ag Oifig na hAimsire.

I nIarthar, i nDeisceart agus in Iarthuaisceart na tíre atá an doineann geallta.

Tá báisteach throm agus gála gaoithe aniar-aneas geallta i gCorcaigh, i gCiarraí agus i bPort Láirge.

Mairfidh an fainic go meánoíche agus tá Met Éireann ag cur comhairle ar thiománaithe a bheith san airdeall agus baol fuarlaigh ann.

Tá foláireamh eile buí i bhfeidhm i gCo an Chláir, Co na Gaillimhe, Co Mhaigh Eo agus i Sligeach.

Mairfidh an chontúirt, ar na bóithre go háirid, go dtí an 4 a chlog maidin amárach.

I nDún na nGall atá an tríú rabhadh gaoithe agus báistí agus sneachta fógartha agus mairfidh sé sin go dtí an 6 ar maidin.

"Baol dúbailte" a deir an meitéareolaí Mark Bowe a bhainfidh leis an drochaimsir.

"Idir an bháisteach throm agus an ghaoithe an-láidir leagfar riar maith crainnte agus beidh smionagar eile freisin dá bharr, chomh maith leis na fuarlaigh".

Níl mórán cuma ach an oiread ar an aimsir atá geallta as seo go deireadh na seachtaine a deir fear na haimsire.

"Ní chorróidh an lagbhrú go ceann píosa, mar sin múraíl ghránna atá romhainn as seo go Déardaoin ar aon nós".