Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Meánphraghas tithe ag €400,000 - CSO

18 SAMHAIN 2026, 17:37

Tá costas ceannach tí anois trí huaire níos airde lasmuigh de Bhaile Átha Cliath ná mar a bhí in 2013
X Facebook

Tá meánphraghas tithe go náisiúnta anois ag €400,000 de réir na Príomh-Oifige Staidrimh (CSO).

Tá praghsanna sealúchais ag ardú go seasta ó thús na bliana 2013, nuair a bhí siad ag an bpointe is ísle tar éis na géarchéime airgeadais.

Tá costas ceannach tí anois trí huaire níos airde lasmuigh de Bhaile Átha Cliath ná mar a bhí in 2013; sa phríomhchathair tháinig méadú 178% ar phraghsanna ón bpointe is ísle a bhí acu in 2012.

Léiríonn na figiúirí is déanaí, cé go bhfuil costas tí fós ag ardú, go bhfuil an ráta ardaithe ag moilliú i gcónaí i mbliana.

Tháinig méadú 4.7% ar chostas ceannach tí sna 12 mhí go dtí mí Mheán Fómhair na bliana seo, i gcomparáid le méadú 5.1% sa tréimhse 12 mhí go dtí mí Lúnasa.

Bhí méadú 3.9% ar phraghsanna i mBaile Átha Cliath, agus tháinig ardú 5.4% orthu lasmuigh den phríomhchathair.

Ba i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin a bhí an meánphraghas tithe is airde, ag €680,000, agus ba i gContae an Longfoirt a bhí an ceann is ísle, ag €200,000.

Chonaic Dún Laoghaire-Ráth an Dúin an fás praghsanna is airde sa phríomhchathair freisin, ag 6.4%, agus tháinig ardú 1.6% ar phraghsanna i gCathair Bhaile Átha Cliath.

Lasmuigh den phríomhchathair, ba i réigiún na Teorann – ina bhfuil an Cabhán, Dún na nGall, Liatroim, Muineachán agus Sligeach - a tharla an fás is mó.

Dúirt Trevor Grant, cathaoirleach Chumann Comhairleoirí Morgáiste na hÉireann go bhfuil tithe fós róchostasach do go leor daoine.

Thug an tUasal Grant le fios go bhfuil praghsanna tithe in Éirinn ag ardú 14% níos tapúla ná ioncaim - ráta atá dhá uair chomh hard le meán an Aontais Eorpaigh, de réir tuarascála ó Eurostat a foilsíodh níos luaithe an mhí seo.

"Sa deireadh thiar, is é an ganntanas tithe an príomhchúis a spreagann boilsciú i bpraghsanna tithe in Éirinn.

Dá bhrí sin, is féidir le ceannaitheoirí misneach a fháil ó na figiúirí is déanaí maidir le tithe críochnaithe; léiríonn siad go raibh méadú 10.4% ar líon na dtithe nua a tógadh sa tríú ráithe den bhliain seo," a dúirt sé.

Dúirt sé, dá mhéad tithe a thógtar, is ea is fearr a bheidh an scéal do cheannaitheoirí.

"Táimid ag druidim le mí dheireanach na bliana anois, tréimhse a bhíonn ciúin go minic ó thaobh díol tithe de - mar sin, ba cheart do cheannaitheoirí súil a choinneáil ar phraghsanna agus a bheith réidh chun leas a bhaint as aon deiseanna a thiocfaidh chun cinn," a dúirt sé.