Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Plé teasaí ar leibhéil foirne in Ospideál na hOllscoile Chorcaí

18 SAMHAIN 2026, 19:19

Chuir an tAire Sláinte, Jennifer Carroll McNeill, i gcoinne na moltaí nach raibh Ospidéal Ollscoile Chorcaí sábháilte
X Facebook

Sá Dáil inniu chualthas éilimh ar mheasúnú neamhspleách ar leibhéil foirne in Ospidéal Ollscoile Chorcaí (CUH).

Dúirt an Taoiseach, Micheál Martin, áfach, go bhfuil méadú beagnach 50% tagtha ar líon na ndaoine atá ag obair san ospidéal ó bhí 2020 ann.

Chuir an tAire Sláinte, Jennifer Carroll McNeill, i gcoinne na moltaí nach raibh CUH sábháilte.

Thagair sí do mheasúnú eatramhach ón HSE ar shábháilteacht othar, measúnú a léirigh, a dúirt sí, go raibh an scéal i gcoitinne sách dearfach.

"Léirigh an measúnú eatramhach ón HSE ar shábháilteacht othar go raibh an scéal i gcoitinne sách dearfach, in ainneoin go n-aontaímid go léir go bhfuil brúnna suntasacha i gceist."

Mhol ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Ivana Bacik, príomhfheidhmeannach an ospidéil i gCorcaigh, Jennifer Kearney mar gur ardaigh sí cás an oispideáil Mí Lúnasa seo caite.

Dúirt an tUasal Kearney leis an HSE ag an am go gciallódh easnamh de thart ar 1,000 ball foirne nach mbeadh an t-ospidéal sábháilte agus an geimhreadh ag teacht.

Tá imní curtha in iúl ag naoi stiúrthóir cliniciúil in CUH chomh maith.

Chosain Príomhfheidhmeannach an HSE, Anne O'Connor, an chaoi ar láimhseáil sí an chonspóid atá ar siúl faoi láthair, agus í ag freagairt ceisteanna os comhair Chomhchoiste an Oireachtais um Shláinte níos túisce. Mhaigh sí freisin go bhfuil dóthain foirne san institiúid.

Cháin an Príomhfheidhmeannach an chaói go raibh "gnóthaí bainistíochta" á ndéanamh acu trína meaín chumarsáide.

"Níl CUH ina aonaor i measc ospidéal maidir leis na brúnna ollmhóra a bhíonn ar sheirbhísí. Ach tá sé ina aonar a sa mhéid is go bhfuil an chuma ar an scéal go ndéanann siad a gcuid gnóthaí bainistíochta trína meán cumarsáide, agus déanann siad amhlaidh go minic " a dúirt sí leis na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí ina ráiteas tosaigh ar maidin.