Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Lee Reeves adhlactha i Luimneach

20 SAMHAIN 2026, 16:54

Sochraid Lee Reeves i gcathair Luimnigh
X Facebook

'Ba mhór le chuile dhuine é agus mairfidh a chuimhne go brách'.

Sin a dúradh inniu faoin dornálaí Lee Reeves (31) ag Aifreann a shochraide i Luimneach inniu.

Bhailigh slua mór isteach i Séipéal na Maighdine Beannaithe Banríon na Síochána lena gcomhbhrón a chuir in iúl do mhuintir an fhir seo a bhásaigh níos túisce sa tseachtain a bhuíochas do na gortuithe a fuair sé i dtroid san 3Arena, Baile Átha Cliath ar an 1Lúnasa.

Comhalta de chuid na bhFórsaí Cosanta ab ea Lee Reeves agus bhí ceannasaíocht an fhórsa ansin inniu i dteannta lucht spóirt agus ar ndóigh slua ollmhór a tháinig ó chian agus ó chóngar.

Bhí Lee Reeves ina hambasadóir freisin don eagraíocht i Luimneach a dhéanann iarracht an féinmharú a chosc.

Chuaigh Lee Reeves leis an dornálaíocht go gairmiúil i mí na Samhna 2018.

As an 17 troid a bhí aige ó shin, d'éirigh leis 16 díobh a bhuachan.