Leanfaidh an obair tharrthála do shoitheach lasta, a chuaigh i bhfostú ar an gcladach amach ó chósta Chontae Loch Garman níos luaithe an tseachtain seo, ar aghaidh i rith an deireadh seachtaine.
B'éigean an criú de sheisear a bhí ar bord an tsoithigh an 'Fast Jef'(soitheach 88 méadar ar fad), a thógaíl dhi le héileacaptar tar éis don soitheach dul i bhfostú ar an gcladach in aice le Rinn Rónaí ag a dó a chlog ar maidin Dé Máirt.
Dúirt Garda Cósta na hÉireann go bhfuil saineolaithe tarrthála ceaptha anois ag úinéirí an tsoithigh, agus go bhfuil "trealamh tarrthála speisialta " ar an láthair.
Áirítear leis seo dhá bhád tarraingthe agus soithí tacaíochta éagsúla,agus saineolaithe ar bord orthu.
Deirtear go bhfuil iarrachtaí na foirne tarrthála le cúpla lá anuas dírithe ar an mbaol a bhaineann leis an soitheach a laghdú, agus ar a riocht a chaomhnú, fad atá siad ag ullmhú chun iarracht a dhéanamh é a chur ar snámh arís.


