Dúirt an tAire Cosanta Helen McEntee go bhfuil sí muiníneach go n-achtófar an reachtaíocht atá an Rialtas ag moladh ar an nGlas Triarach faoi dheireadh na bliana.
Tá breis is 90 leasú curtha chun cinn i dtaca leis an reachtaíocht seo agus dúirt an tAire go mbreathnóidh sí orthu i rith an deireadh seachtaine.
Tá sé i gceist aici ansin 'an reachtaíocht a phlé le comhghleacaithe sa choicís atá romhainn' a dúirt sí.
'Ní ghlacfaidh mé le haon leasú a chuireann tuilleadh laincisí orainn i dtaca le hóglaigh a chur ar dualgas síochána thar lear' a dúirt sí nuair a ceistíodh í san Uaimh i gContae na Mí.
Faoin nGlas Triarach caithfidh na Náisiúin Aontaithe a mbeannacht a thabhairt d'aon fhórsa síochána ón tír seo atá le cur thar lear má tá dáréag saighdiúirí nó níos mó i gceist.
Dá n-éireodh le plean an Rialtais ní theastódh ach beannacht na Dála agus an Rialtais le sin a dhéanamh.
Bheadh an fórsa sin ar ndóigh fós freagrach do pé rún a thiocfadh ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe.
Tá amhras mór léirithe ag páirtithe an fhreasúra i dtaobh na reachtaíochta seo, ag rá gurb í neodracht na tíre a bheidh thíos leis.
Reachtáileadh agóid mhór faoi seo i mBaile Átha Cliath inniu.


