Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Scanadh MRI faoin gcóras poiblí ceilte ar othair 60+

21 SAMHAIN 2026, 09:47

Meaisín a dhéanann scannadh MRI
X Facebook

Ní bheidh othair os cionn 60 bliain d'aois atá faoin gcóras sláinte poiblí in ann scanadh MRI a fháil níos mó i gcás fadhbanna glúine nó cromáin faoi scéim Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE).

Ciallaíonn sé seo nach mbeidh dochtúirí teaghlaigh in ann othair dá gcuid a chur ar aghaidh feasta don tástáil in ospidéal poiblí.

Faoi láthair déantar suas le 22,000 tástáil in aghaidh na bliana faoin gcóras poiblí.

Deir an HSE go bhfuil ró-chostas ag baint leis agus go bhfuil sé ag brath ró-mhór ar sheirbhísí príobháideacha leis na scrúduithe seo a dhéanamh.

De réir na tuarascála inmheánaí ón HSE atá feicthe ag seirbhís nuachta RTÉ bhí ró-chostas de €8.1m i dtaca leis na tástálacha seo suas go deireadh mhí Mheán Dómhair i mbliana.

Tá imní ina thaobh seo léirithe ag páirtí an Lucht Oibre, agus urlabhraí sláinte an pháirtí sin,Marie Sherlock ag rá go mbuailfidh sé go suntasach othair nach bhfuil árachas sláinte acu.