Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Na mílte ag agóidíocht i mBÁC i bhfábhar an Ghlais Triaraigh

21 SAMHAIN 2026, 16:59

Agóidíocht lasmuigh de Cheannáras RTÉ freisin i nDomhnach Broc
X Facebook

Tá na mílte i ndiaidh na sráideanna a thabhairt orthu féin i mBaile Átha Cliath tráthnóna lena míshástacht a léiriú faoi phleananna an Rialtais deireadh a chur leis an nGlas Triarach.

Is é Conradh na Neodrachta in Éirinn atá ag eagrú na hagóide ar cuireadh tús léi ag an nGairdín Cuimhneacháin ar Shráid Parnell ag a 2 a chlog.

Tá páirtithe an fhreasúra uilig geall leis páirteach san agóid; Sinn Féin,Lucht Oibre, Na Daonlathaithe Sóisialta, Comhaontas Glas, Aontú agus Pobail Seachas Brabús.

Deir na páirtithe uilig go gcuirfidh reachtaíocht seo an Rialtais neodracht na hÉireann i mbaol, ráiteas atá séanta go láidir ag an Rialtas.