Tá an tAontas Eorpach (AE) i ndiaidh beartais a chur chun cinn agus é i gceist aige cáin a ghearradh ar na comhlachtaí digiteacha is mó ar domhan ar mhaithe lena chéad bhuiséad eile a mhaoiniú.
Tuigtear go bhfuil an AE dul ag faire ar aon chomhlacht a mbíonn €50m nó níos mó de láimhdeachas aige san Aontas chomh maith le láimhdeachas domhanda de bhreis is €750m.
Dúirt Uachtarán na Comhairle Eorpaí,António Costa go bhfuil súil aige go dtabharfaidh sé seo tíortha uile an AE níos gaire dá chéile agus iad ag iarraidh teacht ar chomhréiteach maidir leis an mbuiséad.
Bheadh thart ar 3% de cháin i gceist de réir an mholta atá á phlé faoi láthair.
Tuigtear áfach nach mó ná sásta a bheidh Uachtarán Mheiriceá Donald Trump má théitear chun cinn leis an moladh.
Tá aighneas láidir ann idir na stáit éagsúla san AE faoi láthair i dtaca le buiséad fadtéarmach a leagan amach.
Tá an Ghearmáin ag iarraidh srian a chur ar an gcaiteachas agus í an-cháinteach go deo ar mholadh na bliana anuraidh ón gCoimisiún Eorpach go mbeadh 2 thrilliún euro de bhuiséad ann don tréimhse 7 mbliana 2028-2034.
Tá súil ag an Uachtarán Costa go sroichfear margadh an mhí seo chugainn.


