Tá sé i gceist ag iar-cheannasaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Anne O'Connor an cinneadh í a chur as a post a throid.
D'fhógair an Fheidhmeannacht Sláinte ar maidin gur chinn an Bord deireadh a chur lena fostaíocht "mar thoradh ar phróiseas faoi réir a conartha, de bhrí go gcreideann an Bord gur chun leasa na heagraíochta é."
Ach i ráiteas a d'eisigh Anne O'Connor le huair a an chloig dúirt sí nár éirigh sí "as a post mar Phríomhfheidhmeannach."
"Tá an-díomá agus an-ionadh orm faoin mbealach tobann agus deifreach inár cuireadh ar an eolas mé faoi chinneadh deireadh a chur le mo cheapachán mar Phríomhfheidhmeannach ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
"Tá an bealach inár láimhsíodh seo thar a bheith lochtach agus éagórach agus i bhfad faoi bhun na gcaighdeáin cothromaíochta, oscailteachta agus córa a mbeifí ag súil leis ó mhór-fhoras poiblí.
Tá sé i gceist agam an cinneadh seo a throid chomh láidir agus is féidir. Fiosróidh mé gach féidireacht chun mo sheasamh a dhearbhú agus mo chlú gairimiúil a chosaint.
Ar fhaitíos aon mhíthuiscint níor thoiligh mé seasamh ar leataobh ná éirigh as mo phost mar Phríomhfheidhmeannach ar an tSeirbhís Sláinte."
Ceapadh Anne O'Connor sa phost i mí na Nollag 2025 agus chuaigh sí i mbun cúraimí i mí an Mhárta.
Roimhe sin bhí sí ina ceannasaí Oibríochtaí san Fheidhmeannacht.
Tá sé ina chonspóid le roinnt seachtainí ó thug ceannasaí Ospidéal Ollscoile Chorcaí Jennifer Kearney le fios nach mbeadh an t-ospidéal sin sábháilte an geimhreadh seo de bharr go bhfuil an t-ospidéal gann ar 1,000 ball foirne.
Dúirt Anne O'Connor nach raibh aon teagmháil aici le ceannasaí an ospidéil ó bhí mí Mheán Fómhair ann.
Sé leas-phríomhfheidhmeanach na Seirbhíse Sláinte, Damien McCallion a bheidh ag gníomhú ina háit go dtí go gceapfar Príomhfheidhmeananch nua.


