Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Coimisiúnú

Babhta Coimisiúnaithe – Coimisiún na Meán Fómhar 2025 (Babhta 58)

An dáta deiridh d’iarratais: 16:00 an 3ú Samhain 2025

Cuirfidh TG4 fáilte roimh smaointe nuálacha ó léiritheoirí atá ag teacht le spriocanna clár agus straitéise TG4 agus CnaM, agus atá dírithe ar lucht féachana TG4. Táimid ag lorg ábhair a chuirfidh siamsaíocht, eolas agus spreagadh ar fáil.

 

Sula ndéanann tú iarratas:

  • Léigh Spriocanna Straitéiseacha TG4 (a sheol TG4 ar ríomhphost chuig gach gomhlacht atá cláraithe ar ECOM): Léirigh go soiléir an chaoi a dtacaíonn do mholadh le straitéis TG4.
  • Comhlíonadh riachtanais Choimisiún na Meán (CnaM): Mínigh an chaoi a gcomhlíonann do smaoineamh spriocanna agus critéir Fuaim agus Fís CnaM.
  • Lucht Féachana: Luaigh go soiléir an lucht féachana ar a bhfuil do mholadh dírithe.

 

Príomhphointí:

  • Déanfar gearrliostú bunaithe ar thosaíochtaí straitéiseacha TG4, riachtanais sceidealaithe agus riachtanais Choimisiún na Meán. Beidh an gearrliostú curtha i gcrích roimh 12/11/2025.

 

  • Má roghnaítear d’iarratas, déanfaidh an t-eagarthóir coimisiúnaithe teagmháil leat faoi na céimeanna eile agus faoin iarratas a dhéanamh go foirmiúil.

 

  • Cé go bhfaighimid go leor moltaí do chláracha faisnéise aonair, molaimid machnamh a dhéanamh ar sheánraí eile a oireann do spriocanna straitéise TG4.

 

  • Tá gá ar leith againn le hábhar siamsaíochta ar ardchaighdeán do gach aoisghrúpa, go háirithe i gcomhréir le spriocanna Fuaim agus Fís.

 

  • Roghnófar tograí le cur ar aghaidh le haghaidh tacaíochta faoin gcéad bhabhta eile den Scéim Fuaim agus Fís. Bí cinnte go gcomhlíonann d’iarratas na riachtanais atá leagtha amach i dTreoir Iarratasóirí Bhabhta 58, a fhoilseoidh Coimisiún na Meán.

 

 

Tábhachtach: Níor cheart tograí a diúltaíodh roimhe seo a chur isteach arís gan athruithe suntasacha, de réir aiseolas Fuaim & Fís, a bheith déanta orthu agus na hathruithe sin a phlé le hEagarthóir Coimisiúnaithe.

 

Ní dhéanfar measúnú ar thograí mura bhfuil buiséad mionsonraithe leo.   

 

Nasc chuig Teimpléad Buiséid TG4

 

Riachtanais Iarratais:

  • Ní mor don iarratas a bheith i bhformáid PDF (5 leathanach ar a mhéad) agus buiséad iomlán i bhfoirm Excel a bheith leis.
  • Cuir san áireamh:
  • Cur síos ar an smaoineamh agus ar an gcur chuige cruthaitheach
  • Buiséad & plean airgeadais.  Ní mór plean airgeadais agus buiséad comhlánaithe a bheidh le gach iarratas. Ní dhéanfar iarratais a chuirtear isteach gan buiséad comhlánaithe a mheas.
  • Amlíne léiriúcháin
  • Foireann agus taithí
  • Léiriú ar an gcaoi a bhfuil an togra ag teacht le straitéis TG4 agus riachtanais an bhabhta
  • Sprioclucht féachana

 

Gearrliostú: Beidh an gearrliostú curtha i gcrích roimh an 12 Samhain agus beidh ar na léiritheoirí a bheith ar fáil chun dul tríd an mbuiséad leis an rannóg airgeadais. Ní eiseofar litir thacaíochta go dtí go mbeidh an buiséad agus an cur chuige aontaithe.

 

Tacaíocht: Beidh eagarthóirí coimisiúnaithe TG4 ar fáil le haghaidh cruinnithe le léiritheoirí a bhfuil acu sa bhabhta seo. Is féidir ceisteanna a chur ar aghaidh nó plé tosaigh a eagrú ach teagmháil a dhéanamh le: maryellen.ní.chualain@tg4.ieJulieann.ni.fhatharta@tg4.ie.

 

Seánraí Incháilithe

  • F35 Daoine Óga (16 – 35 bliana go háirithe): Táimid ag lorg ábhar úrnua, dinimiciúil ina dtugtar léargas ar shaol daoine óga in Éirinn agus thar lear. Fáilteofar roimh gach seánra—coiméide, siamsaíocht, fíorasach, cúrsaí reatha, drámaíocht, faisnéis, srl. Luaigh an chúis go mbeadh spéis ag an lucht féachana óg sa do thogra.
  • Siamsaíocht & Stíl Mhaireachtála: Ábhar spraíúil, siamsúil don teaghlach nó do phobal TG4, a bheidh oiriúnach le craoladh i rith na seachtaine. Fáilteofar roimh gach formáid.
  • Ócáid Cheiliúrtha: Laethanta Speisialta 2026: Tograí do chláracha siamsaíochta, faisnéise a bheidh dírithe ar Nollaig 2026, Lá Fhéile Bríde, Lá Fhéile Pádraig, Samhain, ócáidí beo taifeadta, srl.
  • Formáidí Nua: Cuir iontas orainn le formáidí nuálacha, spreagúla a bheadh oiriúnach le craoladh roimh 9pm agus ina dhiaidh: geandáil, stíl mhaireachtála, taisteal, cócaireacht, feirmeoireacht, sláinte, tithíocht, nó meascán díobh sin.
  • Cúla4: Sraitheanna Siamsaíochta – Daoine Óga – Lucht Féachana Bunscoile nó Réamhscoile: Ábhar tarraingteach agus spraíúil atá á lorg a léiríonn ábhar spéise agus caitheamh aimsire an lucht féachana seo agus a thabharfaidh deis don lucht féachana a mhacasamhail féin a fheiceáil ar an scáileán. Is fiú smaoineamh ar an ábhar spéise is mó atá ag daoine óga – spórt, ealaín, peataí, teicneolaíocht etc.  Ní mór smaointe/tuairimí an lucht féachana a chur san áireamh agus ní mór stíl, ton agus brandáil a bheith soiléir ó thús an togra.   Fáiltímid roimh léiriúcháin fhíorúla.
  • Ceol ar TG4 (50’ nó sraitheanna de chláracha 25’): Tá TG4 ag lorg smaointe nua agus nuálacha do chláracha ceoil a spreagfaidh an lucht féachana  – bíodh siad ina sraitheanna nó ina gcláracha aonair – le haghaidh phríomhsceideal an chainéil. Fáilteofar roimh gach réimse ceoil: ceol traidisiúnta, ceol tíre, ceol comhaimseartha agus aon réimse ceoil eile a thaitníonn le lucht féachana TG4.
  • Fíorasach (50’, 75’ nó sraitheanna de chláracha 25’): Cláracha faisnéise, fadscannán, aonair nó mionsraitheanna (2–4 chlár) ina dtugtar léargas úr ar an bpobal atá oiriúnach do phríomham craolta TG4. Déanfar sraitheanna níos giorra do Sheinnteoir TG4 nó do chainéal YouTube TG4 a mheas freisin.
  • Oideachas: Tograí nuálacha, siamsúla a chuireann le hoideachas, foghlaim nó sealbhú na teanga trí mheán na Gaeilge.
  • Litearthacht sna Meáin: Smaointe a chothaíonn scileanna smaointeoireachta criticiúla i measc aon aoisghrúpa nó idir na glúnta.

 

 

 

Nóta: Ní dhéanfar iarratais nach gcomhlíonann na riachtanais thuas a mheas.

Moltar duit na hardáin dhigiteacha a mheas mar chuid de do chur chuige, ar gach seánra ionas go mbeidh an t-ábhar inrochtana, idirghníomhach agus oiriúnach don lucht féachana sa lá atá inniu ann.

 

 

 

 

***********************************************************************************

 

Ní mór gach togra a chur ar aghaidh go leictreonach chuig TG4.  Ní mór do chomhlachtaí léiriúcháin a chinntiú ar dtús go bhfuil siad cláraithe ar ár gcóras eCoimisiúin https://ecomm.tg4.ie

Ní mór iarratais a uaslódáil roimh an spriocam agus iad a chur ar aghaidh trí ‘CnaM 58  Fómhar 2025’ a roghnú ón roghchlár anuas. Cuirfear in iúl duit, go huathoibríoch, nuair a bheidh do thogra curtha ar aghaidh.  Ní ghlacfar le tograí nuair a bheidh an spriocdháta deiridh molta caite.

Is féidir ceist ar bith faoin mbabhta seo agus faoi oiriúnacht an tionscadail a sheoladh chuig Julieann.ni.fhatharta@tg4.ie.

Glacfar le hiarratas ar an mbonn go gcomhlíonfaidh iarrthóir na hoibleagáidí reachtúla iomchuí uile.

Níl dualgas ar TG4 glacadh leis an iarratas is ísle i bpraghas, ná le haon iarratas.

Beidh aon chonradh ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cánach a bheith agat ó na Coimisinéirí Ioncaim.

An tAcht um Shaoráil Faisnéise: Cuirtear iarrthóirí ar an eolas gur ceadmhach eolas a sholáthraítear a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir d’iarrthóirí aird a tharraingt ar aon fhaisnéis íogair (más ann di) agus an chúis go bhfuil an fhaisnéis sin íogair a lua. Ní féidir glacadh leis nach mbeidh dualgas ar TG4 faisnéis a eisiúint, fiú más dóigh leis an iarrthóir gur faisnéis íogair í agus go bhfuil sin curtha in iúl do TG4.

Ní ann d’aon chineál ceangail – conradh ná aon chineál eile – go dtí go mbeidh conradh foirmiúil scríofa forghníofa ag nó thar ceann TG4.