Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Coimisiúnú

BABHTA COIMISIÚNAITHE FAOIN gCISTE CRAOLTÓIREACHTA GAEILGE (ILBF) – Samhradh 2025

Sprioc-am d’iarratais chuig TG4 – 16:00 Dé Luain an 16ú Meitheamh 2025

 

Cuireann Foghlaim TG4 agus Cúla4 fáilte roimh iarratais le haghaidh ábhar oideachais don bhabhta Ábhar Digiteach & Fuaime, Samhradh 2025, den Chiste Craoltóireachta Gaeilge.
Critéir nach mór a bheith i d’iarratas chuig TG4:

Sa bhabhta coimisiúnaithe seo roghnófar tograí le cur ar aghaidh lena mbreithniú do thacaíocht faoin gcéad bhabhta eile den Chiste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF). Ná cuir ar aghaidh ach tionscadail atá incháilithe faoin scéim.

Ní mór gach iarratas ar choimisiúnú teacht chugainn tríd an gcóras ríomh-choimisiúnaithe mar cheangaltán PDF agus an buiséad mar cheangaltán Excel. Ní dhéanfar iarratas nach bhfuil buiséad leis a mheas.
 
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith san áireamh san iarratas:

  • Achoimre chruthaitheach ar an gclár nó ar an tsraith.
  • Buiséad iomlán – Teimpléad Buiséad ILBF
  • Léiritheoir & Stiúrthóir tugtha mar aon leis an bpríomhfhoireann taobh thiar den cheamara.
  • Comhairleoir Oideachais ainmnithe mar chuid den fhoireann fá choinne ábhair Foghlaim

 
TG4 / Cúla4

  • Cur chuige físiúil ón stiúrthóir
  • Moltaí maidir le tallann/rannpháirtithe atá le bheith ar an scáileán
  • Sprioclucht féachana TG4 / Cúla4 agus an sprioc-am craolta
  • Plean nó sceideal léiriúcháin
  • Ba cheart na gnéithe inghlactha don bhabhta seo den ILBF a dtagraíonn siad dó a shonrú sna hiarratais seo.
  • Plean maoinithe
  • Straitéis Dhigiteach 360

Ba chóir go sonrófaí sna hiarratais cé acu de na gnéithe inghlactha thíosluaite den bhabhta
seo den ILBF a dtagraíonn siad dóibh.

 

Foghlaim TG4

Tá sé mar sprioc ag Foghlaim TG4 forbairt a dhéanamh ar na hábhair churaclaim atá ar fáil ar an suíomh Foghlaim TG4 faoi láthair. Cuirfear fáilte roimh ábhar oideachais úr atá spreagúil agus siamsúil a bheidh ina ábhar tacaíochta do mhúinteoirí agus tuismitheoirí atá ag teagasc i nGaelscoileanna, atá ag teagasc na Gaeilge i scoileanna Béarla nó ag tógáil páistí le Gaeilge sa bhaile. Is ábhar é seo a bheidh in úsáid i mbunscoileanna agus meánscoileanna, scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Béarla.

Ní mór d’iarratais díriú ar na bearnaí atá ann ó thaobh soláthar don earnáil oideachais agus comhairle a lorg ó na geallsealbhóirí oideachais – Comhairle na Gaelscolaíochta, Altram agus CCEA.

Tá sé riachtanach comhairleoir oideachais agus teanga a aithint in aon iarratas a chuirfear ar aghaidh. Molaimid féidearthachtaí d’acmhainní breise foghlama a fhiosrú sna hiarratais. Mar shampla taifid fuaime, grafaicí eolais nó quizeanna idirghníomhacha a thacaíonn leis an ábhar físe.

Tá fáilte roimh chomhlachtaí teagmháil a dhéanamh linn chun smaointe agus iarratais a phlé.

Tá suim againn in iarratais a chomhlíonann na riachtanais seo go háirithe:

Ábhar oideachais a thacaíonn le cláracha atá ar fáil ar TG4/Cúla4.

Ábhar Naíscoile, bunscoile agus Meánscoile (ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge)

Naíscoil: Formáidí a thacaíonn leis an sealbhú teanga sna luathbhlianta, forbairt phearsanta, gluaiseacht, an domhan thart orainn. Fáiltíonn muid roinnt formáidí fuaime a thacaíonn leis an sealbhú teanga agus scileanna pearsanta.
Tá deiseanna anseo ábhar siamsúil a chruthú do theaghlaigh agus tuismitheoirí atá ag tógáil leanaí le Gaeilge agus teaghlaigh ag foghlaim na Gaeilge.

Bunscoil: Formáidí a thacaíonn le Litearthacht agus Teanga; Scéalaíocht agus scríbhneoireacht chruthaitheach, Mata – Mata san fhíorshaol agus Mata Meabhrach, STEM, an Domhan thart orainn – Stair agus Tíreolaíocht, Corpoideachas agus Folláine, Forbairt Phearsanta.

Meánscoil: Formáidí a thacaíonn le Gaeilge – EC3 agus G.C.S.E, Foghlaim don saol agus don obair, Tíreolaíocht EC3, Stair EC3, STEM EC3.

Formáidí a thacaíonn le tograí scoile nó le riachtanais oideachais ar léith m.sh; Ag foghlaim faoi Chearta Teanga, Cearta na mBan, Sábháilteacht ar Líne.

Formáidí a thacaíonn le Graiméar na Gaeilge d’fhoghlaimeoirí.

Ábhar a thacaíonn le foghlaim na Gaeilge i scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla

Meánscoileanna Béarla: Formáidí a thacaíonn le Gaeilge – G.C.S.E agus Ardleibhéal.

Formáidí a thacaíonn le foghlaim na Gaeilge do thuismitheoirí/caomhnóirí páistí atá ag freastail ar Ghaelscoil nó le daoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge.

Formáidí fuaime a thacaíonn le foghlaimeoirí nó le múinteoirí atá ag iarraidh an Ghaeilge a theagasc i suíomhanna an tumoideachais.

 
 

Cúla4

Tá ábhar tarraingteach agus siamsúil, a spreagann fiosracht agus foghlaim, ach a bhfuil féith an ghrinn ag baint leis a bheidh oiriúnach do chraoladh líneach agus úsáid trasardáin do Cúla4 á lorg. Ní mór siamsaíocht agus idirghníomhaíocht a bheith lárnach in aon ábhar oideachais, mar atá sna sraitheanna atá againn cheana ar nós ‘Is Eolaí Mé’ agus ‘Innealtóirí’.

Tá suim againn in iarratais a chomhlíonann na riachtanais seo go háirithe:

Naíonáin, 0-3 bl
Formáidí a thacaíonn le luathfhoghlaim (early learning) na Gaeilge don aoisghrúpa seo, ar bhealach siamsúil agus idirghníomhach, tríd ceol, scéalaíocht, rannta, foclóir. Tá deiseanna anseo ábhar siamsúil a chruthú do theaghlaigh agus tuismitheoirí atá ag tógáil leanaí le Gaeilge agus teaghlaigh ag foghlaim na Gaeilge.

Lucht féachana réamhscoile, 3-5bl
Scéalaíocht, gluaiseacht agus cúrsaí folláine (mothúcháin, bia, gluaiseacht), ceol.

Lucht féachana luath-bhunscoile, 5-7 mbliana
Eolaíocht, ealaín, gluaiseacht agus cúrsaí folláine, ceol, teicneolaíocht, nádúr, ainmhithe, fiosrú an domhain agus conas a oibríonn rudaí.

Lucht féachana bunscoile, 8-12 bhliain
Stair, tíreolaíocht, eacnamaíocht, teicneolaíocht, ealaín, sábháilteacht idirlín, tuiscint ar na meáin (media literacy),

Táimid ar fáil chun smaointe agus iarratais a phlé. Déan teagmháil le maire.ui.choisdealbha@tg4.ie agus siobhan.ni.bhradaigh@tg4.ie

Moltar do chomhlachtaí comhairleoir oideachais agus teanga a bheith luaite le haon iarratas.

Formáid: Sraith de chláracha, fad éagsúil.
Lucht Féachana: Páistí, Croí-lucht féachana

 
 


Caithfear na hiarratais a dhéanamh go leictreonach. Mura bhfuil an comhlacht cláraithe, caithfear clárú ar dtús ar an suíomh eCoimisiúin https://ecomm.tg4.ie , agus an t-iarratas a uaslódáil roimh an sprioc-am tríd an rogha, ‘ILBF Digiteach, Samhradh 2025’, a roghnú ón roghchlár anuas. Tiocfaidh admháil chugat go leictreonach go huathoibríoch. Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an sprioc-ama agus caithfidh na comhlachtaí iad féin déanamh cinnte gur seachadadh na hiarratais.

Má tá aon cheisteanna agat maidir le haon chuid den bhabhta seo, cuir r-phost chuig Julieann Ní Fhátharta julieann.ni.fhatharta@tg4.ie
 

Glacfar le hiarratas ar an mbonn go gcomhlíonfaidh iarrthóir na hoibleagáidí reachtúla iomchuí uile.

Níl dualgas ar TG4 glacadh leis an iarratas is ísle praghais, ná le haon iarratas.

Beidh aon chonradh ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim.

An tAcht um Shaoráil Faisnéise: Cuirtear iarrthóirí ar an eolas gur ceadmhach eolas a sholáthraítear a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir d’iarrthóirí aird a tharraingt ar an eolas íogair (más ann) agus a rá cén chúis gur eolas íogair é. Ní féidir glacadh leis nach mbeidh dualgas ar TG4 eolas a eisiúint, fiú más dóigh leis an iarrthóir gur eolas íogair é agus go bhfuil sin curtha in iúl do TG4 aige.

Ní ann d’aon chineál ceangail – conartha nó aon chineál eile – go dtí go mbeidh conradh foirmiúil scríofa forghníofa ag nó thar ceann TG4.