Coimisiúnú
Babhta Coimisiúnaithe – Formáid Nua Thráth na gCeist Siamsaíochta – The Dice / Na Dísle 2025
An dáta deiridh d’iarratais: 11:00 an 28 Iúil 2025
Formáid Nua Thráth na gCeist Siamsaíochta – Na Dísle
Tá TG4 ag lorg iarratas ó chomhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha a bhfuil taithí acu chun tráth na gceist siamsaíochta nua 10 gcuid ‘The Dice/Y Deis/Na Dísle’ a léiriú, a dhéanfar a scannánú i mí na Samhna 2025, i ndiaidh a chéile leis an leagan Breatnaise.
Teideal: The Dice / Y Deis / Na Dísle
Lucht Féachana: Lucht féachana náisiúnta/teaghlaigh
Formáid: 10 gclár x 25 nóiméad an ceann
Buiséad: €65,000 san uair ar a mhéad (thart ar 40% leithdháilte ar Slam Media le haghaidh stiúideo, criú, grafaicí, srl.)
Spriocdháta do Léirithe Spéise: 5pm, Dé Céadaoin, an 16 Iúil 2025
An Dáta Deiridh a nGlacfar le hIarratais: 12pm, Dé Luain, an 28 Iúil 2025
Dátaí Stiúideo: 17– 19 Samhain 2025 (Cardiff)
An Fhormáid:
Is formáid tráth na gceist úrnua í The Dice/Y Deis atá forbartha ag Slam Media do S4C. Measctar scil, straitéis agus eolas ginearálta maith sa chluiche stiúideo teaghlaigh tarraingteach seo agus beidh an t-ádh i gceist de bhua an meaisín dísle stiúideo a rolladh. Arna óstáil ag láithreoir dinimiciúil, tarraingteach, beidh trí fhoireann de bheirt imreoirí san iomaíocht thar thrí bhabhta chun deis a fháil an pota óir a bhuachan i ngach clár a bheidh 25 nóiméad ar fhad.
Léireoidh Slam Media 20 clár den fhormáid seo do S4C i mí na Samhna 2025 a bheidh le craoladh an Geimhreadh seo. Tá TG4 ag iarraidh comhlacht léiriúcháin Éireannach a choimisiúnú a bhfuil dea-theist air chun ábhar stiúideo-bhunaithe siamsúil a chur ar fáil chun 10 gclár a léiriú do TG4, díreach tar éis bhloc taifeadta S4C, a chraolfar san Earrach i 2026. Tá uaillmhian idirnáisiúnta ag an bhformáid seo agus é d’acmhainneacht inti í a léiriú arís agus arís eile. Is deis iontach é seo comhoibriú leis na cruthaitheoirí formáide bunaidh, an fhormáid a chur in oiriúint do lucht féachana na Gaeilge agus sraith siamsaíochta úrnua ardtionchair a chur ar fáil do TG4.
Múnla Léirithe:
- Tá na cearta formáide don tsraith seo faighte ag TG4.
- Cuirfidh Slam Media áiseanna stiúideo, seit, soilsiú agus criú ceamara, smideadh, ceol, grafaicí agus pacáistí bogearraí imeartha ar fáil don léiriú.
- Beidh an comhlacht léiriúcháin Éireannach a choimisiúnófar freagrach as roghnú rannpháirtithe, léiriú, ceisteanna a roghnú agus eagarthóireacht a dhéanamh ar an leagan Gaeilge saincheaptha den fhormáid agus as sainchomhairleoireacht formáide arna soláthar ag Slam Media a chur ar fáil do TG4.
- Leanfaidh dátaí stiúideo don scannánú don leagan Gaeilge in Cardiff bloc taifeadta S4C, thart ar an 17 – 19 Samhain 2025.
- D’fhéadfadh deiseanna móra oiliúna agus meantóireachta a bheidh ann d’iarrthóirí Gaeilge mar chuid den léiriú seo, go háirithe róil stiúrtha ilcheamara agus róil stiúideo ilcheamara. Ba cheart do chomhlachtaí léiriúcháin breac-chuntas a thabhairt ar an gcaoi a mbeidh sé d’aidhm acu é sin a chur i gcrích ina n-iarratas.
- Beidh cearta saoil trasardán ar fud an domhain ag TG4 ar an ábhar seo
Chun tuilleadh eolas a fháil faoin nglao seo, cláraigh do spéis faoin 5pm Dé Céadaoin, an 16 Iúil 2025 trí ríomhphost a sheoladh chuig Julieann / Majella. Tabharfar cuireadh do gach duine atá cláraithe chuig cruinniú Zoom le Slam Media agus TG4 Dé hAoine an 18 Iúil.
Amlíne:
- Dé Céadaoin, an 16 Iúil 2025 (5pm): Spriocdháta chun spéis a léiriú, tuilleadh eolais a fháil, agus freastal ar an gcruinniú Zoom.
- Dé hAoine, an 18 Iúil 2025 (12 meán lae): Cruinniú Zoom le Slam Media agus TG4
- Dé Luain, an 28 Iúil 2025 (11:00): An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais
- Dé Máirt, an 29 Iúil 2025: Cur i láthair / Pitch (ar Zoom) le haghaidh comhlachtaí ar an ngearrliosta
- Deireadh mhí Lúnasa 2025: Conarthaí aontaithe agus sínithe
- 17–19 Samhain 2025: Taifeadadh 10 gclár sa stiúideo (Cardiff)
- Earrach 2026: An tsraith chríochnaithe a chur ar aghaidh go dtí TG4.
Buiséad:
Tá buiséad teoranta €65,000 san uair ar fáil chun an tsraith seo a léiriú. Cumhdófar costais Slam Media le thart ar 40% den bhuiséad chun infreastruchtúr stiúideo, seit, criú, pacáistí grafaicí agus imeartha, smideadh, agus sainchomhairleoireacht formáide a chur ar fáil. Eiseofar treoir iomlán an bhuiséid do chomhlachtaí a chláraíonn a gcuid spéise.
Riachtanais Togra:
Ní mór gach togra a chur isteach trí chóras leictreonach coimisiúnaithe TG4 faoin teideal “The Dice / Na Dísle” faoin spriocdháta agus an méid seo a leanas a bheith san áireamh:
- Próifíl na cuideachta agus cuntas teiste maidir le hábhar siamsaíochta ilcheamara a léiriú
- Fís agus cur chuige/uaillmhian eagarthóireachta chun an fhormáid seo a chur in oiriúint do lucht féachana TG4
- Moltaí do láithreoir(í) féiliúnach le Gaeilge líofa
- Plean roghnaithe chun thart ar 50 iomaitheoir éagsúil, siamsúil a fháil ar cainteoirí Gaeilge líofa iad
- Buiséad iomlán
- Sceideal léirithe agus seachadta beartaithe
- Príomhbhaill na foirne cruthaitheachta/léirithe
- Plean oiliúna agus forbartha do thallann nua agus do thallann atá ag teacht chun cinn (d’fhéadfadh sé go mbeifí in ann leas a bhaint as stiúrthóir stiúideo seanbhunaithe na Breataine Bige don scannánú agus deiseanna oiliúna/scáthaithe a chur ar fáil)
Ní mór gach togra a chur ar aghaidh go leictreonach chuig TG4. Ní mór do chomhlachtaí léiriúcháin a chinntiú ar dtús go bhfuil siad cláraithe ar ár gcóras eCoimisiúin https://ecomm.tg4.ie
Ní mór iarratais a uaslódáil roimh an spriocam agus iad a chur ar aghaidh trí ‘The Dice / Na Dísle’ a roghnú ón roghchlár anuas. Cuirfear in iúl duit, go huathoibríoch, nuair a bheidh do thogra curtha ar aghaidh. Ní ghlacfar le tograí nuair a bheidh an spriocdháta deiridh molta caite.
Is féidir ceist ar bith faoin mbabhta seo agus faoi oiriúnacht an tionscadail a sheoladh chuig Julieann.ni.fhatharta@tg4.ie.
Glacfar le hiarratas ar an mbonn go gcomhlíonfaidh iarrthóir na hoibleagáidí reachtúla iomchuí uile.
Níl dualgas ar TG4 glacadh leis an iarratas is ísle i bpraghas, ná le haon iarratas.
Beidh aon chonradh ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cánach a bheith agat ó na Coimisinéirí Ioncaim.
An tAcht um Shaoráil Faisnéise: Cuirtear iarrthóirí ar an eolas gur ceadmhach eolas a sholáthraítear a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir d’iarrthóirí aird a tharraingt ar aon fhaisnéis íogair (más ann di) agus an chúis go bhfuil an fhaisnéis sin íogair a lua. Ní féidir glacadh leis nach mbeidh dualgas ar TG4 faisnéis a eisiúint, fiú más dóigh leis an iarrthóir gur faisnéis íogair í agus go bhfuil sin curtha in iúl do TG4.
Ní ann d’aon chineál ceangail – conradh ná aon chineál eile – go dtí go mbeidh conradh foirmiúil scríofa forghníofa ag nó thar ceann TG4.