Coimisiúnú
BABHTA TG4 – SCEIDEAL 2025/2026 (Babhta 2)
Sprioc do iarratas: 22ú Bealtaine, 2025 ag 16:00
- Ócáidí / Ceol Beo
- Ábhar Faoi 35
- Ábhar Siamsaíochta
- Formáidí
- Ceiliúradh ar laethanta speisialta
- Cúla4 – Sraitheanna Siamsaíochta
- Cúla4 – Sraith Spóirt do pháistí/forbairt fisiciúil
Iarratais ar maoiniú TG4 amháin
Lorgaíonn TG4 scéalta láidre, le insint ‘súil eile’, formáidí nuálacha chun ár lucht féachana éagsúil a mhealladh. Fáiltítear roimh smaointe ó léiritheoirí a bhfuil taithí acu agus ó léiritheoirí atá ag iarraidh an chéad céim eile ina gcuid oibre a thabhairt chun cinn. Seo do sheans do chuid smaointe a chuir i láthair agus cur le sceideal TG4. Má thagann do choincheap ar aon dul lenár spriocanna cláir agus straitéise, agus má bhaineann sé le lucht féachana TG4, seol iarratas isteach ar an mbabhta le do thoil. Táimid ag lorg ábhar a chuireann siamsaíocht, eolas agus spreagadh ar fáil.
Tabhair san áireamh ag pointe iarratas na hardáin ar fad agus cá suíonn do chlár leo: YouTube, Facebook, Instagram, Snapchat, agus TikTok. Is é an sprioc atá againn ná ceangal a dhéanamh le lucht féachana leathan in Éirinn & thar lear.
Táimid oscailte do choincheap nuálacha agus uathúla ar féidir leo luach a chur lenár gclár sceideal. Beidh deiseanna forbairt trasna gach réimse má theastaíonn. Táimid ag tnúth le hathbhreithniú a dhéanadh ar na hiarratais agus deis do chuid smaointe a thabhairt chuig ár n-ardán.
Gearrliostú agus Conradh: Má chuirtear do thogra ar ghearrliosta, cuirfear tairiscint ina dhiaidh, faoi réir comhaontú chonartha, le sprioc conradh a bheith sínithe faoi mhí Iúil 2025. Beidh muid ag súil go mbeidh gach conradh ag stáid réamh-ghearradh i 2025 más féidir.
Comhlachtaí atá cláraithe mar comhlacht teoranta amháin a bheas incháilithe do coimisiún.
N.B: Ní dhéanfar d’iarratas a mheas mura mbeidh na nithe seo san áireamh:
Iarratas: Caithfear an t-iarratas a chur mar PDF agus 2-3 leathanach ar a mhéid atá ag teastáil. Seo an t-eolas atá le cur san iarratas:
- Foireann Molta – léiritheoir, stiúrthóir agus moltaí maidir le tallann taobh thiar den cheamara agus ar an scáileáin. Bí soiléir san iarratas cé aige a bhfuil gaeilge ar a dtoil acu.
- Déan cur síos ar an togra in abairt amháin.
- Déan cur síos ar stíl, ton agus cur chuige físiúil an stiúrthóir.
- Tabhair moltaí ar na príomh rannpháirtíthe/láithreoir a bheadh ar an gclár.
- Plean/Sceideal léiriúcháin don togra. Cuir sceideal léirithe réalaíoch le d’iarratas.
- Má tá plean nó ábhar digiteach breise i gceist tabhair samplaí.
- Bí soiléir maidir le sprioc lucht féachana agus sprioc am-craolta.
Buiséid: Beidh plean airgeadais agus buiséad comhlánaithe ar an teimpléad buiséid cuí ag teastáil le haghaidh gach iarratas. Ní dhéanfar meas ar iarratais a chuirtear isteach gan buiséad comhlánaithe, ar an teimpléad ábhartha.
Gnáth Coimisiún/Léiriú: Teimpléad buiséad TG4 🔗
Forbairt: Teimpléad buiséad forbairtí 🔗
Beidh na heagarthóirí coimisiúnaithe de chuid TG4 ar fáil le haghaidh cruinnithe le léiritheoirí a léiríonn suim sa bhabhta seo. Chun eolas a fháil maidir le cruinniú a shocrú, nó má tá aon cheisteanna agat maidir le haon chuid den bhabhta seo, cuir r-phost chuig Julieann.ni.fhatharta@tg4.ie.
CLÚDACH AR CHEOLCHOIRMEACHA/ ÓCÁIDÍ CHEOIL BEO FAOI 35
Tá TG4 ag lorg iarratais ó chomhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha chun ábhar craolta bríomhar a fháil atá dírithe ar an aos óg, a roinnfidh atmaisféar mórimeachtaí ceoil bheo in Éirinn. Táimid ag lorg moltaí do cheolchoirmeacha atá ann cheana féin agus nár craoladh beo fós iad ar líne ná ar an teilifís. Ba chóir go mbeadh an léiriúchán seo fuinniúil, tráthúil agus go mbeadh sé dírithe ar lucht féachana faoi bhun 35 bliana d’aois.
Ní foláir sonraí a chur chugainn faoin gceolchoirm a mholann tú, cead isteach i prionsabal leis ‘an eagraíocht’ le eolas maidir leis na ceoltóirí, an ionad, agus cén fáth go meallfadh sé an lucht féachana faoi 35 bliana d’aois.
Sonraí an Imeachta:
Dáta: Samhradh/Fómhar 2025
Am: Le socrú ag brath ar an ócáid
Fad: 90-120 nóiméad
Craoladh: Beo ar TG4 agus seinnteoir TG4.
Buiséad: Le meas ag braith ar an togra.
Cuspóirí:
- Cead isteach aontaithe leis an eagrais/rannpháirtithe
- Clúdach iomlán den imeacht bheo: taispeántas cheoil, taithí an lucht féachana, agus cead isteach ar chúl stáitse.
- Béim láidir ar thallann ceoil Éireannach atá ag teacht chun cinn agus orthu siúd atá seanbhunaithe.
- Úsáid chruthaitheach na Gaeilge sa chraoladh.
- Straitéis cuimsitheach digiteach agus do na meán shóisialta. Ní mór ábhar gearrfhoirme, clipeanna, agus ábhar ‘laistiar den chuirtín’ atá ullmhaithe do TikTok, Instagram, YouTube, agus ardáin eile á sholáthar.
- Scéalaíocht a roinnt go líneach agus digiteach araon chun lucht féachana a mhealladh roimh, le linn, agus tar éis craoladh.
GRADAIM CEOIL TÍRE
Fáilteoidh TG4 roimh iarratais chun Gradam Ceoil Tíre TG4 a léiriú agus a chraoladh beo i 2025. Tá TG4 ag lorg léirithe spéise ó fhoirne léirithe/stiúrthóirí a bhfuil sé d’acmhainn acu agus a bhfuil scil acu taibhléirithe ceoil a léiriú. Ceiliúradh ar cheol tíre na hÉireann a bheidh san ócáid mhór seo.
Ní mór na nithe a leanas a bheith san iarratas:
- Cur síos gearr ar aeistéitic agus ar an bplean léirithe chun gnéithe úrnua a chur i bhfeidhm ar an gceolchoirm seo, gnéithe a bheidh sa bhreis ar an méid atá i gceist agus a tharraingeoidh lucht féachana in Éirinn agus ar fud na cruinne.
- Liosta an príomhfhoireann léirithe agus láithreoireachta.
- Moltaí maidir le láithreoir, tallann ceoil agus tallann eile ar scáileán.
- Moltaí maidir le taobh tíre nó idircheolta eile a bheidh le taispeáint le linn na dtaibhléirithe.
- Taifeadadh ilcheamara a bhíonn i gceist do chláir bheochraolta ar 90 nóiméad ar fhad.
- Ábhar breise le craoladh beo / iarbheo ar líne roimh, le linn agus i ndiaidh an chraolta línigh.
- Fáilteofar roimh moltaí do ionad coirme/ léirithe atá oiriúnach don taifeadadh ilcheamara agus lucht féachana mór a bheith i láthair san áireamh san iarratas. Is i gcomhar le TG4 a roghnófar láthair na nGradam. Is gá costas an ionaid a bheith san áireamh sa bhuiséad.
- Beidh béim ar bhealaí chun lucht féachana leathan, lasmuigh de lucht dílis an cheoil a mhealladh, béim ar an lucht féachana domhanda agus bealach chun pobal an cheoil lasmuigh d’Éirinn a cheangal leis na Gradaim.
- Cuir béim ar do thaithí i léiriú imeachtaí beo agus aon tionscadail ábhartha san am atá caite.
Formáid: Clár aonair beo, 90’ ar fad
Lucht Féachana: Náisiúnta
Cearta: Gnáth cearta TG4
Buiséad: €180,000 ar an uasmhéid.
ÁBHAR FAOI 35 – FORBAIRT
Tá muid ag lorg tograí a bhfuil forbairt le déanamh orthu atá dírithe ar lucht féachana óg idir 18 – 35 bliain d’aois. Is mian linn forbairt a dhéanamh ar an seánra agus ar an earnáil seo.
Fáiltíonn muid roimh rogha ábhar atá tráthúil agus éagsúil, ábhar a bheidh feiliúnach do na h-ardáin digiteacha, meáin shóisialta, agus líneach.
Ba mhór againn tuilleadh guthanna óga a chloisteáil agus urlabhraíocht a dhéanamh ar shaol Gael óg an lae inniu, in Éirinn agus ar fud na cruinne.
Buiséad: Le meas ag braith ar an togra.
ÁBHAR SIAMSAÍOCHTA
Táimid ag lorg ábhar spraíúla, siamsúla agus tarraingteacha a mheallfaidh pobal leathan lucht féachana TG4 ar an gcainéal líneach, ar sheinnteoir TG4 agus ar na hardáin dhigiteacha.
Ba chóir go dtabharfadh an t-ábhar seo ardú croí agus cúis gháire don lucht féachana, agus go n-oibreodh na smaointe go nádúrtha i nGaeilge. Tá maoiniú forbartha ar fáil freisin d’ábhar siamsaíochta.
Táimid oscailte do smaointe físiúla i réimse leathan seánraí agus faid, lena n-áirítear:
- Siamsaíocht nó siamsaíocht fhíorasach le craoladh roimh nó ina dhiaidh 9 i.n. — sraitheanna 25 nóiméad nó 50 nóiméad
- Siamsaíocht teaghlaigh d’oíche Dhomhnaigh ag 8.30 i.n. — sraitheanna 6–8 eipeasóid x 50 nóiméad
Buiséad: €50,000 – €55,000 san uair.
FORMÁIDÍ
Cuir iontas orainn le formáidí nua, spreagúla agus siamsúla le craoladh roimh nó tar éis 9 i.n. agus/nó ar na hardáin digiteach. Táimid ag lorg sraitheanna a bhfuil téamaí sainiúla agus pearsantachtaí láidre ag baint leo — daoine a bhfuil an paisean, an scil agus an t-eolas acu chun dul i ngleic leis an ábhar. I measc na n-ábhar a bhféadfadh suim a bheith againn iontu tá: cúrsaí grá, stíl mhaireachtála, taisteal, eachtraíocht agus eile.
Molaimid ord reatha den choincheap agus sizzle ríl den talann/láithreoir atá beartaithe a chur san áireamh leis an togra. Breithneofar formáidí atá ann cheana freisin, ar choinníoll nach bhfuil siad craolta ar chainéil atá le feiceáil in Éirinn. Sraitheanna 6-12 x 25’. Tá maoiniú forbartha ar fáil más cuí.
Buiséad: Le meas ag braith ar an togra
CEILIÚRADH AR LAETHANTA SPEISIALTA
Tograí le haghaidh ábhar siamsaíochta, taibhléiriú, clár faisnéise nó an dá cheann a bheadh curtha in oiriúint go sonrach lena gcraoladh Lá Fhéile Bríde an 1 Feabhra 2026, Lá Padraig 2026, Samhain srl.
Cláir a thugann An tSúil Eile, le cur chuige comhaimseartha nuálach.
Cláir uair an chloig a chraolfar mar ‘bhloc’ príomh-ama chun ceangal na hÉireann leis na mór- cheiliúradh seo.
Cláir cheoil, comóradh, ceiliúradh a thugann ardán do shaothar nua agus atá déanta ar bhealach nuálach a chuirfidh siamsaíocht ar fáil agus a spreagfaidh lucht féachana a d’fhéadfaí a chraoladh arís i sceideal TG4.
Buiséad: Le meas ag braith ar an togra
SRAITHEANNA SIAMSAÍOCHTA – Daoine Óga – Lucht Féachana Réamhscoile & Páistí idir 6 agus 12 bhliana.
Ábhar tarraingteach agus spraíúil atá á lorg a léiríonn ábhar spéise agus caitheamh aimsire an lucht féachana seo agus a thabharfaidh deis don lucht féachana a mhacasamhail féin a fheiceáil ar an scáileán. Is fiú smaoineamh ar an ábhar spéise is mó atá ag daoine óga mar shampla; ealaín, peataí, teicneolaíocht srl. Ní mór smaointe/tuairimí an lucht féachana a chur san áireamh agus ní mór stíl, ton agus brandáil a bheith soiléir ó thús an togra.
Fáiltímid roimh léiriúcháin fhíorúla. Fáiltímid roimh shraitheanna a dteastaíonn níos mó forbartha a dhéanamh orthu. I gcás sraitheanna a bheadh forbairt le déanamh orthu, is fiú míreanna nó gnéithe a d’fhéadfaí a úsáid ar fud na n-ardán éagsúil a chur san áireamh.
Buiséad: €50,000 – €55,000 san uair úasmhéid
SRAITH SPÓIRT DO PHAISTÍ – Páistí idir 7 agus 12 bhliana & Teaghlaigh.
Táimid ag lorg smaointe spraíúla, siamsúla agus tarraingteacha Spóirt do dhaoine óga. Sraith fíorasach nó formáid atá dírithe ar spórt agus na spéiseanna spóirt is mó atá ag aois ghrúpa 7-12. Ní mhór réimse leathan spóirt a bheith san áireamh sna hiarratais. Seónna stiúideo nó ar an láthair le rannpháirtíocht an lucht féachana seo.
Buiséad: €50,000 – €55,000 san uair úasmhéid
SRAITH SPÓIRT/FORBAIRT FISICIÚIL – Reámhscoile – Páistí idir 3 agus 6 bliain
Táimid ag lorg smaointe siamsúla agus tarraingteacha réamhscoile a thabharfaidh léargas ar cineálacha éagsúla spóirt. Ní mhór cur chuige a mheallfaidh an lucht féachana seo le bheith idirghníomhach chun scileanna a fhoghlaim agus a spreagfaidh spéis i spóirt agus i ngníomhaíocht fisiciúil. Seónna stiúideo nó ar an láthair.
Ba chóir go mbeadh láithreoir/daoine a bhfuil cur i láthair tarraingteach agus Gaeilge ar a dtoil acu ar an scáileán agus deis don lucht féachana a bheith páirteach sna cláracha.
Buiséad: Le meas ag braith ar an togra.
Ní mór gach togra a chur ar aghaidh go leictreonach chuig TG4. Ní mór do chomhlachtaí léiriúcháin a chinntiú ar dtús go bhfuil siad cláraithe ar ár gcóras eCoimisiúin https://ecomm.tg4.ie
Ba chóir na hiarratais a uaslódáil roimh an spriocdháta trí an catagóir cuí a roghnú ón roghchlár. Cuirfear in iúl duit, go huathoibríoch, nuair atá do thogra curtha ar aghaidh. Ní ghlacfar le tograí nuair a bheidh an spriocdháta deiridh molta caite.
BABHTA TG4 – 2025/2026 (Babhta 2)
BABHTA TG4- Forbairt – 2025/2026 (Babhta 2)
Glacfar le hiarratas ar an mbonn go gcomhlíonfaidh iarrthóir na hoibleagáidí reachtúla iomchuí uile.
Níl dualgas ar TG4 glacadh leis an iarratas is ísle i bpraghas, ná le haon iarratas.
Beidh aon chonradh ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim.
An tAcht um Shaoráil Faisnéise: Cuirtear iarrthóirí ar an eolas gur ceadmhach eolas a sholáthraítear a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir d’iarrthóirí aird a tharraingt ar aon fhaisnéis íogair (más ann di) agus an chúis go bhfuil an fhaisnéis sin íogair a lua. Ní féidir glacadh leis nach mbeidh dualgas ar TG4 faisnéis a eisiúint, fiú más dóigh leis an iarrthóir gur faisnéis íogair í agus go bhfuil sin curtha in iúl do TG4.
Ní ann d’aon chineál ceangail – conradh ná aon chineál eile – go dtí go mbeidh conradh foirmiúil scríofa forghníofa ag nó thar ceann TG4.