Coimisiúnú
Gradam Ceoil Tíre
Sprioc do iarratais: 16:00 ar an 30ú Meán Fómhar 2025
Fáilteoidh TG4 roimh iarratais chun Gradam Ceoil Tíre TG4 a léiriú agus a chraoladh beo i mí Feabhra 2026. Tá TG4 ag lorg léirithe spéise ó fhoirne léirithe/stiúrthóirí a bhfuil sé d’acmhainn acu agus a bhfuil scil acu taibhléirithe ceoil a léiriú. Ceiliúradh ar cheol tíre na hÉireann a bheidh san ócáid mhór seo.
Ní mór na nithe a leanas a bheith san iarratas:
- Cur síos gearr ar aeistéitic agus ar an bplean léirithe chun gnéithe úrnua a chur i bhfeidhm ar an gceolchoirm seo, gnéithe a bheidh sa bhreis ar an méid atá i gceist agus a tharraingeoidh lucht féachana in Éirinn agus ar fud na cruinne.
- Liosta an príomhfhoireann léirithe agus láithreoireachta.
- Moltaí maidir le láithreoir, tallann ceoil agus tallann eile ar scáileán.
- Moltaí maidir le taobh tíre nó idircheolta eile a bheidh le taispeáint le linn na dtaibhléirithe.
- Taifeadadh ilcheamara a bhíonn i gceist do chláir bheochraolta ar 90 nóiméad ar fhad.
- Ábhar breise le craoladh beo / iarbheo ar líne roimh, le linn agus i ndiaidh an chraolta línigh.
- Fáilteofar roimh moltaí do ionad coirme/ léirithe atá oiriúnach don taifeadadh ilcheamara agus lucht féachana mór a bheith i láthair san áireamh san iarratas. Is i gcomhar le TG4 a roghnófar láthair na nGradam. Is gá costas an ionaid a bheith san áireamh sa bhuiséad.
- Beidh béim ar bhealaí chun lucht féachana leathan, lasmuigh de lucht dílis an cheoil a mhealladh, béim ar an lucht féachana domhanda agus bealach chun pobal an cheoil lasmuigh d’Éirinn a cheangal leis na Gradaim.
- Cuir béim ar do thaithí i léiriú imeachtaí beo agus aon tionscadail ábhartha san am atá caite.
- Beidh plean airgeadais agus buiséad comhlánaithe ar an teimpléad buiséid cuí ag teastáil le haghaidh gach iarratas. Teimpléad buiséad TG4.
Formáid: Clár aonair beo, 90’ ar fhad
Cearta: Gnáth cearta TG4
Lucht Féachana: Náisiúnta
Buiséad: €225,000 ar an uasmhéid.
Tabhair faoi deara gur buiséad léiriúcháin do uasmhéid €225k atá sa fógra seo agus ní bheidh TG4 ag measúnú aon iarratas a thagann isteach thar an bhuiséad sin.
Comhlachtaí atá cláraithe mar comhlacht teoranta amháin a bheas incháilithe do coimisiún. Ní mór gach togra a chur ar aghaidh go leictreonach chuig TG4. Ní mór do chomhlachtaí léiriúcháin a chinntiú ar dtús go bhfuil siad cláraithe ar ár gcóras eCoimisiúin https://ecomm.tg4.ie
Ba chóir na hiarratais a uaslódáil roimh an spriocdháta trí ‘Gradam Ceoil Tíre’ a roghnú ón roghchlár anuas. Cuirfear in iúl duit, go huathoibríoch, nuair atá do thogra curtha ar aghaidh. Ní ghlacfar le tograí nuair a bheidh an spriocdháta deiridh molta caite.
Is féidir ceist ar bith maidir leis an mbabhta seo a sheoladh chuig Majella.Nic.Dhonnacha@tg4.ie.
Glacfar le hiarratas ar an mbonn go gcomhlíonfaidh iarrthóir na hoibleagáidí reachtúla iomchuí uile.
Níl dualgas ar TG4 glacadh leis an iarratas is ísle i bpraghas, ná le haon iarratas.
Beidh aon chonradh ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cánach a bheith agat ó na Coimisinéirí Ioncaim.
An tAcht um Shaoráil Faisnéise: Cuirtear iarrthóirí ar an eolas gur ceadmhach eolas a sholáthraítear a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir d’iarrthóirí aird a tharraingt ar aon fhaisnéis íogair (más ann di) agus an chúis go bhfuil an fhaisnéis sin íogair a lua. Ní féidir glacadh leis nach mbeidh dualgas ar TG4 faisnéis a eisiúint, fiú más dóigh leis an iarrthóir gur faisnéis íogair í agus go bhfuil sin curtha in iúl do TG4.
Ní ann d’aon chineál ceangail – conradh ná aon chineál eile – go dtí go mbeidh conradh foirmiúil scríofa forghníofa ag nó thar ceann TG4.