Ar Son na Cúise
More on TG4
Sáile
NUA - Dé Céadaoin 29 Aibreán @ 21:45 ar TG4 & TG4.ie
Tugann an t-aisteoir agus snámhaí farraige Carrie Crowley léargas ar an dlúthcheangal atá ag muintir na hÉireann leis an bhfarraige sa gclár faisnéise seo. Léirítear an tionchar atá ag an bhfarraige ar chultúr, traidisiúin agus féiniúlacht na hÉireann.
In this one-off authored documentary actor and passionate sea swimmer Carrie Crowley goes on a personal journey exploring our deep-rooted connection with salt water. In the company of some of Ireland’s greatest thinkers, activists, swimmers and sea dogs, she uncovers how the ocean has shaped our culture, traditions and identity.
Réabhlóid ar Chúl an Tí
NUA - Ag tosú Dé Domhnaigh 19 Aibreán @ 20:00 ar TG4 & TG4.ie
Sa tsraith seo, déanfar ceantair uirbeacha, ionaid phobail agus scoileanna a athrú trí gharraithe lán le plandaí dúchasacha a chur chun fiadhúlra a mhealladh ar ais go dtí na háiteanna seo. Feicfear fiadhúlra agus plandaí na hÉireann ag filleadh ar áiteanna a bhí clúdaithe i coincréit tráth.
In this series, we will see a selection of Ireland’s suburban neighbourhoods, community centres, and schools change by adding in curated pockets of thriving, native plants in order to attract wildlife back into these spaces. We will see native Irish plants and animals return to even the smallest, urban concrete spaces.
Téacs Taistil
NUA - Ag tosú Déardaoin 2 Aibreán @ 21:30 ar TG4 & TG4.ie
Beidh Séaghan, Louise agus Proinsias ag taisteal ar fud an domhain i Sraith 4 agus beidh réalta Ros na Rún, Laura Ní Aoidhne ina dteannta do chorr chlár freisin. Ó chroílár Chicago go cúlsráideanna bríomhara Toronto, Eas Niagara agus níos faide i gcéin tabharfaidh na láithreoirí léargas ar an saol in áiteanna éagsúla ar fud an domhain.
Season 4 is taking audiences on a fast-paced, culture-rich adventure around the world. There’s also a twist: joining Séaghan, Louise and Proinsias for several episodes is Ros na Rún star Laura Ní Aoidhne. From the blazing heart of Chicago to the buzzing backstreets of Toronto, Niagara Falls and beyond, our presenters are diving headfirst into local life.
Ag Taisteal Siar
NUA - Dé Domhnaigh 5 Aibreán @ 21:30 ar TG4 & TG4.ie
Tá ról lárnach ag ceol an Lucht Siúil in oidhreacht cheoil na hÉireann óna 1960idí. Tugtar léargas ar an tionchar ollmhór, a dhéantar dearmad air go minic, a bhí ag leithéidí Pecker Dunne, Maggie Barry agus Johnny Doran ar cheol na tíre sa gclár seo.
Traveller music has been a defining force in Irish musical heritage since the ballad boom of the 1960s. Ag Taisteal Siar explores the profound, and often overlooked contribution of legends such as Pecker Dunne, Maggie Barry and Johnny Doran to Ireland’s musical legacy.
Cois Siúire
NUA - Ag tosú Dé Céadaoin 1 Aibreán @ 21:30 ar TG4 & TG4.ie
Leanfaidh an Dr. Colm Mac Gearailt lorg Annraoi Ó Liatháin fad na Siúire, ó fhoinse na habhann ar Bhearnán Éile go ceann scríbe ag Rinn Duáin. Mar a rinneadh sa tsraith Cois Móire roimhe seo, bainfidh Colm leas as Cois Siúire, leabhar a scríobh Ó Liatháin, chun é a threorú trí chroílár na Mumhan.
A follow-on series from Cois Móire. Following in the footsteps of Annroai Ó Liatháin and using his book Cois Siúire as a travel guide, Dr Colm Mac Gearailt will travel the third longest river in Ireland, the Suir by canoe from its source near the Devil’s Bit in Tipperary, to the Celtic Sea at Hook Head.
Cara sa Cheol
NUA - Ag tosú Dé Domhnaigh 26 Aibreán @ 22:30 ar TG4 & TG4.ie
Sraith faisnéise spreagúil is ea Cara sa Cheol ina mbeidh ceoltóirí Gaeilge agus ceoltóirí ó phobail éagsúla na hÉireann ag obair le chéile. Beidh na ceoltóirí ag roinnt scéalta agus traidisiúin chun píosaí nua ceoil a chumadh. Meascfar ceol traidisiúnta, rapcheol, anamcheol, agus ceol as gach cearn den domhan chun léargas a fháil ar chúrsaí féiniúlachta agus muintearas.
Cara sa Cheol is a documentary series pairing Irish-language musicians with artists from Ireland’s diverse new communities. Each episode follows a creative exchange, as artists spend time in each other’s communities while exploring identity, belonging and connection.
Lú Abú - The Louth LGFA Story
NUA - Dé Sathairn 18 Aibreán @ 18:25 ar TG4 & TG4.ie
Scéal fhoireann Pheil na mBan Chontae Lú in 2025. Feicfear foireann Pheil na mBan Chontae Lú agus iad ag iarraidh gradam a tharraingt ar an gcontae i gCraobh Shóisir na hÉireann TG4 2025. Tugtar léargas ar an traenáil throm agus an dianphleanáil, an díograis agus an obair foirne a theastaíonn chun Cluiche Ceannais na hÉireann a bhaint amach.
The story of the 2025 Louth Ladies Gaelic Football team. Go behind the scenes and follow the Louth Ladies Gaelic Football team’s inspiring journey as they chase glory in the 2025 TG4 All-Ireland Junior Championship. The team’s quest for glory involves intense training and strategic game planning, showcasing their dedication and teamwork.
Zón 62
Sraith 2 - Ag tosú Dé Luain 13 Aibreán @ 17:00 ar Cúla4
Tosaíonn an dara sraith de Zón 62, atá curtha i láthair ag Niamh Ní Chróinín, Dé Luain 13 Aibreán @ 17:00. Tá sé lonnaithe i dtimpeallacht spreagúil seomraí éalaithe, áit a dtéann ceathrar cairde isteach i Zón 62 le chéile le tabhairt faoi dhúshlán mór. Le héalú ón Zón, caithfidh siad tomhais a réiteach, cóid a scaoileadh agus a bheith ag obair le chéile mar fhoireann in aghaidh an chloig.
The second series of Zón 62, presented by Niamh Ní Chróinín, begins on Monday, 13 April @ 17:00. Set in an exciting escape-room enviroment, a team of four friends enter Zón 62 to take on the ultimate challenge. To escape the Zón, they must solve puzzles, crack codes, and work as a team all against the clock.
Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC, 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable); 51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv
