Laochra Gael
More on TG4
Aillte
NUA - Ag tosú Dé Céadaoin 14 Eanáir @ 21:30 ar TG4 & TG4.ie
Tugtar spléachadh ar an ngeolaíocht, miotaseolaíocht, fiadhúlra agus scéalta a bhaineann le haillte Dhún na nGall, Mhaigh Eo agus an Chláir sa tsraith seo. Tá neart eolas agus seanchas ag Cormac Mac Fhionnlaoich faoi na haillte agus téann sé ar aistear chun léargas cuimsitheach a thabhairt ar na tírghnéithe iontacha seo.
Aillte explores the geology, mythology, wildlife, and human stories carved into the cliffs of Donegal, Mayo and Clare. With a blend of scientific insight, homespun wisdom, and poetic reflection Cormac Mac Fhionnlaoich brings the audience on a deeply personal voyage through time, tide, and breathtaking heights.
Rothaí an tSaoil
NUA - Ag tosú Déardaoin 29 Eanáir @ 20:00 ar TG4 & TG4.ie
Beidh Áine Ní Bhreisleáin ag bualadh agus ag caitheamh seal le daoine as gach chineál chúlra sa tsraith seo. Beidh comhráite suimiúla aici i ngach clár agus cloisfidh sí scéalta faoina dúshláin agus na héachtaí atá bainte amach ag na pearsantachtaí seo i gcaitheamh a saoil.
Áine Ní Bhreisleáin meets and spends time with compelling and engaging characters from all walks of Irish life in this series. In each episode Áine delves into fascinating conversations and personal reflections to uncover stories of challenges, losses and triumphs with characters who have reached major milestones in their lives.
Amhráin do mo Mháthair
NUA - Dé Céadaoin 28 Eanáir @ 21:30 ar TG4 & TG4.ie
Feicfear an t-amhránaí Pauline Scanlon ag tabhairt léargas dlúth ar shaol a máthar sa gclár seo agus í ag féachaint ar na hamhráin thraidisiúnta atá aici ar a halbam mór le rá.
Amhráin do mo Mháthair is an intimate and moving portrait of singer Pauline Scanlon’s journey to uncover her mother’s hidden past through her acclaimed album of traditional Irish songs.
Síorstíl
NUA - Ag tosú Dé Céadaoin 14 Eanáir @ 20:30 ar TG4 & TG4.ie
Is comórtas é Síorstíl atá bunaithe ar an bhfaisean inbhuanaithe. Tiocfaidh seachtar dearthóirí le chéile chun éadaí nua agus faiseanta a dhéanamh as seanéadaí agus ábhar athchúrsáilte eile. Tabharfaidh siad aghaidh ar dhúshláin éagsúla agus iad ag iarraidh corn Síorstíl a chrochadh leo.
Síorstíl is a unique and visually striking cutting-edge sustainable fashion competition, where seven talented designers transform second-hand and recycled materials into high fashion outfits. The contestants compete in a variety of different design challenges in a bid to become Síorstíl champion.
Réalta agus Gaolta
NUA - Ag tosú Dé Domhnaigh 11 Eanáir @ 19:30 ar TG4 & TG4.ie
Táthar sa tóir ar an teaghlach is cumasaí in Éirinn. Beidh teaghlaigh na tíre ag tabhairt aghaidh ar chéile go bhfeicfidh siad cé acu is fearr ag canadh, ag ceol agus ag damhsa. Á chur i láthair ag Síomha Ní Ruairc.
The search for Ireland’s most talented family is back. We put the call out for singing, dancing and musical families and now the best the nation has to offer will compete against each other, all vying to be crowned Ireland’s top performing family! Presented by Síomha Ní Ruairc.
Geantraí
NUA - Ag tosú Dé Domhnaigh 18 Eanáir @ 23:00 ar TG4 & TG4.ie
Sraith nua spleodrach de Geantraí, sraith ceoil thraidisiúnta ina dtabharfar aghaidh ar sheisiúin cheoil ar fud na tíre. Beidh togha na gceoltóirí le cloisteáil ar an gclár idir ceoltóirí óga agus na seanfhondúirí a choinníonn an ceol beo ina gceantair féin. Á chur i láthair ag Pauline Scanlon.
An exciting new series of Geantraí, a traditional Irish music programme which visit music sessions across all over the country. We will hear the very best of music from world-acclaimed musicians, exciting new emerging musicians and the musicians that keep the music alive in the local regions. Presented by Pauline Scanlon.
The Rainmaker
NUA - Ag tosú Dé Céadaoin 7 Eanáir @ 22:50 ar TG4 & an Sraith Iomlán ar fáil ar TG4.ie
Caileann an dlíodóir óg Rudy Baylor a phost ar a chéad lá ag obair don chomhlacht dlíodóirí Tinley, Britt, Crawford, Mize & St. John, áit a bhfuil a chailín ag obair freisin. Faigheann Rudy post le comhlacht dlíodóirí beag agus bíonn a chéad chás in aghaidh an fear a bhris as a phost é.
Rudy Baylor, a young attorney fresh out of law school, is fired on his first day at Tinley, Britt, Crawford, Mize & St. John, where his girlfriend also works. With few options, Rudy takes a job at a street-law firm and when he lands his first client, he finds himself up against the man who fired him.
Scéal an Lae - Ar Spotify Anois!
Éist anois!
Tá dea-scéala againn daoibh! Is féidir Scéal an Lae a fháil anois ar Spotify. Scéalta do leanaí á léamh ag láithreoirí, aisteoirí agus scríbhneoirí mór le rá atá sa tsraith seo ó Cúla4. Tá rogha mhór scéalta air do pháistí a chuireann an spraoi agus an tsamhlaíocht chun tosaigh.
We have some great news to share! Scéal an Lae is now available on Spotify. This Cúla4 series features children’s stories read by well-known presenters, actors, and writers. With a wide selection of imaginative and fun tales, there’s something for every young listener.
Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC, 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable); 51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv
