Croí na Féile
More on TG4
Moving West
NUA - Ag tosú Dé Máirt 2 Meitheamh @ 19:30 ar TG4 & TG4.ie
Díreofar ar Ghaillimh, Maigh Eo, Dún na nGall, Liatroim agus Ros Comáin agus beidh daoine le feiceáil ag saothrú a mbeatha trí chianobair agus fiontair chruthaitheacha agus súil acu imeascadh le cultúr agus pobail na háite. Is léir go bhfuil daoine ag iarraidh a bheith ag cur fúthu san iarthar anois seachas a bheith ag imeacht as.
From remote working and creative ventures to family, culture and connection, this series follows those building lives across Galway, Mayo, Donegal, Sligo, Leitrim and Roscommon. It is a story of change and continuity, where the west is no longer a place people leave, but a place they choose to call home.
Blas Bluegrass
NUA - Ag tosú Dé Domhnaigh 7 Meitheamh @ 21:30 ar TG4 & TG4.ie
Sraith ceoil nua ina dtugtar léargas ar sheancheol tíre Mheiriceá agus ceol bluegrass in Éirinn. Is ag Féile Ceol Tíre agus Bluegrass Chathair na Mart is mó a rinneadh taifeadadh ar an tsraith á chur i láthair ag an gceoltóir Enda Scahill. Beidh ceol ó cheoltóirí as Éirinn agus ó thíortha eile le cloisteáil sa cheithre chlár.
Blas Bluegrass is a new Irish roots music series that takes viewers on a vibrant journey across the country, exploring the thriving world of American old-time and bluegrass music in Ireland. Hosted by musician Enda Scahill and filmed largely around the annual Westport Folk & Bluegrass Festival. The four episodes will feature performances from visiting musicians as well as Irish musicians.
Peil na mBan Beo
Craobh TG4 - Ag tosú Dé Domhnaigh 7 Meitheamh ar TG4 & TG4.ie
Craoladh beo ar chluichí i mbabhta a haon de Chraobh Pheil na mBan TG4. Á chur i láthair ag Máire Ní Bhraonáin. Cuirfear tús leis an aicsean beo ar an teilifís Dé Domhnaigh an 7 Meitheamh le dhá chluiche agus na seaimpíní Áth Cliath ag taisteal go Maigh Eo, agus tabharfaidh Ard Mhacha aghaidh ar Chorcaigh ina ndiaidh.
Live coverage of round one games of the TG4 Ladies Football Championship. Presented by Máire Ní Bhraonáin. The live TV action gets underway on Sunday June 7 with a double-header as champions Dublin travel to Mayo, before Cork host Armagh.
Ros na Rún
Roghanna nua fotheideal i nGaeilge agus i mBéarla
Tá Ros na Rún á chraoladh le fotheidil Ghaeilge ar an scáileán ar TG4 gach Dé Máirt agus Déardaoin agus ar an ollchlár a chraoltar ag 20:30 Dé Domhnaigh. Tá fotheidil Bhéarla ar an scáileán ar chraoltaí 20:30 Dé Máirt agus Déardaoin.
Ros na Rún has on-screen Irish subtitles on TG4. These are available on the Tuesday and Thursday repeat broadcasts at 23:30, as well as on the Sunday omnibus at 20:30. On-screen English subtitles are available on the Tuesday and Thursday 20:30 broadcasts.
GAA Beo
Cluichí Leathcheannais agus Ceannais Peil & Iomána na Mionúr
Craoladh beo ar Chluichí Leathcheannais Iomána Mionúr na hÉireann, Dé hAoine 12ú & Dé Sathairn 13ú Meitheamh. I ndiaidh sin, craoladh beo ar Chluichí Leathcheannais Peile Mionúr na hÉireann, Dé hAoine 19ú & Dé Sathairn 20ú Meitheamh. Ansin, beidh craoladh beo ar Cluiche Ceannais Iomána Mionúr na hÉireann ar Dé Sathairn 27ú Meitheamh.
Live coverage of the All-Ireland Minor Hurling Semi-Finals on Friday 12th & Saturday 13th June. Also, live coverage of the All-Ireland Minor Football Semi-Finals on Friday 19th & Saturday 20th June. Then, the Minor Hurling Final broadcasts on Saturday 27th June.
Deep Fake
NUA - Ag tosú Dé Céadaoin 24 Meitheamh @ 22:30 / Boscra Iomlán ar Sheinnteoir TG4
Cén chaoi ar féidir tada a fheictear ar líne a thrust níos mó? Déantar domhainbhrionnaithe do-bhraite a phléigh sa tsraith scéinséara seo agus cuirtear ceist ríthábhachtach: nuair nach féidir brath ar d’amharc ná d’éisteacht, céard nó cé atá le trust?
Deep Fake explores the dawning phenomenon of undetectable deepfakes. This thriller series confronts a crucial question: when you can’t believe your eyes and ears, who – or what – can you trust?
The Hunt
Sraith Iomlán mar Boscra ar Sheinnteoir TG4
Fuarthas corp cailín 16 bliain d’aois gar d’ionad do lucht iarrtha tearmainn san Ísiltír in 1999. Tá an tsraith seo bunaithe ar fhíorscéal a bhí go mór i mbéal an phobail san Ísiltír ar feadh deich mbliana. Feictear na póilíní sa tóir ar an té a rinne an choir agus mar scaip seineafóibe, ciníochas agus teoiricí chomhcheilge i mbaile beag le linn na tóraíochta.
In 1999 the body of a 16-year-old girl was found next to an asylum seekers’ centre in the Netherlands. Inspired by a true crime that gripped a whole nation for more than a decade The Hunt depicts how the long and frustrating search for the perpetrator confronted the inhabitants and asylum seekers of a little Dutch town with xenophobia, racism, and bizarre conspiracy theories.
Dúisigh le Cúla4
Gach Maidin óna 6 ar Cúla4
Ó thús deas réidh é in éineacht le Bréidín & Clúmh go dtí na hamhráin spraíúla a bhíonn ar CoComelon agus Na Singalings, bíonn neart ceoil agus eachtraíochta ar fáil ó thús an lae. Léim isteach i ndomhan draíochta Tiny Wonders agus faigh amach céard atá ar siúl faoinár gcosa i Saol Faoi Shráid.
From the heartwarming moments of Bréidín & Clúmh to singalong favourites like CoComelon and Na Singalings, mornings are filled with music and adventure from the very start. Step into the magical world of Tiny Wonders and discover the hidden world beneath our feet in Saol Faoi Shráid.
Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC, 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable); 51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv
