Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Domhnaigh 24 Meitheamh

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 175

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 7:02AM
    Alvinnn !!! & the Chipmunks

    Alvinnn !!! & the ChipmunksSraith 2, Eipeasóid 42

    Céard í Mian do Chroí?

    Tá réalta reatha feicthe ag Theodore agus tá achainí déanta aige. An bhfaighidh sé mian a chroí?

  • 7:14AM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    Lá Spóirt Dhónaill Dhána

    Déanfaidh Dónall Dána rud ar bith chun an lá spóirt a sheachaint. Millfidh sé an lá ar gach duine eile má chaitheann sé.

  • 7:25AM
    Camp Lakebottom

    Camp LakebottomSraith 1, Eipeasóid 6

    Tá Rud Éigin Aisteach faoi Anna

    Meallann Slisín Anna a bhíodh ar scoil leis, ach is nathair mór millteach í.

  • 7:37AM
    Numb Chucks

    Numb ChucksSraith 1, Eipeasóid 6

    Finscéal Smailce Chan

    Fuadaítear cara cung fú na Chucks agus féachann siad len é a thabhairt slán.

  • 7:48AM
    Angelo Rules (GS)

    Angelo Rules (GS)Sraith 3, Eipeasóid 6

    Lón Amuigh

    Ba mhaith le Angelo agus a chairde lón a ithe taobh amuigh.

  • 8:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 8:02AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 28

    An Liathróid Nua

    Téann Tom i mullach na liathróide i gcluiche tábhachtach peile. Caithfidh sé liathróid nua a fháil go beo!

  • 8:12AM
    Woozle & Pip

    Woozle & PipSraith 1, Eipeasóid 6

    Réaltbhuíonta

    Bíonn na cairde díomách nuair a imíonn an Gairdín Draíochta as radharc.

  • 8:17AM
    Calimero

    CalimeroSraith 1, Eipeasóid 6

    An Meaisín Uachtar Reoite

    Tá ollmhargadh mór ag cur drochbhail ar chaifé beag Luisne agus níl aon rogha aici ach dúnadh.

  • 8:29AM
    Wussywat

    WussywatSraith 1, Eipeasóid 6

    Ubh

    Cuireann Wussywat agus a cuid cairde sicín beag ag caoineadh trí thimpiste. Féachann Wussywat le háthas a chur air arís.

  • 8:34AM
    Scéalta le Masha

    Scéalta le MashaSraith 3, Eipeasóid 8

    An Frog Ríoga

    Inseoidh Masha scéal faoi fhrog a iompaíonn isteach ina banphrionsa álainn.

  • 8:40AM
    Messy, Seo Linn go Okido

    Messy, Seo Linn go OkidoSraith 1, Eipeasóid 6

    Thar Uisce nó Faoi

    Tá Messy ag imirt foghlaithe mara lena chuid bréagán i mbabhla uisce, ach cén fáth nach dtéann a lacha rubair faoi uisce?

  • 8:50AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 27

    Dráma-Ráma

    Cuireann Ruby dráma ar siúl.

  • 9:02AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 28

    Thuas Seal Thíos Seal

    Tugann máthair Dot cead di a drón eitilte a úsáid.

  • 9:13AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 26

    Túr Titim

    Ní fhanfaidh an túr atá déanta ag Sailí agus Nic ina sheasamh.

  • 9:25AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 27

    Ag Maisiú

    Tá na gasúir chun an teachín a mhaisiú don chóisir. Tá aithne ag an gCat ar an maisitheoir is fearr ar domhan.

  • 9:37AM
    Bia Linn (TS)

    Bia Linn (TS)Sraith 2, Eipeasóid 6

    Banana

    Sraith spleodrach cócaireachta do pháistí óga. Bí linn sa chistin go bhfeicfidh tú cé a bheidh ag cuidiú le Muireann. Bananaí príomhchomhábhar an lae inniu. Gheobhaidh Coco amach cén tír as a dtagann siad. An raibh a fhios agat gur bunoscionn a fhásann siad?

  • 9:50AM
    Saol faoi Shráid (GS)

    Saol faoi Shráid (GS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    Bruscar! Bruscar!

    Cé atá ag caitheamh bruscair ar fud na háite? Níl Glibín sásta faoi seo ar chor ar bith. Is maith an rud é go bhfuil an sárlaoch 'Croí Mór' ann chun gach rud a chur ina cheart. Idir an dá linn, casann Ribín le cairde os cionn sráide atá ag déanamh róbait as bruscar.

  • 10:05AM
    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)

    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 69

    Fia Dearg

    Ar chlár an lae inniu, beidh cat nach bhfuil ag iarraidh a bheith ag staidéar, piongain atá ag cur as dá mháthair chomh maith le madra atá thar a bheith "cliste".

  • 10:35AM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 3, Eipeasóid 10

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh - rás leapacha ina measc! Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 11:05AM
    Timpeall na Tíre (OS)

    Timpeall na Tíre (OS)Sraith 16, Eipeasóid 24

    Achoimre ar chuid de mhórscéalta na seachtaine mar a craoladh ar Nuacht TG4.

  • 11:35AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 8, Eipeasóid 14

    The Legacy

    Aimsítear seanlíníochtaí agus faightear amach gurb é Charles a tharraing iad. Bhíodh sé ag siúinéireacht fadó le hairgead a shaothrú dá theaghlach, ach goideadh an líníocht sin uaidh.

  • 12:30PM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 8, Eipeasóid 15

    Uncle Jed

    Tá sean-uncail le James agus Cassandra ag iarraidh a bheith ina chaomhnóir acu. Is sa chúirt a chríochnaíonn an scéal áfach.

  • 1:25PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 149

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 1:30PM
    Beidh Mé Ar Ais! (OS & TS)

    Beidh Mé Ar Ais! (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Sraith turasóireachta a fhiosróidh áiteanna ar cheart do gach duine cuairt a thabhairt orthu. Á chur i láthair ag Sinéad Ní Uallacháin agus Osgur Ó Ciardha. Rachaidh Sinéad agus Osgur ó cheann ceann na tíre chun teacht ar áiteanna nua turasóireachta agus le comhairle a thabhairt ar bhealaí a bhféadfaí taithí an chuairteora a fheabhsú. An tseachtain seo, rachaidh Sinéad ag mianadóireacht in Iarthar Chorcaí agus caithfidh sí súil ar athchóiriú faoi leith i Muineachán. Tabharfaidh Osgur cuairt ar chladach Iascaí agus Reilig Mhíleata na Gearmáine, i gCill Mhantáin.

  • 2:30PM
    Spillane an Fánaí (OS & TS)

    Spillane an Fánaí (OS & TS)

    Rachaidh an t-amhránaí/scríbhneoir amhrán, John Spillane, go Baile Hamaltúin i gCo. Liatroma agus rachaidh sé ag obair i dTeach Tábhairne Heraghty ar mhaithe le hábhar a bhailiú dá chuid amhrán.

  • 3:00PM
    Cluain Tarbh (OS)

    Cluain Tarbh (OS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Bóthar Chun Catha

    Sraith dhá chlár ina ndéanfar iniúchadh ar Brian Bóramha agus ar Chath Chluain Tairbh. San eagrán seo, cuirfimid eolas ar Bhrian i gCúige Mumhan agus mar a bhain sé cumhacht amach le bheith ina Ard Rí ar Éirinn agus mar a lean Cath Chluain Tarbh as sin.

  • 4:00PM
    Abair Amhrán (OS)

    Abair Amhrán (OS)Sraith 3, Eipeasóid 13

    Ceiliúradh ar amhráin a bhíodh againn ag an scoil.

  • 4:20PM
    Scannán: The Alamo (TS)

    Scannán: The Alamo (TS)

    (1960, Scannán buachaillí bó) John Wayne, Richard Widmark agus Laurence Harvey na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir John Wayne. In 1836, cuireann grúpa beag saighdiúirí iad féin i mbaol chun Poblacht nua Texas a choinneáil slán ó thíoránach.

  • 7:12PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 175

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:15PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 21, Eipeasóid 175

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Frank O' Connor - Idir Dhá Shruth (OS & TS)

    Frank O' Connor - Idir Dhá Shruth (OS & TS)

    Frank O'Connor - Idir dhá Shruth

    Insíonn Liam Ó Muirthile, file agus scríbhneoir, scéal dearmadta Frank O'Connor. Cé go raibh sé ar cheann de na gearrscéalaithe is fearr riamh, ba mhaith le Liam obair O'Connor ar son litríocht na Gaeilge a mheabhrú dúinn. Fós féin níl aon aistritheoir níos tábhachtaí ná é ar fhilíocht chlasaiceach na Gaeilge, chaith sé leath a shaoil leis ach tá dearmad glan déanta air. Seo é turas pearsanta Liam le fáil amach céard a tharla do O'Connor. Cuireann sé brú orainn aghaidh a thabhairt ar an gceist: cén fáth go bhfuil litríocht na Gaeilge agus an Bhéarla chomh scartha sin óna chéile anois?

  • 8:30PM
    Réalta agus Gaolta (OS & TS)

    Réalta agus Gaolta (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 7

    Ó na deartháireacha Clancy go Crystal Swing, tá teaghlaigh na hÉireann ag cur siamsaíochta ar fáil le blianta fada. Tá sé in am anois teacht ar an gcéad teaghlach eile a chuirfidh siamsaíocht ar fáil don tír. Cé a bheidh ar an ardán in éineacht le Kíla ag casadh os comhair 2000 duine? Tá an brú ag méadú ar na teaghlaigh ar fad agus ar chlár na hoíche anocht, roghnófar na teaghlaigh a rachaidh ar aghaidh chuig an mbabhta leathcheannais! Is í Síle Seoige láithreoir na sraithe agus ag coinneáil súil ghrinn ar na teaghlaigh beidh na moltóirí Rónán Ó Snodaigh, Aoife Scott agus Sinéad Ní Uallacháin.

  • 9:30PM
    Hup! (OS & TS)

    Hup! (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 6

    Port Chluain Eoghain

    An dara séasúr den tsraith fhuinniúil spreagúil seo, 13 clár a taifeadadh ar an láthair inarb é an ceol féin bun agus barr an scéil - níl láithreoir ná caint ná tráchtaireacht anseo - níl ann ach scoth an cheoil ó bhláth na gceoltóirí is fearr sa tír - agus bainfidh tú lán na súl freisin as cuid de na láithreacha iontacha ina bhfuil an ceol á sheinm. I bPort Chluain Eoghain i gCo. Aontroma a bheimid an tseachtain seo ar a mbeidh píosa breá ceoil ó bhanna ceoil as Béal Feirste a bhfuil clú agus cáil air, Réalta, agus grúpa as Luimneach a bhfuil go leor duaiseanna buaite acu, Goitse.

  • 10:00PM
    Port (OS)

    Port (OS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Sráid na Cathrach

    Sraith faisnéise ceoil sé chlár á chur i láthair ag Julie Fowlis agus Muireann Nic Amhlaoibh. Rachaidh an bheirt ar aistear ceoil ar fud na hÉireann agus na hAlban. Ar fhéile Willie Clancy i Sráid na Cathrach a thabharfaidh siad a n-aghaidh an tseachtain seo. Beidh na ceoltóirí as Albain, an t-ilionstraimí Allan Henderson agus an sárphíobaire Allan MacDonald ina dteannta. Beidh seisiún ceoil acu le Paddy Glackin, Roisin White agus the Friel Sisters.

  • 10:30PM
    Geantraí

    GeantraíSraith 4, Eipeasóid 3

    Scoth an cheoil thraidisiúnta á chur i láthair ag Breanndán Ó Beaglaoich as Tigh Becks, Cill Dhéagláin, Co na Mí. I measc na n-aíonna ar chlár na hoíche anocht beidh an t-amhránaí Éamonn Ó Donnchadha, The Diamond Family, Troy Bannon, Seán McGabhann, MacDara Ó Raghallaigh agus Peter Farrell.

  • 11:00PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 175

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 11:05PM
    Nashville (TS)

    Nashville (TS)Sraith 6, Eipeasóid 10

    Two Sparrows In A Hurricane

    Cuirtear tús le comórtas amhránaíochta Brad agus ní fada go dtuigeann sé an cumas amhránaíochta atá i Daphne. Cé go bhfuil Avery agus Alannah ag éirí an-mhór lena chéile, is cosúil go bhfuil an caidreamh ag cur as don bhanna. Féachann Dean le cúrsaí a chur ina gceart le Jessie. Cuireann Scarlett iallach ar Sean amhrán a chasadh os comhair an phobail.

  • 11:55PM
    Face to Face (OS & TS)

    Face to Face (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 1

    LVMH vs Kering

    Sraith ina gcaithfear súil ar an iomaíocht mhór a bhí idir ceannairí gnó agus a tharraing go leor poiblíochta. An t-easaontas a bhí idir Bernard Arnault agus François Pinault, beirt dearthóirí faisin, a bheidh faoi thrácht anseo. Chaith na dearthóirí seo deich mbliana in iomaíocht lena chéile ach is ag oibriú as lámh a chéile atá siad inniu.

  • 1:00AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 175

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.