Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé hAoine 19 Iúil

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 200

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 21

    Earrach

    Tá buataisí nua ag Rita agus tá sí ag iarraidh dul amach ag léimneach sa phuiteach. Ach níl aon bhuataisí ag Crogall bocht!

  • 7:07AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 22

    Oíche Shamhna

    Gléasann Rita í féin mar a bheadh cailleach ann Oíche Shamhna ach níl sí ró-shásta le Crogall mar chat.

  • 7:12AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 17

    Cóisir Thar Oíche

    Tá Yummble, Wingston agus Wufflebump ag súil go mór leis an oíche a chaitheamh tigh Wufflebump. Ach an mbeidh siad ábalta codladh gan na bréagáin agus na scéalta beaga a bhíonn acu sa mbaile?

  • 7:20AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 18

    Ag Gléasadh Suas

    Bíonn sceitimíní ar na páistí ar fad nuair a osclaíonn Bean Uí Ghrizzlesniff an bosca bréagéide cé is moite do Meepa bhocht nach bhfuil aon éadach sa bhosca atá oiriúnach di.

  • 7:27AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 35

    Ceist na Peinteachailíní

    Ní mó ná sásta atá na Peinteachailíní nuair a bhíonn orthu dul ag obair leis an sárléiritheoir ceoil, an Phéist.

  • 7:39AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 15

    Cá ndeachaigh na Laghairteanna?

    Faigheann muintir Tearanódóin amach nach bhfuil mórán laghairteanna fágtha ar Oileán Laghairte.

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 35

    Olly ina Aisteoir

    Táthar ag déanamh scannáin i bPlimpán agus tá páirt ag Olly ann.

  • 7:56AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 35

    Nach Glas iad na Béir Bhána

    Tagann dath glas ar cheann de na béir bhána! Tá smaoineamh ag Wissper! An mbeidh Wissper agus a cairde in ann béar bán a dhéanamh de Bharra arís?

  • 8:03AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 47

    Amhráin Wheezy

    Ní fada go mbíonn gach duine ach Rora ag casadh amhráin Wheezy.

  • 8:13AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 35

    Chomh Ceanndána le Miúile

    Faigheann Furgus asal le cur in áit thralaí na málaí ach níl an t-asal sásta dul i mbun oibre!

  • 8:25AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 35

    Zou an Traenálaí Pearsanta

    Is traenálaí pearsanta é Zou inniu.

  • 8:38AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 9

    An Dochtúir Masha

    Ba mhaith le Masha a bheith ina dochtúir ach is mó dochar ná maitheas a dhéanann sí.

  • 8:45AM
    Loopdidoo

    LoopdidooSraith 5, Eipeasóid 45

    Loopdidoo an t-Aisteoir

    Léiríonn Loopdidoo dráma na scoile le go bhfeicfidh na gasúir an bealach ceart le dráma proifisiúnta a chur ar stáitse.

  • 8:51AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 47

    Saoire Baile

    Socraíonn Dot agus Mamó saoire a bheith acu sa bhaile.

  • 9:03AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 47

    Múiríní

    Níl an bláth a chuir Sailí dá máthair ag fás ar chor ar bith.

  • 9:15AM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 35

    Réiltín Chliste

    Rachaidh Úna ar cuairt chuig a cairde i nGaelscoil de hÍde in Órán Mór i gCo. na Gaillimhe mar go bhfuil scéal acu di darb ainm 'Réiltín Chliste' le cur lena bailiúchán scéalta. Taispeánann Úna dóibh le rudaí iontacha cruthaitheacha a dhéanamh as plátaí páipéir agus déanann siad a ndragan féin as plátaí sula a dtugann siad cluas don scéal 'Réiltín Chliste'.

  • 9:30AM
    Ainmhí 999 (OS & TS)

    Ainmhí 999 (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    Sraith a thugann léargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. Tagann glaoch isteach ó theach i Hunndaidh, áit a bhfuil firéad ar strae sa ngaráiste.

  • 10:00AM
    La Course by Tour de France

    La Course by Tour de France

    Craoladh beo ar La Course le Tour de France, rás bliantúil idir na rothaithe ban is fearr ar domhan a bhíonn ar siúl le linn an Tour de France. Is ar chúrsa na trialach ama i gcathair Pau a tabharfaidh na mná faoin rás seo i mbliana. Is iad Páidí Ó Lionáird agus Pádraic Quinn a bheidh i mbun tráchtaireachta.

  • 11:55AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 5, Eipeasóid 1

    The Cheese Legacy of the Vikings - Norway

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna na Lochlannach a bheidh faoi chaibidil inniu. Tabharfaidh Will aghaidh ar fhiordanna na hIorua le cáiseanna neamhchoitianta bainne bearrtha a bhaineann le ré na Lochlannach a scrúdú. Cuirfidh sé eolas ar Pulltost, cáis a dhéantar as bainne úr bó, tabharfaidh sé cuairt ar theaghlach a dhéanann cáis ar a dtugtar Gammelost. Blaisfidh sé de Ghetost, cáis mhilis dhonn atá an-chosúil le faoiste.

  • 12:20PM
    Tour de France - Súil Siar

    Tour de France - Súil SiarSraith 15, Eipeasóid 13

    Céim 12 Toulouse go Bagnéres-de-Bigorre

    Súil siar ar an 12ú céim de Tour de France 2019 inar thug na rothaithe faoi thuras go Bagnéres-de-Bigorre.

  • 12:50PM
    Tour de France Beo

    Tour de France BeoSraith 15, Eipeasóid 13

    Céim 13 Pau

    Craoladh beo ar an 13ú céim de Tour de France 2019. Triail ama i gcathair Pau a bheidh sa chéim seo. Is iad Páidí Ó Lionáird agus Pádraic Quinn a bheidh i mbun tráchtaireachta.

  • 5:20PM
    Survivor: Heroes vs. Healers vs. Hustlers (OS & TS)

    Survivor: Heroes vs. Healers vs. Hustlers (OS & TS)Sraith 35, Eipeasóid 12

    Not Going to Roll over and Die

    Tugtar ardú meanman do na hiomaitheoirí nuair a thagann a muintir ar cuairt.

  • 6:10PM
    Gilmore Girls (TS)

    Gilmore Girls (TS)Sraith 3, Eipeasóid 13

    Dear Emily and Richard

    Sraith ghrinn drámaíochta. Cuimhníonn Lorelai siar ar an lá a rugadh Rory nuair a iarrann bean Christopher ar Rory fanacht in éineacht léi san ospidéal agus í i dtinneas clainne. Ní raibh Lorelai ach sé bliana déag nuair a fuair sí amach go raibh sí ag iompar clainne. Dhiúltaigh sí Christopher a phósadh agus d'fhág an baile ina diaidh lena linbhín.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 200

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 22, Eipeasóid 200

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:15PM
    GAA Beo

    GAA BeoSraith 18, Eipeasóid 110

    Cluiche Ceannais Peile Laighean Faoi 20

    Craoladh beo ar Chluiche Ceannais Peile Laighean EirGrid Faoi 20. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill.

  • 9:05PM
    Tour de France - Súil Siar

    Tour de France - Súil SiarSraith 15, Eipeasóid 14

    Céim 13 Pau

    Súil siar ar an 13ú céim de Tour de France 2019. Triail ama a bhí sa chéim seo.

  • 9:35PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 200

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 9:40PM
    Scannán: The Molly Maguires (TS)

    Scannán: The Molly Maguires (TS)

    (1970, Dráma) Sean Connery, Richard Harris agus Samantha Eggar na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Martin Ritt. Scannán faoin saol i mianaigh guail Pennsylvania in 1876. Tugann grúpa imirceach as Éirinn, na Molly Maguires, aghaidh ar úinéirí an mhianaigh faoi chomh dona is atá na coinníollacha oibre ansin. Fostaíonn an mianach bleachtaire, ar imirceach as Éirinn é féin, le dul faoi cheilt i measc na bhfear agus eolas a bhailiú. Ach cé dó a mbeidh se dílis nuair a thiocfaidh an crú ar an tairne?

  • 11:55PM
    Finné (OS & TS)

    Finné (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 7

    Pat Wallace

    Scéal faoin gconspóid a thit amach nuair a bheartaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ceannáras nua a thógáil ar Ché an Adhmaid, láthair ina raibh an t-uafás iarsmaí luachmhara ó ré na Lochlannach. Ainneoin na sluaite i mbun mórshiúil ar shráideanna na cathrach ag iarraidh an láthair a chaomhnú, lean an Bardas leis an tógáil. Ba faoi stiúrthóir na tochailte, Pat Wallace, a bhí sé a chinntiú go raibh an tochailt ar láthair na Lochlannach seo déanta sular thosaigh an tógáil.

  • 0:55AM
    The Vampire Diaries (TS)

    The Vampire Diaries (TS)Sraith 8, Eipeasóid 12

    What Are You?

    Deir Damon le Cade go bhfaighidh sé dialann Maxwell dó má thugann sé anam Stefan slán. Níl Alaric ná Matt sásta an dialann a thabhairt uathu áfach mar go bhfuil seans ann go bhfuil eolas inti a chuirfidh deireadh le Cade. Tá Caroline ar a míle dícheall ag iarraidh teagmháil a dhéanamh le Stefan sula gcuirfidh Cade tús lena phlean.

  • 1:50AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 200

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.