Folúntais
- Dearthóir Grafach
- Cruthaitheoir Ábhair Dhigitigh
- Cúntóir Léirithe Cúla4
- Intéirn Cúla4
- Riarthóir Ábhair
- Inteirn Dlí
- Inteirn Maor Craolacháin
- Maor Craolacháin
- Oifigeach Rialachais Chorparáidigh
Dearthóir Grafach
Conradh Buan
Is mian le TG4 Dearthóir Grafach a earcú ar bhonn buan. Beidh an té a cheapfar ag obair le foireann Mhol Cruthaitheach TG4 agus freagrach don Bhainisteoir Cruthaitheach. Beidh an Dearthóir Grafach freagrach as ábhar cruthaitheach a chruthú atá dírithe ar phobal féachana ar leith, trasardáin.
Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
An Ról:
Beidh an té a cheapfar freagrach as ábhar físiúil, cruthaitheach agus nuálach a dhearadh do thograí ar leith, chomh maith le hAitheantais agus Brandaí TG4 a fhorbairt trí ábhar cumarsáide atá físiúil agus ar ardchaighdeán a chruthú trasardáin.
I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, gan bheith teoranta dóibh, beidh;
- Ardáin a dhearadh (m/sh Aipeanna, Suíomhanna srl)
- Ábhar cumarsáide físiúil a chruthú, trasardáin
- Brandaí a dhearadh agus cur le brandaí reatha
- Ábhar clóite a dhearadh
- Ábhar físe a chruthú
- Ábhar a chruthú d’Fheachtais Blaisíní / Margaíochta / Fógraíochta
- Cúram a dhéanamh do chearta a bhaineann le hábhar léirithe
- Tograí ar leith a stiúradh ó am go chéile (m/sh Blaisín, Fógra, Mír Físe Ghearrfhoirme)
- Aon fhreagrachtaí réasúnta eile a mheasann an bainisteoir bunaithe ar riachtanais an ghnó nó riachtanais na rannóige.
Nithe atá riachtanach don phost seo:
- A bheith tiomanta d’Fhís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm.
- Tuiscint, taithí agus saineolas ar na réimsí dearaidh is déanaí. Eolas ar bhogearraí agus nósmhaireachtaí dearaidh atá reatha agus nuálach: Adobe After Effects, Adobe Media Encoder, Adobe Photoshop, Adobe Illustrator, Adobe InDesign, Canva, Adobe XD, Adobe Premiere agus Final Cut X.
- A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil.
- Fócas dearfach, cumas maith foirne agus taithí chruthaithe ar ábhar físiúil a chruthú.
- Ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh agus a chinntiú go mbeidh ábhar, a bheidh ar ardchaighdeán, réidh agus ar fáil in am.
- Sásta freastal ar an láthair oibre sa gCeannáras de réir mar a oireann.
- Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.
Sa gCeannáras i mBaile na hAbhann a bheidh an post lonnaithe. Tá polasaí oibre solúbtha i bhfeidhm ag TG4.
4pm Déardaoin an 29 Eanáir 2026 an spriocdháta d’iarratais. Seol CV mar aon le litir iarratais chuig: cv@tg4.ie
Eolas Breise don Iarratasóir
Grád an Phoist: Grád 5
Uaireanta Oibre:
39 uair sa tseachtain. Táthar ag súil, mar gheall ar riachtanais an phoist, go mbeifeá solúbtha ó am go ham, i.e. go mbeifeá sásta, scaití, oibriú lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc.
Laethanta Saoire:
Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.
Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.
Taisteal: Beidh taisteal in Éirinn i gceist ó am go ham mar chuid den ról.
Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:
- Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
- Saoire Staidéir agus Scrúduithe
- Táillí Ballraíochta Gairmiúla
- Pinsean Ranníocach
- An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
- An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre
Cruthaitheoir Ábhair Dhigitigh
Conradh Buan
Cuirfidh TG4 fáilte roimh iarratais ar an bpost Cruthaitheoir Ábhair Dhigitigh. Beidh an té a cheapfar ag obair le foireann Mhol Cruthaitheach TG4 agus freagrach don Bhainisteoir Cruthaitheach.
Tugann na Meáin Shóisialta deis do TG4 ceangal leis an bpobal féachana mar aon le pobal nua a mhealladh chuig ábhar TG4. Cuirfear fáilte roimh iarrthóirí a bhfuil tuiscint acu ar TG4, a bhfuil sainscil sna hardáin Shóisialta acu mar aon le taithí acu orthu, agus a bhfuil Gaeilge agus Béarla den scoth acu.
Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
An Ról:
Beidh an té a cheapfar freagrach as feachtais agus ábhar a cruthú d’ardáin Meán Sóisialta TG4.
Beifear freagrach as ábhar a chruthú d’ardáin Meán Sóisialta TG4 ar Instagram, TikTok, BlueSky, Facebook, LinkedIn, YouTube agus aon ardán eile ag brath ar riachtanais TG4. Beidh taithí ag an té a cheapfar ar bheith ag cruthú ábhar poiblíochta agus margaíochta ar na hardáin shóisialta.
I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, gan bheith teoranta dóibh, beidh;
- Oibriú ar fheachtais, imeachtaí agus seoltaí náisiúnta
- Ábhar digiteach, ábhar físeáin san áireamh, a chruthú agus eagarthóireacht a dhéanamh air.
- Deiseanna réamhghníomhacha a aithint le haghaidh ábhar rannpháirtíochta agus ábhar freagartha do na hardáin
- Freastal ar imeachtaí chun ábhar a thaifeadadh do na cainéil meán sóisialta go léir
- Ábhar agus feachtais shóisialta a phleanáil agus a sceidealú
- Sócmhainní digiteacha a dhearadh d’ábhar bolscaireachta agus feachtais
- Cúnamh a thabhairt le gnéithe idirghníomhacha le linn imeachtaí beo
- A chinntiú go ndéantar gach ábhar a chur i gcrích de réir na straitéise sóisialta, na gcuspóirí agus na bpríomhtháscairí feidhmíochta
- Dearcadh ina dtugtar tús áite do na meáin shóisialta a chur chun cinn maidir le feachtais chomhtháite agus tú ag obair i gcomhar leis an bhfoireann chruthaitheach
- Cuidiú le foirne lena chinntiú go gcuirtear dea-chleachtais agus ceachtanna a foghlaimíodh i bhfeidhm agus comhairle a thabhairt maidir le hábharthacht sócmhainne don phobal agus do chainéil
- Dul i mbun plé le rannóga ábhartha
- Aon fhreagrachtaí réasúnta eile a mheasann an bainisteoir bunaithe ar riachtanais an ghnó nó riachtanais na rannóige.
Nithe atá riachtanach don phost:
- A bheith tiomanta d’Fhís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm.
- Taithí theagmhálach 3 bliana ar a laghad i margaíocht dhigiteach agus i mbainistiú feachtas.
- Dea-theist chruthaithe ar spriocanna a bhaint amach / pleananna a chur i gcrích.
- A bheith solúbtha i dtaobh taisteal a dhéanamh nuair is gá ar mhaithe le feachtas a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.
- Sárscileanna idirphearsanta agus bainistithe mar aon le hardchaighdeáin ghairmiúla don tseirbhís do chustaiméirí, do chaighdeán na hoibre, aird den scoth ar mhionsonraí agus thar a bheith eagraithe.
- Inniúlacht i mbainistiú ardán meán sóisialta agus in uirlisí sceidealaithe ábhair
- Scileanna taighde agus anailíse, agus ábalta brí a bhaint as príomh-mhéadrachtaí feidhmíochta
- Tá inniúlacht in Adobe Creative Suite agus i ndearadh grafach riachtanach.
- Ábalta taighde a dhéanamh ar mhodhanna eagarthóireachta, ar chuir chuige agus ar na modhanna léirithe is déanaí a bhaineann le hábhar a chruthú do na meáin shóisialta.
- Sárscileanna cóipscríbhneoireachta.
- Mioneolas ar Instagram, Facebook, LinkedIn, uirlisí sceidealaithe, agus ar dhea-chleachtais ar fud na n-ardán meán sóisialta.
- Duine atá sásta oibriú as a stuaim féin agus a bhfuil cur chuige réamhghníomhach aige i dtaobh ábhar tarraingteach a chruthú.
- Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.
Sa gCeannáras i mBaile na hAbhann a bheidh an post lonnaithe. Tá polasaí oibre solúbtha i bhfeidhm ag TG4.
4pm Déardaoin an 29 Eanair 2026 an spriocdháta d’iarratais. Seol CV mar aon le litir iarratais chuig: cv@tg4.ie
Eolas Breise don Iarratasóir
Grád an Phoist: Grád 5
Uaireanta Oibre:
39 uair sa tseachtain. Táthar ag súil, mar gheall ar riachtanais an phoist, go mbeifeá solúbtha ó am go ham, i.e. go mbeifeá sásta, scaití, oibriú lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc.
Laethanta Saoire:
Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.
Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.
Taisteal: Beidh taisteal in Éirinn i gceist ó am go ham mar chuid den ról.
Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:
- Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
- Saoire Staidéir agus Scrúduithe
- Táillí Ballraíochta Gairmiúla
- Pinsean Ranníocach
- An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
- An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre
Cúntóir Léirithe Cúla4
Conradh Buan
Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ar an bpost: Cúntóir Léirithe Cúla4. Beidh an té a cheapfar freagrach as cúnamh a thabhairt Cainéal Cúla4 a riar agus a chomhordú. Sa gCeannáras i mBaile na hAbhann a bheidh an post lonnaithe. Tá polasaí oibre solúbtha i bhfeidhm ag TG4. Beidh an té a cheapfar freagrach do Bhainisteoir Chainéal Cúla4.
Is fostóir comhionannas deiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá dearcadh dearfach ag TG4 i leith na hÉagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu.
Cúraimí
Beidh an té a cheapfar freagrach as cúnamh a thabhairt Cainéal Cúla4 a riar agus a chomhordú.
I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, beidh:
- Comhordú a dhéanamh ar ábhar craolta do Chainéal Cúla4
- Comhordú a dhéanamh ar ábhar do Chainéal YouTube agus do shuíomh Cúla4
- Cúnamh a thabhairt obair léirithe a dhéanamh ar ábhar Cúla4.
- Comhordú a dhéanamh ar ábhar Bolscaireachta & Poiblíochta Cúla4
- Cúnamh a thabhairt leis an eagrúchán ag ócáidí Cúla4
- Cúnamh a thabhairt le comhfhreagras ó Cúla4
- Aon dualgais bhailí eile a iarrann Bainisteoir na Rannóige ort a chomhlíonadh.
Nithe atá riachtanach don phost seo:
- A bheith tiomanta d’Fhís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm.
- Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.
- Cumas maith eagrúcháin.
- Eolas agus tuiscint ar lucht féachana Cúla4
- Taithí Léirithe
- Súil ghrinn eagarthóireachta a bheith agat maidir le hábhar físe.
- Fócas dearfach, bealach maith le daoine agus ábalta ceangal a chothú le comhghleacaithe agus leis an bpobal.
- Sárthuiscint ar na féidearthachtaí a bhaineann leis na meáin shóisialta, le YouTube agus leis na hardáin dhigiteacha chun lucht féachana a aimsiú.
- Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin agus ríomhaireachta (ardtuiscint ar Excel, MS Office agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa).
- A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil.
- Ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh agus a chinntiú go mbeidh ábhar, a bheidh ar ardchaighdeán, réidh agus ar fáil in am.
4pm Déardaoin an 29 Eanáir 2026 an spriocdháta d’iarratais. Seol CV mar aon le litir iarratais chuig: cv@tg4.ie
Eolas Breise don Iarratasóir
Grád an Phoist: Grád 5
Uaireanta Oibre:
39 uair sa tseachtain. Táthar ag súil, mar gheall ar riachtanais an phoist, go mbeifeá solúbtha ó am go ham, i.e. go mbeifeá sásta, scaití, oibriú lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc.
Laethanta Saoire:
Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.
Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.
Taisteal: Beidh taisteal in Éirinn i gceist ó am go ham mar chuid den ról.
Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:
- Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
- Saoire Staidéir agus Scrúduithe
- Táillí Ballraíochta Gairmiúla
- Pinsean Ranníocach
- An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
- An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre
Intéirn Cúla4
Scéim Intéirneachta Bliana de chuid TG4 do chéimithe nó do tosaitheoirí le CÚLA4
Aibreán 2026 – Aibreán 2027
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó thosaitheoirí nó ó chéimithe ollscoile chun tréimhse bliana a chaitheamh ar intéirneacht i TG4 i mBaile na hAbhann.
Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
Is deis é seo do dhuine atá ag tosú amach san earnáil físe agus atá ag iarraidh taithí phraiticiúil a fháil chun cur leis an oiliúint atá faighte acu go dtí seo. Íocfar tuarastal le linn na bliana seo agus beidh deiseanna oiliúna breise ar fáil lena linn freisin.
Nithe atá riachtanach don phost seo:
Daoine a bhfuil Gaeilge labhartha agus scríofa den scoth acu, a bhfuil suim acu sna hardáin meán sóisialta agus a bhfuil taithí acu ar na hardáin sin atá á lorg.
Beifear ag súil go mbeidh scileanna taighde agus cumas maith scríofa ag an té a mbronnfar an intéirneacht orthu chomh maith le tuiscint a bheith acu ar céard is scéal mealltach ann.
I measc na ndualgas a bheidh ar an té a cheapfar, beidh:
- Sceideal na meán sóisialta a bhainistiú, a eagrú agus a fhoilsiú.
- Freagracht as tuairiscí reatha a chruthú ó thaobh na hanailíse de.
- Beidh an té a cheapfar ina phointe teagmhála ag an bpobal agus beidh sé de chúram air freagraí a bheidh le tabhairt don phobal ar na hardáin meán sóisialta a chomhordú.
- Beidh teideal agus fotheidil le cruthú d’ábhar ar líne, mar aon le hábhar a chur in oiriúint do na hardáin meán sóisialta.
Gheobhaidh an té a cheapfar taithí chuimsitheach ar bheith ag obair sa réimse reatha léiriúcháin ina ndéantar comhordú ar obair eagarthóireachta agus ar obair foilsitheoireachta ar na hardáin dhigiteacha.
Seol CV, mar aon le do litir iarratas chuig cv@tg4.ie.
An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: 4pm Déardaoin an 29 Eanáir 2026
Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4. I gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann a bheidh an post seo lonnaithe.
Eolas Breise don Iarratasóir
Grád an Phoist: Grád Intéirn
Uaireanta Oibre:
39 uair sa tseachtain. Táthar ag súil, mar gheall ar riachtanais an phoist, go mbeifeá solúbtha ó am go ham, i.e. go mbeifeá sásta, scaití, oibriú lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc.
Laethanta Saoire:
Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.
Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.
Taisteal: Beidh taisteal in Éirinn i gceist ó am go ham mar chuid den ról.
Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:
- Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
- Saoire Staidéir agus Scrúduithe
- Táillí Ballraíochta Gairmiúla
- Pinsean Ranníocach
- An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
- An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre
Riarthóir Ábhair
Conradh Buan
Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ar an bpost Riarthóir Ábhair. I gCeannáras TG4 i nGaeltacht na Gaillimhe a bheidh an té a cheapfar lonnaithe agus beidh sé freagrach don Bhainisteoir Coimisiúnaithe.
Fostóir comhionannais deiseanna é TG4 agus déantar iarratais incháilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil. Tá meon dearfach ag TG4 i leith na hÉagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu.
An Ról:
Beidh ról lárnach ag an té a cheapfar ag riar gnéithe a bhaineann le hábhar coimisiúnaithe agus ceannacháin.
I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, gan bheith teoranta dóibh, beidh;
- Gnéithe a bhaineann leis an bpróiseas coimisiúnaithe agus ceannacháin a riar ó thús an léirithe go seachadadh na gclár.
- Eolas cuí a bhailiú agus a chomhordú agus a chur isteach in Whats-On agus Monday
- Na sruthanna oibre a bhrú ar aghaidh ar na córais eolais What’s On agus Monday
- A chinntiú go bhfuil eolas cruinn faighte maidir le conarthaí dubála/ceannacháin/coimisiúnaithe agus curtha isteach sna córais inmheánacha.
- Cuidiú imeachtaí rannóg na gclár a chur i bhfeidhm
- Cumarsáid mhaith a chothú le rannóga inmheánacha agus leis na léiritheoirí neamhspleácha ó thaobh eolas faoi bhabhtaí coimisiúnaithe agus eolas faoi ábhar clár.
- Cúnamh a thabhairt sruthanna agus áiseanna oibre inmheánacha a fhorbairt.
- Seirbhís tacaíochta riaracháin a chur ar fáil don Bhainisteoir Coimisiúnaithe agus Ceannacháin de réir mar a bheidh ag teastáil.
- Aon fhreagrachtaí réasúnta eile a mheasann an Bainisteoir bunaithe ar riachtanais an ghnó nó riachtanais na rannóige.
Nithe atá riachtanach don phost seo:
- Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.
- Fócas dearfach agus cumas maith foirne
- Urlabhra shoiléir agus ardchumas scríbhneoireachta agus cumarsáide
- Sár-thuiscint ar chórais a úsáid agus a chur chun cinn.
- Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin agus ríomhaireachta (ard-tuiscint ar Excel, MS Office agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa).
- Taithí mhaith ar obair riaracháin agus eagrúcháin.
- Ábalta feidhmiú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil.
- Ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh agus a chinntiú go mbeidh ábhar, a bheidh ar ardchaighdeán, cruinn, réidh agus ar fáil in am.
4pm Déardaoin an 5 Feabhra 2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais chuig cv@tg4.ie.
Eolas Breise don Iarratasóir
Grád an Phoist: Grád 5
Uaireanta Oibre:
39 uair sa tseachtain. Mar gheall ar riachtanais an phoist, táthar ag súil go mbeifí solúbtha ó am go ham, lena n-áirítear a bheith sásta oibriú, nuair atá gá leis, lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc.
Laethanta Saoire:
Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.
Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.
Taisteal: Beidh taisteal i gceist ó am go chéile mar chuid den ról, in Éirinn agus thar lear.
Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:
- Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
- Saoire Staidéir agus Scrúduithe
- Táillí Ballraíochta Gairmiúla
- Pinsean Ranníocach
- An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
- An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre
Intéirneacht i Rannóg Dlí TG4
Intéirneacht ar bhonn páirtaimseartha ar feadh tréimhse bliana i TG4 do mhic léinn sa réimse Dlí, ag tosú i mí Iúil 2026 go dtí Iúil 2027 (2 lá sa tseachtain)
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó mhic léinn chun tréimhse bliana a chaitheamh ar intéirneacht i TG4 i mBaile na hAbhann.
Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
Is deis é seo do dhuine a bhfuil céim sa dlí bainte amach acu agus atá ag iarraidh taithí phraiticiúil a fháil chun cur leis an oiliúint atá faighte acu go dtí seo. Íocfar tuarastal le linn na hintéirneachta seo.
Ní mór Gaeilge den scoth a bheith ag an mac léinn, idir scríobh agus ó bhéal. Beifear ag súil go mbeidh scileanna láidre eagrúcháin, taighde, oibre foirne agus cumarsáide ag an mac léinn. Tá sé tábhachtach go mbeadh taithí mhaith ar ríomhairí agat agus go mbeadh tú in ann córais nua a fhoghlaim go tapa.
I measc na ndualgas a bheidh ar an té a cheapfar, beidh:
- Cuidiú le conarthaí a dhréachtú
- Obair riaracháin
- Taighde
- Athbhreithniú a dhéanamh ar pháipéarachas imréitigh
Gheobhaidh an té a cheapfar taithí chuimsitheach ar bheith ag obair sa réimse dlí.
Seol CV, mar aon le d’iarratas chuig cv@tg4.ie.
An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: 4pm Déardaoin an 12 Feabhra 2026
Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4. I gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann a bheidh an post seo lonnaithe.
Eolas Breise don Iarratasóir
Grád an Phoist: Grád Intéirneachta
Uaireanta Oibre:
2 lá / 16 uair sa tseachtain.
Dé Céadaoin 9am – 5pm
Déardaoin 9am-5pm
Laethanta Saoire:
Beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana pro-rata bunaithe ar obair 2 lá sa tseachtain.
Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.
Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:
- Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
- Saoire Staidéir agus Scrúduithe
- Táillí Ballraíochta Gairmiúla
- Pinsean Ranníocach
- An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
- An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre
Inteirn Maor Craolacháin
Scéim Intéirneachta le TG4 do Chéimithe nó do Thosaitheoirí: Intéirneacht do Mhaor Craolacháin
Conradh Bliana
Tá sé i gceist ag TG4 Tréimhse Intéirneachta mar Mhaor Craolacháin, a bheidh lonnaithe sa Cheannáras i nGaeltacht na Gaillimhe, a thairiscint ar chonradh bliana. Beidh an duine a roghnófar freagrach don Bhainisteoir Oibríochtaí.
Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
Is deis é seo do dhuine atá ag tosú amach san earnáil físe agus atá ag iarraidh taithí phraiticiúil a fháil chun cur leis an oiliúint atá faighte acu go dtí seo. Íocfar tuarastal le linn na bliana taithí oibre seo agus beidh deiseanna oiliúna eile ar fáil le linn na bliana. Gheobhaidh an duine a cheapfar taithí chuimsitheach ag obair sa réimse mar Mhaor Craolacháin.
Beidh deis ag an duine a roghnófar taithí a fháil ar na gnéithe éagsúla seo thíos:
Oiliúint a fháil sna bogearraí agus sa trealamh atá in úsáid agus iad a oibriú go gairmiúil mar aon le tuiscint a bheith aige nó aici ar a bhíonn le déanamh i gcásanna éigeandála.
Sceideal TG4 a chur go haer
Monatóireacht a dhéanamh ar Aschur TG4 ar fud na n-ardán
Maoirseacht a dhéanamh ar Thograí Aschuir (mar shampla Ardáin Virgin Media / Cartlann)
A dheimhniú go bhfuil an t-ábhar á chraoladh ar ardchaighdeán
Ábhar d’Aschur TG4 a ullmhú agus a sheiceáil (Spotseiceáil / Mionbhlaisíní a roghnú)
Maoirseacht a dhéanamh ar Aschur TG4 – (i gcás go n-imíonn muid den aer)
A dheimhniú go bhfuil Aschur TG4, mar atá geallta againn, ar fáil don Lucht Féachana
Tuairisciú a dhéanamh ar fhadhbanna de réir na dtreoracha reatha
Na tuairiscí laethúla a líonadh gach lá de réir na dtreoracha reatha
Smacht a choinneáil ar chláracha agus ar phacáistí a thagann isteach ag TG4 agus a imíonn amach as TG4 trí KU / LiveU agus sruthanna Beo thar IP a úsáid.
Riachtanais an phoist seo:
Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.
Tá an ról seo dírithe ar dhaoine atá ag tabhairt faoi chéim sa chumarsáid faoi láthair nó a bhfuil céim / taithí theicniúil bliana ar a laghad acu.
Éireoidh leat sa ról seo más duine tú atá ábalta oibriú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil. Beifear ag súil go mbeidh tú dírithe ar an obair, go mbeidh ardscileanna cumarsáide agat, go mbeidh súil ghrinn ar mhionsonraí agus cumas maith eagrúcháin agat, go mbeidh tú ábalta oibriú mar chuid d’fhoireann agus go mbeidh taithí chruthaithe agat i ról den chineál céanna.
Beidh eolas maith agat ar ríomhairí, ar na hardáin meán sóisialta agus beidh an cumas ionat córais nua a fhoghlaim go tapa. Cuirfear oiliúint ar fáil ar chórais TG4.
An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: 4pm Déardaoin an 12 Feabhra 2026 Seol CV, mar aon le d’iarratas chuig cv@tg4.ie.
I gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann a bheidh an post seo lonnaithe.
Eolas Breise don Iarratasóir
Grád an Phoist: Grád Intéirneachta
Uaireanta Oibre:
78 uair sa gcoicís. Is post ar shealoibre é seo. Is iad seo na laethanta oibre:
Seachtain 1: Dé Luain, Dé Máirt, Dé hAoine, Dé Sathairn, Dé Domhnaigh
Seachtain 2: Dé Céadaoin, Déardaoin
Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.
Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:
- Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
- Saoire Staidéir agus Scrúduithe
- Táillí Ballraíochta Gairmiúla
- Pinsean Ranníocach
- An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
- An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre
Maor Craolacháin
Conradh Cuspóra Sheasta
Tá TG4, an tseirbhís náisiúnta teilifíse Gaeilge, lonnaithe i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. Tá sé i gceist ag TG4 Maor Craolacháin, a bheidh lonnaithe sa Cheannáras i nGaeltacht na Gaillimhe, a earcú. Is chun clúdach a sholáthar d’fhostaí laistigh den eagraíocht atá ar shocrúchán oibre sealadach eile é an conradh seo. Beidh an duine a roghnófar freagrach don Bhainisteoir Oibríochtaí.
Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
Beidh an té a cheapfar freagrach as:
- Sceideal TG4 a chur go haer
- Monatóireacht a dhéanamh ar Aschur TG4 ar fud na n-ardán
- Maoirseacht a dhéanamh ar Thograí Aschuir (mar shampla Ardáin Virgin / Cartlann)
- A dheimhniú go bhfuil an t-ábhar á chraoladh ar ardchaighdeán
- Ábhar d’Aschur TG4 a ullmhú agus a sheiceáil (Spotseiceáil / Mionbhlaisíní a roghnú)
- Maoirseacht a dhéanamh ar Aschur TG4 – (i gcás go n-imíonn muid den aer)
- A dheimhniú go bhfuil Aschur TG4, mar atá geallta againn, ar fáil don Lucht Féachana
- Tuairisciú a dhéanamh ar fhadhbanna de réir na dtreoracha reatha
- Na tuairiscí laethúla a líonadh gach lá de réir na dtreoracha reatha
- Smacht a choinneáil ar chláracha agus ar phacáistí a thagann isteach ag TG4 agus a imíonn amach as TG4 trí KU / LiveU agus sruthanna Beo thar IP a úsáid.
Riachtanais an phoist seo:
- Ní mór céim sa chumarsáid nó taithí theicniúil ar a laghad a bheith ag an iarrthóir.
- Éireoidh leat sa ról seo más duine tú atá ábalta oibriú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil. Beifear ag súil go mbeidh tú dírithe ar an obair, go mbeidh ardscileanna cumarsáide agat, go mbeidh súil ghrinn ar mhionsonraí agus cumas maith eagrúcháin agat, go mbeidh tú ábalta oibriú mar chuid d’fhoireann agus go mbeidh taithí chruthaithe agat i ról den chineál céanna.
- Beidh eolas maith agat ar ríomhairí, ar na hardáin meán sóisialta agus beidh an cumas ionat córais nua a fhoghlaim go tapa. Cuirfear oiliúint ar fáil ar chórais TG4.
- Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach Gaeilge líofa a bheith ag an té a cheapfar, idir scríobh agus labhairt na teanga.
4pm Déardaoin an 12 Feabhra 2026 an spriocdháta d’iarratais.
Seol do CV mar aon le litir iarratais chuig cv@tg4.ie.
Eolas Breise don Iarratasóir
Grád an Phoist: Grád 5
Uaireanta Oibre:
78 uair sa gcoicís. Is post ar shealoibre é seo. Is iad seo na laethanta oibre:
Seachtain 1: Dé Luain, Dé Máirt, Dé hAoine, Dé Sathairn, Dé Domhnaigh
Seachtain 2: Dé Céadaoin, Déardaoin
Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.
Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:
- Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
- Saoire Staidéir agus Scrúduithe
- Táillí Ballraíochta Gairmiúla
- Pinsean Ranníocach
- An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
- An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre
Oifigeach Rialachais Chorparáidigh
Conradh Cuspóra Sheasta – Clúdach Saoire Máithreachais
EUR 57,464 – EUR 76,468
Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ar an bpost, Oifigeach Rialachais Chorparáidigh.
Is mian le TG4 Oifigeach Rialachais Chorparáidigh a earcú a bheidh lonnaithe sa Cheannáras i mBaile na hAbhann i nGaeltacht na Gaillimhe. Is chun fostaí eile san eagraíocht, a bheidh amuigh ar shaoire mháithreachais, a chlúdach an post seo. Ag freagairt don Stiúrthóir Airgeadais agus Riaracháin go dtí go gceapfar Stiúrthóir Gnóthaí Corparáideacha agus Seirbhísí Poiblí amach anseo, beidh an tOifigeach Rialachais Chorparáidigh freagrach as seirbhísí rialachais éagsúla a chur ar fáil do TG4.
Fostóir comhionannais deiseanna é TG4 agus déantar iarratais cháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil. Tá meon dearfach ag TG4 i ndáil le hÉagsúlacht. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu.
An Ról
Sa ról seo, beidh tú freagrach as seirbhísí rialachais éagsúla a chur ar fáil do TG4, agus beidh tú freagrach as a chinntiú go gcomhlíontar ceanglais rialachais agus polasaithe inmheánacha gaolmhara na cuideachta. Cuirfidh an ról seo an Fheidhm Rialachais ar fáil chun tacú leis an mBainistíocht, leis an mBord agus leis na Coistí, chun tuairisciú inmheánach a éascú, agus chun comhairle leanúnach rialachais a chur ar fáil do TG4. Déanfaidh tú próisis nua maidir le dea-chleachtais rialachais chorparáidigh a sholáthar do TG4 a chruthú, a chur i bhfeidhm agus a mheas.
I measc phríomhfhreagrachtaí an róil seo, ach gan a bheith teoranta dóibh, tá;
- An Clár Riosca a bhainistiú
- Cáipéisí a chomhordú don Ráiteas Bliantúil ar Ghealltanais Feidhmíochta TG4 mar aon le hAthbhreithniú Bliantúil a dhéanamh orthu
- Freastal ar chruinnithe leis an Roinn ó thaobh aon cheisteanna a bhaineann le rialachas corparáideach
- Monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an Chóid Cleachtais do Chomhlachtaí Stáit (agus aon Chóid ábhartha eile) agus socrú a dhéanamh na ráitis bhliantúla ar chomhlíonadh a thabhairt chun críche
- Tacú leis an bhfoireann Ardbhainistíochta agus leis an mBord cúrsaí comhlíontachta a chinntiú i ndáil le haon cheanglais chomhlíontachta rialachais (e.g. tuairisceáin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí etc.)
- Cabhrú le Rúnaí na Cuideachta a chinntiú go gcloítear le riachtanais rúnaíochta na cuideachta
- Cabhrú le cruinnithe Boird agus Coiste laistigh den fhoireann a chomhordú, a sceidealú agus freastal orthu, lena n-áirítear cláir oibre agus miontuairiscí a dhréachtú.
- A chinntiú go bhfuil Cód Iompair an Bhoird cothrom le dáta.
- Meamraim, tograí agus doiciméid a ullmhú lena n-athbhreithniú agus lena mbreithniú ag an mBord/Coiste
- Taifid chorparáideacha agus doiciméid chorparáideacha a bhainistiú agus a choinneáil
- Tuairisciú tréimhsiúil don ardbhainistíocht a chomhordú agus a athbhreithniú
- Comhairle a thabhairt maidir le cúrsaí rialachais chorparáidigh agus dea-chleachtas, agus comhairle a thabhairt chomh maith maidir le nuashonruithe ar aon athruithe ar rialacháin agus ar reachtaíocht
- Oiliúint agus forbairt leanúnach a chur ar fáil do bhainistíocht agus do bhaill foirne TG4 maidir le rialachas corparáideach
- Cúnamh a thabhairt don iniúchóir leis an iniúchadh bliantúil.
- Tionscadail ad hoc de réir mar a thiocfaidh siad chun cinn agus nuair a thiocfaidh siad chun cinn
- Aon fhreagrachtaí réasúnta eile a mheasann an Stiúrthóir bunaithe ar riachtanais an ghnó nó riachtanais na rannóige
A bhfuil riachtanach don phost seo:
- Cáilíocht Cuntasaíochta Cairte (ACA, ACCA), Dlí, Rialachais, nó a gcomhionann
- Taithí roimhe seo ar phróisis rialachais agus bainistithe riosca/comhlíontachta a chur i bhfeidhm agus a mhaoirsiú.
- Bheadh eolas maith ar chaighdeáin agus nósanna imeachta rialachais na hearnála poiblí inmhianaithe.
- Ábalta cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le páirtithe leasmhara ar gach leibhéal, go hinmheánach agus go seachtrach araon, agus caidreamh a choinneáil leo agus cruthúnas air sin.
- Duine treallúsach atá ábalta féinbhainistiú a dhéanamh, a oibríonn laistigh de spriocdhátaí dochta agus a oibríonn thar barr faoi bhrú i dtimpeallacht ghnóthach
- Beidh taithí mhaith agat ar bhogearraí ríomhaireachta (ardtuiscint ar Excel, MS Office) agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa
- Airdeallach ar mhionsonraí agus ábalta a léiriú go bhfuil próisis chinnteoireachta loighciúla agat.
- Scileanna láidre pleanála agus eagrúcháin.
Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.
Sa gCeannáras i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe atá an post seo lonnaithe. Tá polasaí solúbtha oibre i bhfeidhm i TG4.
4pm Déardaoin an 12 Feabhra 2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Seol CV mar aon le litir iarratais ina leagtar amach an fhís a bheadh agat chuig: cv@tg4.ie
Eolas Breise don Iarratasóir
Grád an Phoist:
Grád 4
Uaireanta Oibre:
39 uair sa tseachtain. Mar gheall ar riachtanais an phoist, táthar ag súil go mbeifí solúbtha ó am go ham, lena n-áirítear a bheith sásta oibriú, nuair atá gá leis, lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc.
Laethanta Saoire:
Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.
Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.
Taisteal:
Beidh taisteal in Éirinn i gceist ó am go ham mar chuid den ról.