Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Folúntais

 

Maor Craolacháin

Conradh Buan

Tá TG4, an tseirbhís náisiúnta teilifíse Gaeilge, lonnaithe i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. Tá sé i gceist ag TG4 post, Maor Craolacháin, a bheidh lonnaithe sa Cheannáras i nGaeltacht na Gaillimhe, a earcú ar chonradh buan. Beidh an duine a roghnófar freagrach don Bhainisteoir Oibríochtaí.

Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
 
Beidh an té a cheapfar freagrach as:

  • Oiliúint a fháil sna bogearraí agus sa trealamh atá in úsáid agus iad a oibriú go gairmiúil mar aon le tuiscint a bheith aige nó aici ar a bhíonn le déanamh i gcásanna éigeandála.
  • Sceideal TG4 a chur go haer
  • Monatóireacht a dhéanamh ar Aschur TG4 ar fud na n-ardán
  • Maoirseacht a dhéanamh ar Thograí Aschuir (mar shampla Ardáin Virgin / Cartlann)
  • A dheimhniú go bhfuil an t-ábhar á chraoladh ar ardchaighdeán
  • Ábhar d’Aschur TG4 a ullmhú agus a sheiceáil (Spotseiceáil / Mionbhlaisíní a roghnú)
  • Maoirseacht a dhéanamh ar Aschur TG4 – (i gcás go n-imíonn muid den aer)
  • A dheimhniú go bhfuil Aschur TG4, mar atá geallta againn, ar fáil don Lucht Féachana
  • Tuairisciú a dhéanamh ar fhadhbanna de réir na dtreoracha reatha
  • Na tuairiscí laethúla a líonadh gach lá de réir na dtreoracha reatha
  • Smacht a choinneáil ar chláracha agus ar phacáistí a thagann isteach ag TG4 agus a imíonn amach as TG4 trí KU / LiveU agus sruthanna Beo thar IP a úsáid.

 
Riachtanais an phoist seo:

  • Ní mór céim sa chumarsáid nó taithí theicniúil bliana ar a laghad a bheith ag an iarrthóir.
  • Éireoidh leat sa ról seo más duine tú atá ábalta oibriú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil. Beifear ag súil go mbeidh tú dírithe ar an obair, go mbeidh ardscileanna cumarsáide agat, go mbeidh súil ghrinn ar mhionsonraí agus cumas maith eagrúcháin agat, go mbeidh tú ábalta oibriú mar chuid d’fhoireann agus go mbeidh taithí chruthaithe agat i ról den chineál céanna.
  • Beidh eolas maith agat ar ríomhairí, ar na hardáin meán sóisialta agus beidh an cumas ionat córais nua a fhoghlaim go tapa. Cuirfear oiliúint ar fáil ar chórais TG4.
  • Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach Gaeilge líofa a bheith ag an té a cheapfar, idir scríobh agus labhairt na teanga.

 
4pm Déardaoin an 15 Bealtaine 2025 an spriocdháta d’iarratais.

Seol do CV mar aon le litir iarratais chuig cv@tg4.ie.

 
 


Eagarthóir Blaisíní TG4

Conradh Cuspóra Sheasta

Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ar an bpost, Eagarthóir Blaisíní TG4.

Is mian le TG4 Eagarthóir Blaisíní a earcú a bheidh lonnaithe sa Cheannáras i mBaile na hAbhann i nGaeltacht na Gaillimhe. Freagróidh an tEagarthóir Blaisíní do Bhainisteoir Moil Cruthaithe, agus beidh an té sin freagrach as ábhar físiúil cruthaitheach a chruthú, ábhar atá dírithe ar lucht féachana ar leith ar fud ardáin TG4.

Fostóir comhionannais deiseanna é TG4 agus déantar iarratais cháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil. Tá meon dearfach ag TG4 i ndáil le hÉagsúlacht. Fáiltíonn muid roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu.
 
An Ról;
Sa ról seo beidh an té a cheapfar freagrach as lucht féachana a mhealladh chuig ábhar ar fud ardáin TG4, branda TG4 a chur chun cinn trí ábhar atá cruthaitheach agus ar ardchaighdeán a chruthú chomh maith leis na nithe seo a leanas:

  • Ábhar gearrfhoirme a chruthú atá ar ardchaighdeán idir bhlaisíní, sheóríleanna, fhíseáin chorparáideacha agus ábhar digiteach trasardán do TG4.
  • Ábhar insoláthartha ar ardchaighdeán a sheachadadh.
  • Eagarthóireacht físe agus eolas a bheith agat ar threochtaí físiúla sa mhargaíocht agus sna meáin dhigiteacha.
  • Moltaí/Smaointe cruthaitheacha a thabhairt agus a ghlacadh a chuireann le branda TG4.
  • Tograí a bhainistiú, a eagrú agus a chartlannú.
  • Ábhar a sheachadadh a bheidh feiliúnach le craoladh ar an aer, go réamhlíneach, mar ábhar digiteach agus fógraíochta go hinmheánach agus le comhlachtaí seachtracha.

 
Nithe atá riachtanach don phost seo:
A bheith tiomanta d’Fhís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm.

Tuiscint, taithí agus saineolas ar na réimsí eagarthóireachta is déanaí. Eolas ar bhogearraí agus nósmhaireachtaí eagarthóireachta reatha agus nuálacha: Adobe Premiere Pro, Adobe After Effects.

Taithí ar ábhar a stiúradh.

Ardscileanna i scríobh na Gaeilge agus an Bhéarla chomh maith le bheith ábalta cóipscríbhneoireacht a dhéanamh.

A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach as do stuaim féin agus go héifeachtach i dtimpeallacht spreagúil.

Fócas dearfach, cumas maith foirne agus taithí ar ábhar físiúil a chruthú.

A bheith ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh agus a chinntiú go mbeidh ábhar, a bheidh ar ardchaighdeán, réidh agus ar fáil in am.

Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.

Tá Polasaí oibre solúbtha i bhfeidhm i TG4.
 
Is é 4pm Déardaoin 15ú Bealtaine 2025 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Seol CV mar aon le litir iarratais ina leagtar amach an fhís a bheadh agat chomh maith le aon samplaí oibre chuig: cv@tg4.ie

 
 


Ceannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha

Conradh Buan Lánaimseartha

Is craoltóir náisiúnta teilifíse Gaeilge é TG4 atá lonnaithe i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. Is craoltóir-foilsitheoir seirbhíse poiblí é TG4 a fhaigheann formhór a ábhair ó earnáil na léiritheoirí neamhspleácha, ábhar a bhfuil duaiseanna agus gradaim go leor buaite aige. Tá ábhar TG4 ar fáil ar gach ardán teilifíse ar fud na hÉireann, ar fud an domhain ar an idirlíon agus ar ardáin dhigiteacha. Faoi láthair tá TG4 ag earcú Ceannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha a bheidh lonnaithe sa Cheannáras i mBaile na hAbhann.

Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach Gaeilge den scoth a bheith ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga. Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.

Ag freagairt don Ard-Stiúrthóir, beidh an Ceannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha i gceannas ar an bhfeidhm iriseoireachta i TG4 a fhorbairt, a phleanáil, a stiúradh agus a chomhordú.
 
Beidh an té a cheapfar freagrach as an obair seo a leanas maille le cúraimí eile:

  • Straitéis iomlán Nuachta agus Cúrsaí Reatha TG4 a chur i gcrích agus a threorú i gcomhthéacs straitéis TG4.
  • Cultúr Nuachta agus Cúrsaí Reatha TG4 a thabhairt chun cinn a bheidh bunaithe ar chroíluachanna TG4 – Gaeilge, Cruthaitheacht agus Nuálaíocht, Comhoibriú agus Obair Foirne, Solúbthacht, Ionracas agus Freagracht agus Seirbhís ar ardchaighdeán a chur ar fáil don lucht féachana.
  • An caidreamh agus an comhaontú le RTÉ a bhainistiú agus a fhorbairt maidir leis an soláthar nuachta agus cúrsaí reatha a chuireann RTÉ ar fáil faoi Acht Craolacháin 2009.
  • Fís eagarthóireachta Nuacht TG4 a chur i gcrích sa réimse dhigiteach ilardáin
  • Feidhmiú mar Eagarthóir Coimisiúnaithe ar shraitheanna nuachta agus cúrsaí reatha ón earnáil neamhspleách léiriúcháin
  • Aon bhall foirne a bheidh fostaithe ag TG4 mar chuid den straitéis nuachta agus cúrsaí reatha a bhainistiú.
  • Caidrimh a bhunú agus deiseanna comhoibrithe a lorg le comhpháirtithe iriseoireachta in Éirinn agus thar lear.
  • Plean oiliúna a fhorbairt don iriseoireacht ilardáin
  • Branda Nuacht TG4 a láidriú agus a chur i mbéal an phobail.
  • Deimhniú go bhfuil dea-chumarsáid i bhfeidhm agus eolas á roinnt taobh istigh de d’fhoireann féin agus i measc do chomhbhainisteoirí agus do chomhghleacaithe.

 
Nithe atá riachtanach don phost seo. Ní foláir duit:

  • Cur chuige straitéiseach a bheith agat i do chuid smaointeoireachta.
  • Céim san iriseoireacht, sa chumarsáid, nó a gcomhionann a bheith agat.
  • Taithí shuntasach eagarthóireachta a bheith agat maidir le nuacht nó cúrsaí reatha ar an teilifís nó ar mheán cumarsáide eile.
  • Taithí chruthaithe a bheith agat ag plé le hiriseoirí ar leibhéal sinsearach.
  • Taithí chruthaithe a bheith agat ar bheith ag bainistiú foirne, ag déanamh idirbheartaíochta agus ag plé le páirtithe leasmhara agus le comhpháirtithe ar leibhéal sinsearach.
  • Sárthuiscint agus taithí an-mhaith a bheith agat ar ardáin dhigiteacha.

 
Éireoidh leat sa ról seo más duine tú atá ábalta oibriú go muiníneach, go solúbtha agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil.
 
Seol litir iarratais chomh maith le cáipéis (1-2 leathanach) ina léirítear an uaillmhian atá agat do sheirbhísí nuachta TG4 agus don ról mar Cheannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha TG4 chuig cv@tg4.ie nó chuig Oifig an Ard-Stiúrthóra, TG4, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe, H91 X4T0, roimh 4pm Dé hAoine an 30 Bealtaine 2025.
 
 

Eolas Breise don Iarratasóir

Grád an Phoist: Grád 2

Uaireanta Oibre:
39 uair sa tseachtain. Mar gheall ar riachtanais an phoist, táthar ag súil le solúbthacht ó am go ham, lena n-áirítear obair lasmuigh d’uaireanta oifige, roinnt deireadh seachtaine agus laethanta saoire bainc.

Laethanta Saoire:
Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.

Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.

Taisteal: Beidh taisteal i gceist ó am go ham mar chuid den ról, in Éirinn agus thar lear.

Buntáistí Eile le bheith ag obair le TG4:

  • Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
  • Saoire Staidéir agus Scrúduithe
  • Táillí Ballraíochta Gairmiúla
  • Pinsean Ranníocach
  • Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
  • Scéim na Rothar chun Oibre