SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
AN AIMSIR CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM ANAMNOCHT DRÁMAÍ ÓNA S.A. FÉILTE 2010 GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 PEIL NA mBAN RÁSAÍ NA GAILLIMHE SRAITH MAGNERS
CLÚDCAH TG4 TORTHAÍ NA BUAITEOIRÍ COMÓRTAS DO THUAIRIM TEAGMHÁIL
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS SCEIDEAL AN FHÓMHAIR SCRÍBHNEOIRÍ TAIRISCINTÍ
 

SCEIDEAL - DÉARDAOIN, 02.09.2010

 
DÉ DOMHNAIGH  •  DÉ LUAIN  •  DÉ MÁIRT  •  DÉ CÉADAOIN  •  DÉARDAOIN  •  DÉ hAOINE  •  DÉ SATHAIRN
06:00   France 24
Cainéal nuachta 24 uair a chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras.
07:30   Cúla 4 na nÓg
Tuilleadh spóirt agus spraoi agus neart cartún nua freisin.
07:31   Tar ag Spraoi Sesame
08:00   Dora (TS)
08:25   Wonderpets
08:50   Olivia
09:00   Mr. Men
09:10   Loopdidoo
09:20   Manon
09:25   Franny’s Feet
09:50   Loopdidoo
10:00   The Golden Girls
Bíonn éad ar Blanche nuair a thagann a deirfiúr Virginia. Tugann Blanche le fios nár tharraing siad le chéile riamh. Níl a fhios ag Blanche céard a dhéanfaidh sí nuair a insíonn Virginia di go bhfaighidh sí bás mura bhfaighidh sí duán uaithi.
10:30   Siar sna 60idí - 1963 (OS)
1963: Ar an gclár seo beidh: Na Beatles i mBaile Átha Cliath, cuairt Uachtarán na Stát Aontaithe John Fitzgerald Kennedy ar Éirinn, cuairteoirí ar Bhaile an Bhuinneánaigh, agus Fleadh Cheoil na bliana sa Mhuileann gCearr.
11:00   Step It Up & Dance
Sa chlár seo caithfidh na hiomaitheoirí damhsa de chuid an cheoltóra cháiliúil Rhianna a fhoghlaim. Tabharfaidh an damhsóir Tina Landon cúnamh dóibh. Tá clú agus cáil ar Tina Landon mar go mbíodh sí ag obair le Janet Jackson, Ricky Martin, Britney Spears, Tina Turner, Shakira agus Rhianna. Scaoilfear duine éigin chun bóthair arís an tseachtain seo.
11:55   Comhrá: Helen Ó Murchú (OS)
Is í Helen Ó Murchú a bheidh i gcuideachta Mháirtín Tom Sheáinín ar chlár an lae inniu. Is as Luimneach ó dhúchas í ach tá sí anois ina cónaí i mBaile Átha Cliath. Cuireann sí síos ar an gcaoi ar fhoghlaim sí Gaeilge nuair a bhí sí óg. Insíonn sí dúinn freisin faoina slí bheatha agus faoin leabhar a scríobh sí dár teideal, ‘More Facts About Irish’.
12:25   Blaisíní Beatha (OS)
Sraith de chláir cócaireachta le haíonna cáiliúla ag plé an bhia is fearr leo agus an tslí a mbaineann siad amach cothromaíocht idir an saol gairmiúil agus cursaí bia. Tá Aoileann Garavaglia ar ais sa chistin. Réiteoidh Aoileann béile breá Indiach i dteannta Rossa Ó Snodaigh agus Chlíona Ní Chiosaín.
12:55   An Aimsir Láithreach
Aimsir Réigiúnach agus Náisiúnta.
13:00   Alias Smith & Jones
Eachtraí bheirt bhuachaillí bó Hannibal Heyes agus Kid Curry. Faigheann na hIndiaigh greim ar Heyes agus ar Curry nuair a bhíonn siad ag iompar óir do bhaintreach ó áit amháin go háit eile.
14:00   Ros na Rún: Rogha Órga 1996 (OS)
Seo do sheans, an chéad tsraith riamh de Ros na Rún a fheiceáil a craoladh i 1996.
14:35   Cúla 4
Táimid ar ais! Beidh na cartúin is fearr libh le feiceáil ar Cúla 4.
14:36   Fosters Home for Imaginary Friends
15:00   Cramp Twins
15:10   Clang Invasion
15:20   Shaggy and Scooby Doo Get a Clue
15:40   Eliot Kid
15:55   Garfield
16:05   Back at the Barnyard
16:30   Spongebob Squarepants
16:55   An Aimsir Láithreach
Aimsir Réigiúnach agus Náisiúnta.
17:00   Ponc
Bígí i dteannta Mháire Treasa agus Cholmáin don dara séasúr de PONC agus scoth na gclár do dhaoine óga á gcur i láthair acu. Beidh neart comórtas, léirmheasanna, agallamh le réaltaí mór le rá ar PONC.
17:01   Life with Derek
Bíonn pleananna sofaisticiúla ag Casey dá lá breithe sé bliana déag ach athraíonn Derek na pleananna le go bhfeilfidh siad é féin.
17:25   Aifric (OS)
Sophie Mo Namhaid Nuair a scaoileann Aifric rún pearsanta Sophie le linn díospóireachta scoile, titeann an bheirt acu amach le chéile. Bíonn Aifric croíbhriste go dtí go bhfaigheann sí cara nua - Claudia!
18:00   What I Like About You
Bíonn Holly agus Val ag troid faoi bhéirín bréige a raibh siad an-tógtha leis agus iad óg. Nuair a éiríonn an troid ró-dháiríre, déanann siad cinneadh an béirín a thabhairt do chailín beag san fhoirgneamh. Ach faigheann siad amach go bhfuil an cailín seo ag milleadh a mbéirín álainn agus tagann Holly agus Val le chéile chun é a fháil ar ais arís.
18:25   Groms Ride the Rockies
Tar éis lá a chaitheamh ar na fánaí i Winter Park, téann an grúpa chomh fada le Páirc Náisiúnta Keystone, áit a mbíonn drochthimpiste ag Laura.
18:57   An Aimsir Láithreach
Aimsir Réigiúnach agus Náisiúnta.
19:00   Nuacht TG4
Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.
19:25   An Aimsir Láithreach
Aimsir Réigiúnach agus Náisiúnta.
19:30   Mí na Meala (OS)
Níor cheap Colm Mac Séalaigh go gcasfaí a bhean chéile air ag Oireachtas 1974. Cúig bliana ina dhiaidh sin phós sé féin agus Nóirín agus thug siad aghaidh ar oileán Ibiza do mhí na meala. Anois, beagnach 30 bliain ina dhiaidh sin filleann siad ar an oileán.
20:00   Aoire agus a Mhadra (OS)
. Seo é an dara lá de na hilchluichí trialacha madraí caorach i Lowther Park, i gceantar álainn an Lake District i Sasana. Is é an tÉireannach James McGee atá chun cinn faoi láthair, ach d'fhéadfadh athrú a theacht ar an scéal sin inniu.
20:30   Féilte 2010
Beidh Féilte ar Leithinis Chuaille i gCo. an Lú an tseachtain seo is iad ar cuairt ar Chairlinn, ceann de na bailte meanaoise is fearr atá caomhnaithe in Éirinn. Caithfimid súil ar an ngeilleagar áitiúil, turasóireacht ach go háirithe. Cuirfimid aithne ar mhuintir an bhaile agus tabharfaimid cuairt ar Ionad Oidhreachta Chairlinn agus ar an gclub seoltóireachta. Beidh ceol againn ó Zoe Conway agus a fear céile John McIntyre. Beidh oisrí Chairlinn á n-ullmhú dúinn i mbeár agus i mbialann Fitzpatrick ar an leithinis.
21:00   An Aimsir Láithreach
Aimsir Réigiúnach agus Náisiúnta.
21:01   Two and a Half Men (TS)
Greadaíonn Charlie leis go Vegas agus filleann sé is é pósta, ach ní le Chelsea!
21:30   Laochra Gael – Na Comhlintí (OS)
Caitheann an chéad chlár seo súil siar ar an gcoimhlint idir Uíbh Fhailí v Ciarraí i dtús na 80idí. Ré órga do Chiarraí, ach an cúig-as-a-chéile ceilte go drámatúil ag Uíbh Fhailí orthu. Cuirtear Jack O’Shea, Mick O’Dwyer, Páidí Ó Sé, Mikey Sheehy, Eugene McGee, Seamus Darby agus Pat Fitzgerald faoi agallamh.
22:00   The Wire (TS)
Deireadh na sraithe. Caithfidh Carcetti dul i ngleic leis an scéal i bhfianaise an méid a bhí le rá ag Pearlman agus ag Daniels. Tá dhá rogha acu, an fód a sheasamh nó an scéal a cheilt. Níl McNulty ag déanamh mórán dul chun cinn sa chás, iarrann sé ar Landsman póilíní a bhaint de chás dídeánaigh chun cuidiú leis.
23:40   Brathadóirí (OS)
Críochchluiche: Sa chlár seo tugtar fianaise nua maidir le Stormontgate agus an ról a bhí ag Denis Donaldson i dtitim an rialtais.
00:15   An Aimsir Láithreach
Aimsir Réigiúnach agus Náisiúnta.
00:20   Aussie Rules
Buaicphointí an 22ú babhta de Shraith Peile na hAstráile ina measc Adelaide Crows v St Kilda, Hawthorn v Collingwood, Geelong Cats v West Coast Eagles, Richmond v Port Adelaide, Fremantle v Carlton, Melbourne v North Melbourne, Brisbane Lions v Sydney Swans agus Western Bulldogs v Essendon.
01:20   South Park (OS)
Fágtar Cartman i gceannas ar an rang nuair a bhíonn Iníon Garrison as láthair. Éiríonn chomh maith leis mar mhúinteoir go bhfaigheann sé cuireadh chuig scoileanna eile. Caithfidh go bhfuil rud éigin aisteach ag tarlú!
01:50   France 24
Cainéal nuachta 24 uair a chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras.
05:58   Deireadh Craolta / Closedown
(TS) English subtitles on teletext (OS) English subtitles on screen (GS) Irish subtitles on teletext
 

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER