Folúntais
- Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha agus Gnóthaí Poiblí
- Iriseoir Ilmheán Nuachta agus Cúrsaí Reatha – Comhfhreagraí Chonnacht
- Láithreoir CÚLA4
Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha agus Gnóthaí Poiblí
Conradh Buan
Ag freagairt don Ard-Stiúrthóir, beidh an Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha agus Gnóthaí Poiblí i bhfeighil gnóthaí corparáideacha lena n-áirítear ceannaireacht a thabhairt ar dhualgais rialachais chorparáidigh TG4, stiúradh a thabhairt ar acmhainní daonna maille le cúraimí gnóthaí poiblí na heagraíochta. Beidh an Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha agus Gnóthaí Poiblí ina bhall d’fhoireann ardbhainistíochta TG4. Post ar chonradh buan é seo.
Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag an té a cheapfar:
- Taithí mhór ar rialachas corparáideach, gnóthaí poiblí nó réimse inaistrithe eile.
- Cáilíocht mháistreachta sa ghnó, sa bhainistíocht, in acmhainní daonna, sa dlí nó i réimse eile a bhaineann go díreach leis an ról seo.
- Dea-theist láidir agus taithí mhór oibre ar fheidhmeanna Seirbhísí Corparáideacha agus Rialachais a threorú.
- Sárscileanna cumarsáide agus idirphearsanta agus a bheith ábalta dul i bhfeidhm ar dhaoine.
- Gaeilge den scoth, idir labhairt agus scríobh na teanga.
Ní foláir d’iarrthóirí an fhoirm iarratais ar líne a líonadh isteach agus CV cuimsitheach a sholáthar, chomh maith le litir ghearr chlúdaigh.
Tá breis eolais faoin bpróiseas iarratais ar fáil ag www.sigmarrecruitment.com/TG4.
Is féidir comhrá faoi dhiscréid a dhéanamh le Roger Duffy nó ag Caoimhe Dunne 01 4744 678 nó ar r-phost chuig TG4@sigmar.ie.
Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus is í an Ghaeilge an teanga oibre.
Iriseoir Ilmheán Nuachta agus Cúrsaí Reatha – Comhfhreagraí Chonnacht
Conradh 2 bhliain
Is craoltóir náisiúnta teilifíse Gaeilge é TG4 atá lonnaithe i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. Tá ábhar TG4 ar fáil ar gach ardán teilifíse ar fud na hÉireann, ar fud an domhain ar an idirlíon agus ar ardáin dhigiteacha. Is craoltóir-foilsitheoir seirbhíse poiblí é TG4 a fhaigheann formhór a ábhair ó earnáil na léiritheoirí neamhspleácha, ábhar a bhfuil duaiseanna agus gradaim go leor buaite aige. Tá TG4 ag féachaint le hIriseoirí Ilmheán a earcú faoi láthair do sheirbhís dhigiteach nuachta.
Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach Gaeilge den scoth a bheith ag iarrthóir, idir scríobh agus labhairt na teanga. Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
Ag tuairisciú don Cheannaire Nuachta & Cúrsaí Reatha, agus ag obair go laethúil le hEagarthóir Nuachta, beidh na hiarrthóirí a n-éiríonn leo freagrach as scéalta nuachta digiteacha a chur ar fáil agus a léiriú. Beidh obair ar seal agus obair ag an deireadh seachtaine i gceist leis an bpost seo.
I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, gan bheith teoranta dóibh, beidh;
- Scéalta nuachta a aimsiú agus a léiriú, idir scríobh, taifeadadh físe nó fuaime, ar ardchaighdeán d’ardáin dhigiteacha Nuacht agus Cúrsaí Reatha TG4.
- Scéalta nuachta a scríobh i nGaeilge agus a chur ar fáil don suíomh nuachta agus don Eagarthóir Nuachta.
- Moltaí a thabhairt agus a ghlacadh maidir le scéalta agus pleanáil chun cinn.
- Scéalta a chur i láthair ar cheamara nó mar ghearrthóga fuaime le béim ar an nuacht ghearrfhoirme do na meáin shóisialta.
- Cur chuige nuálaíoch a ghlacadh maidir leis na hardáin dhigiteacha agus na hardáin meán sóisialta agus suim a chur san iriseoireacht sa réimse seo.
- Aon dualgais bhailí eile a iarrann Bainisteoir, Stiúrthóir na Rannóige nó an tArd-Stiúrthóir ort a chomhlíonadh.
Tabhair faoi deara: Is treoir atá sa sainchuntas poist seo maidir le réimsí éagsúla freagrachta agus cuntasachta agus níor cheart breathnú air mar liosta cuimsitheach. D’fhéadfadh an sainchuntas poist a bheith faoi réir athbhreithnithe i bhfianaise struchtúir nua agus/nó athrú a bheith ag teacht ar riachtanais TG4.
Bíonn tionscal na teilifíse ag síorathrú. Glacann TG4 go fonnmhar leis na hathruithe seo agus athróidh an comhlacht agus dualgais na foirne dá réir.
Riachtanach don Phost:
- Cáilíocht 3ú leibhéal san iriseoireacht nó taithí dhá bhliain ar a laghad san iriseoireacht.
- Ábalta cóipscríbhneoireacht a dhéanamh agus scripteanna a scríobh d’fhíseáin ar líne
- Ábalta taighde a dhéanamh
- Eolas a bheith agat ar dhlí na meán in Éirinn agus ar chód nuachta Choimisiún na Meán.
- Eolas agus tuiscint a bheith agat ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge i gCúige Chonnacht, i gConamara ach go háirithe, agus ar na scéalta nuachta a spreagann iad.
- Suim sa scéalaíocht dhigiteach do chúrsaí nuachta.
- A bheith fiosrach agus suim a bheith agat i nuacht agus cúrsaí reatha Gaeltachta, Náisiúnta agus Idirnáisiúnta
- Cruinneas i scríobh agus labhairt na Gaeilge
- Scileanna scríbhneoireachta agus profála.
- Tuiscint ar SEO/Wordpress nó ar chórais foilsithe eile.
- Suim san fhorbairt ghairme agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa.
- Sásta freastal ar chúrsaí oiliúna de réir mar a éilíonn TG4.
- A bheith in ann glacadh le treoir agus comhoibriú le hiriseoirí agus foirne eile
- Is buntáiste é eolas a bheith agat ar fhoilsiú ar líne, ar léiriú físeán agus ar léiriú fuaime digití.
Éireoidh leat sa ról seo más duine tú atá ábalta oibriú go muiníneach, go solúbtha agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil agus faoi bhrú ama.
Iarrtar ar iarrthóirí CV, litir chlúdaigh agus físeán gearr fút féin agus roinnt samplaí de do chuid oibre do phost an Iriseora Ilmheán a sheoladh chuig cv@tg4.ie roimh 4pm Dé hAoine an 4 Meán Fómhair 2026.
Eolas Breise don Iarratasóir
Grád an Phoist: Grád 5
Uaireanta Oibre:
Is post ar seal 78 uair sa choicís a bheidh sa phost seo. Táthar ag súil, mar gheall ar riachtanais an phoist, go mbeifeá solúbtha ó am go ham, i.e. go mbeifeá sásta, scaití, oibriú lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc.
Laethanta Saoire:
Beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.
Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.
Taisteal: Beidh taisteal in Éirinn, agus thar lear ó am go chéile, i gceist mar chuid den ról seo.
Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:
- Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
- Saoire Staidéir agus Scrúduithe
- Táillí Ballraíochta Gairmiúla
- Pinsean Ranníocach
- An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
- An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre
Láithreoir CÚLA4
Conradh Trí Bliana
Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ar an bpost Láithreoir ar Chainéal Cúla4. Beidh ról lárnach ag an té a cheapfar ag cur sceideal Cúla4 i láthair an phobail féachana, ar an teilifís, ar líne agus ar na meáin shóisialta. Beidh an té a cheapfar lonnaithe i gCeannáras TG4 i nGaeltacht na Gaillimhe agus freagrach do Bhainisteoir Cúla4.
Tá duine cumasach a bhfuil teacht i láthair nádúrtha aige ag teastáil chun ábhar clár agus míreanna Leanúnachais Cúla4 a chur i láthair agus chun freastal ar ardáin shóisialta Cúla4.
Is fostóir comhionannais deiseanna é TG4 agus déantar iarratais incháilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil. Tá dearcadh dearfach ag TG4 i leith na hÉagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu.
Cúraimí
Beidh an té a cheapfar ag ina Ambasadóir Branda agus ina Láithreoir Leanúnachais do Chainéal Cúla4.
I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, gan bheith teoranta dóibh, beidh;
- Cur le branda Cúla4 trí ghlór agus aitheantas a thabhairt don chainéal, ar an aer, ar líne agus i measc an phobail.
- Ábhar agus Leanúnachas a chur i láthair do Chainéal Cúla4.
- Cumarsáid a dhéanamh leis an lucht féachana ar Ardáin Shóisialta Cúla4.
- Cumarsáid a dhéanamh leis an Lucht Féachana trí ghuthú, na Meáin Shóisialta & srl.
- An lucht féachana a threorú chuig ábhar Cúla4.
- Ionadaíocht a dhéanamh do TG4 ag ócáidí pobail agus poiblí.
- Aon fhreagrachtaí eile arna sannadh agus arna meas ag an mbainisteoir/stiúrthóir na rannóige bunaithe ar riachtanais an ghnó.
Tabhair ar aird: Is treoir atá sa sainchuntas poist seo maidir le réimsí éagsúla freagrachta agus cuntasachta agus níor cheart breathnú air mar liosta cuimsitheach. D’fhéadfadh an sainchuntas poist a bheith faoi réir athbhreithnithe i bhfianaise struchtúir nua agus/nó athrú a bheith ag teacht ar riachtanais TG4.
Bíonn tionscal na teilifíse ag síorathrú. Glacann TG4 go fonnmhar leis na hathruithe seo agus athróidh an comhlacht agus dualgais na foirne dá réir.
Nithe atá riachtanach don phost seo:
- Tá cumas láithreoireachta, urlabhra shoiléir agus ardchumas scríbhneoireachta agus cumarsáide riachtanach don phost seo.
- Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.
- Tuiscint agus taithí ar bheith ag obair le daoine óga
- Fócas dearfach agus cumas maith foirne
- Sárthuiscint ar an gcaoi a n-úsáidtear na meáin shóisialta agus na hardáin dhigiteacha chun lucht féachana a aimsiú.
- Taithí ar ábhar físe / fuaime a chruthú do na hardáin shóisialta
- Tuiscint ar an bpobal féachana atá ag Cúla4
- Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin agus ríomhaireachta (ard-tuiscint ar Excel, MS Office agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa).
- Taithí mhaith ar thaighde a dhéanamh
- Ábalta feidhmiú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil.
4pm Dé Luain an 7 Meán Fómhair 2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Seol do CV, litir iarratais mar aon le físeán samplach de do chumas láithreoireachta chuig cv@tg4.ie.
Sa gCeannáras i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe atá an post seo. Tá polasaí solúbtha oibre i bhfeidhm i TG4.
Eolas Breise don Iarratasóir
Grád an Phoist: Grád 5
Uaireanta Oibre: 39 uair sa tseachtain. Mar gheall ar riachtanais an phoist agus an earnáil teilifíse, táthar ag súil go mbeifeá solúbtha ó am go ham, lena n-áirítear a bheith sásta oibriú nuair is gá lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc.
Laethanta Saoire: Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.
Pinsean: Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.
Taisteal: Beidh taisteal in Éirinn agus thar lear i gceist ó am go chéile mar chuid den ról.
Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:
- Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
- Saoire Staidéir agus Scrúduithe
- Táillí Ballraíochta Gairmiúla
- Pinsean Ranníocach
- An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
- An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre